Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-nil-aird-ag-an-rialtas-ar-thionchar-na-hathruithe-aeraide-ar-chursai-teanga

Níl aird ag an Rialtas ar thionchar na hathruithe aeráide ar chúrsaí teanga

| An Gael Glas |

Tá am na cinniúna ag teannadh linn ó thaobh athrú aeráide de, agus an rialtas ag iarraidh struchtúr a fhorbairt chun an tír a dhíriú ar réiteach na faidhbe. Tá súil againn go léir nach bhfuil deireadh na paindéime i bhfad uainn anois, agus is léir go mbeidh dianobair leis an gomhshaol le déanamh nuair a athosclófar an tír arís. 

Bhí an Bille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (leasú) faoi bhráid Bhord an Rialtais ag deireadh mhí an Mhárta. Leasú ar an bpríomhbhille in 2015 a bhí i gceist agus threisigh sé go mór na moltaí a fuair an rialtas ag deireadh 2020 nuair a bhí an bille á fhorbairt acu. Bua ollmhór don Chomhaontas Glas a bhí ann, rud a chinntigh a rogha chun dul isteach sa chomhrialtas anuraidh. Gan dabht, rinne siad praiseach eile le himeachtaí inmheánacha an pháirtí an tseachtain ina dhiaidh, ach sin scéal eile.

Cuireann an Bille seo ó 2015 agus an Leasú is déanaí dualgas ar an rialtas plean gnímh a fhoilsiú agus a uasdátú gach bliain, straitéis fhadtéarmach a dhéanamh gach cúig bliana, buiséad carbóin cúig bliana a fhoilsiú le cabhair ón gComhairle Chomhairleach um Athrú Aeráide, laghdú 51% d’astaíochtaí a bheith bainte amach roimh 2030, agus go mbeidh an tír neodrach ó thaobh astaíochtaí roimh 2050.

Bunaíodh an Chomhairle Chomhairleach sin i ndiaidh an chéad Bhille agus cé nach bhfuil mórán cloiste uathu go dtí seo, beidh ról níos tábhachtaí acu amach anseo. Dé réir leagan amach na Comhairle, beidh siad dírithe go mór mhór ar chúrsaí eacnamaíochta agus tá an baol ann i gcónaí go gcuirfidh siad béim ar an airgead amháin agus go dtabharfaidh siad neamhaird ar chultúr agus ar chúrsaí teanga.

Tá spéis ar leith agam ar an nasc sin idir athrú aeráide agus an Ghaeilge. Tá sé ráite agam cheana go bhfuil an baol ann go dtabharfaidh athrú aeráide an buille marfach do go leor teangacha leochaileacha. Agus mar a dúirt an IPCC — chun teorainn a chur leis an téamh domhanda faoi 1.5°C, beidh athruithe tapa, cuimsitheacha ar scála nach bhfacthas riamh cheana ag teastáil i ngach aon pháirt den tsochaí. Fiú má bhainimid é sin amach, beidh tionchar ag an athrú aeráide ar gach cuid den saol. 

Ach tionchar ar an teanga, a deir tú? Cinnte, más cuid den tsochaí í, beidh tionchar aige uirthi. Ní dóigh liom go rabhamar ag súil go gcuirfeadh snáithe bheag RNA laistigh de clúdach lipide isteach ar shaol na Gaeilge chomh mór agus a rinne COVID! 

Caithfimid na gnéithe den saol atá luachmhar dúinn a aithint agus pleananna a dhéanamh anois chun iad a chosaint agus a chothú, mar níl dabht ar bith ann ach go gcuirfidh an t-athrú aeráide isteach orthu chomh maith le gach aon rud eile.

Leis sin, nuair a bhíos go breá díomhaoin le déanaí, thapaigh mé an deis féachaint ar ar na billí, na suíomhanna agus na cáipéisí seo a leanas chun fáil amach an bhfuil aon tagairt iontu go sonrach don Ghaeilge, don tionchar a bheidh ag an athrú aeráide uirthi, nó conas is féidir linn í a chosaint agus a threisiú. Agus tar éis tráthnóna thar a bheith taitneamhach ag léamh, bhí freagra soiléir faighte agam:

– Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030: Níl faic ann

– Plean Gníomhaíochta 2018 – 2022 (Roinn na Gaeltachta): Níl faic ann

– An Bille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015: Níl faic ann

– Plean Gnímh don Aeráid 2019: Níl faic ann

– An Bille um Ghníomhú ar son na hAeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021: Níl faic ann

– Suíomh An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide- Níl faic ann.

– Suíomh na Comhairle Comhairlí um Athrú Aeráide- Níl faic ann.

– Suíomh na Roinne Turasóireachta Cultúir Ealaíon Gaeltachta Spóirt agus Meán- Creid nó ná creid, níl faic ann

Rinne do thuairisceoir díograiseach iarracht teagmháil a dhéanamh leis an Roinn agus leis an Aire chomh maith chun roinnt ceisteanna a chur orthu maidir leis an ábhar. Táim fós ag fanacht ar fhreagraí. Tuigim nach gcruthaíonn easpa freagraí easpa gnímh, ach ní thugann sé aon mhisneach dom, caithfidh mé a rá. 

Cad is féidir linn a dhéanamh mar sin? Bhuel, tá an Plean Gnímh don Aeráid 2021 á fhorbairt ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoi láthair, agus comhairliúcháin ar siúl go dtí an 18 Bealtaine. Is féidir do chuid tuairimí a roinnt leo ar an suíomh Climate Conversation- Climate Action Plan 2021 – Department of the Environment, Climate and Communications – Citizen Space.

Go deimhin, níl an suíomh ar fáil ach i mBéarla amháin (rud a dhearbhaíonn meon an Rialtais b’fhéidir!), ach is dócha gur féidir leat úsáid a bhaint as an teanga cheolmhar, dhraíochtúil sin a d’fhoghlaíomar go léir ar scoil chun aighneacht a chur isteach nó ríomhphost a sheoladh chuig ClimateConversation@decc.gov.ie más mian leat d’aighneacht a scríobh i nGaeilge. 

Agus má tá tú ag obair le heagraíocht Ghaeilge, cuir aighneacht eile sainchomhairle isteach ar an nasc seo: Call for Expert Evidence – Climate Action Plan 2021 – Department of the Environment, Climate and Communications – Citizen Space. Is plean an-tábhachtach é seo — an chéad phlean tar éis fhoilsiú an Bhille i mí an Mhárta.

An t-aon rud atá cinnte faoi, áfach, mura ndéanfaimid rud éigin chun aird an Rialtais a tharraingt ar an teanga, agus í a cheangal le gníomhú na tíre i gcoinne na faidhbe ollmhóire seo, beidh deis caillte againn. Glac chugat do pheann cleite, cuir do ríomhaire ar siúl agus bí ag scríobh leo!

Níos mó