Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
10-rud-le-deanamh-i-gciarrai-don-te-a-bhfuil-seomra-i-gcill-airne-curtha-in-airithe-aige…

10 rud le déanamh i gCiarraí don té a bhfuil seomra i gCill Airne curtha in áirithe aige…

Níl seachtain imithe tharainn ó chuaigh tú sa seans agus chuir tú seomra teaghlaigh in áirithe duit féin agus do na leaids in Óstán Ghleann an Iolair i gCill Airne do dheireadh seachtaine an Oireachtais ach anois tá féile mhór na nGael curtha ar ceal arís eile agus tú fágtha ar an trá fholamh.

Briseadh croí a bhí ann do go leor Gael an scéala a tháinig ó lucht eagraithe na féile inné nach mbeifí ag dul ar aghaidh le himeachtaí an Oireachtais arís i mbliana mar gheall ar an víreas corónach. Níl le déanamh ach sracfhéachaint a thabhairt ar na meáin shóisialta leis an díomá agus brón a fheiceáil – daoine a bhí ag súil go mór le castáil ar a chéile arís ag cruinniú mór na gcainteoirí Gaeilge. 

Bhí na scórtha seomraí curtha in áirithe ag pobal na Gaeilge ó cheann ceann na tíre in óstáin, tithe lóistín agus brúnna óige Chill Airne cheana féin. Ar cheart na háirintí sin a chur ar ceal anois? Níor cheart, ar ndóigh! Níl aon fhógra oifigiúil déanta ag an rialtas faoin taisteal idirchontae ná faoin earnáil fáilteachais do mhí na Samhna agus tá seans maith go mbeidh cead bóthair againn fós aimsir an Oireachtais. 

Seo duit moltaí do rudaí is féidir leat féin agus na gal-achaí a dhéanamh agus sibh sa Ríocht don chéad deireadh seachtaine i mí na Samhna. 

Corrán Tuathail a dhreapadh 

Ba cheart do chuile dhuine iarracht amháin, ar a laghad, a dhéanamh an cnoc is airde sa tír a dhreapadh. Ní féidir brath ar an aimsir i mí na Samhna agus éiríonn na tráthnónta an-dorcha an-luath an tráth sin bliana ach má bhíonn an phleanáil i gceart agus na héadaí cearta ort, níl ní ar bith is áille ná an radharc ar Chiarraí glégheal an gheimhridh ó bharr Chorrán Tuathail. Ní bheidh póit Chlub na Féile ort maidin Shathairn ná Domhnaigh – tapaigh an deis an turas gairid siar ó dheas ó bhaile Chill Airne. 

Turas Rothair ar Mhór-Chuaird Chiarraí

Ní bheidh an t-am agat sa ngeimhreadh an Mhór-Chuaird ar fad a dhéanamh i rith an lae i mí na Samhna, ach má bhíonn iompróir rothar ar an gcarr agat is féidir an chuid is mó di a dhéanamh le solas na gréine i gcaitheamh dhá nó trí lá ach í a roinnt ina coda beaga. Ó dheas leat trí Pháirc Náisiúnta Chill Airne ar an rothar chomh fada le Cathair Dónaill ar an gcéad lá, cuir ar an rothar ar an gcairt agus soir abhaile go hÓstán na mBreithiúna leat an oíche sin. Siar arís sa mhótar ar maidin leis an gcuid eile den turas a dhéanamh. 

Tearmann Spéire Dorcha Chiarraí

Ní gá duit a bheith ag déanamh imní faoi sholas an lae don cheann seo! Dá laghad an solas is ea is fearr. Bronnadh stádas órga ar Thearmann Spéire Dorcha Chiarraí seacht mbliana ó shin agus táthar ag tarraingt ar an áit ó shin le breathnú ar na réaltaí agus na pláinéid áiteanna éagsúla timpeall Uíbh Ráthaigh. Beidh sé dorcha faoin seacht a chlog tráthnóna aimsir an Oireachtais agus beidh an deis agat dul go leithéidí Bhá Fhionáin, Thrá Bhaile an Sceilg nó Charrchlós Chom an Easpaig agus súil suas a chaitheamh ar an spéir dhorcha. Is féidir aipeanna ar nós Star Walk nó Stellarium a fháil a chabhróidh leat na réaltaí agus na réaltbhuíonta a aithint nó, le cúnamh Dé, beidh cead ag lucht Kerry Dark Skies grúpaí beaga a thabhairt amach ar thurais. Tabhair leat cóta, hata, agus fleasc tae! 

Snámh le ‘Snámh for the Soul’

Tá an grúpa snámha a bhunaigh Nell Ní Chiobháin agus Enya Sheehy i gCorca Dhuibhne, ‘Snámh for the Soul’, ag dul ó neart go neart ó bunaíodh i rith na paindéime é. Tá rogha bhreá tránna ar an leithinis don té ar mhaith leis é féin a thumadh in uisce an Atlantaigh fhiáin agus ní chuireann an fuacht ná an drochaimsir bac ar mhná cróga Chiarraí. B’fhéidir nach mbeidh Club na Féile ann deireadh seachtaine an Oireachtais ach is cinnte go mbeidh tumadh sciobtha sa sáile fuar ag teastáil ó roinnt daoine a bheidh ag fanacht i gCill Airne i mí na Samhna – tá sé chomh maith agat é a dhéanamh le comhluadar breá Gaelach!

Siúlóidí, siúlóidí, siúlóidí!

Luaigh muid cheana Corrán Tuathail ach is iomaí siúlóid eile a d’fhéadfaí a dhéanamh agus cúpla lá le caitheamh ag duine sa Ríocht – Slí Chorca Dhuibhne, Cnoc na dTobar, Cosán na Naomh nó Cnoc Bhréanainn más maith leat dúshlán a thabhairt duit féin deireadh seachtaine geimhridh. Nó más fearr leat siúlóidín deas réidh, d’fhéadfá dul go Tráigh na hInse nó a deirfiúr Ros Beithe agus fad na trá a shiúil. 

Drioglann an Daingin

Is féidir turas a dhéanamh timpeall na drioglainne Gaeltachta, áit a ndéantar an gin cháiliúil ‘Dingle Gin’. Cá bhfios nach mbeadh áiteanna beaga mar sin oscailte agus in ann grúpaí beaga a thabhairt isteach le breathnú ar an ngin agus na deochanna eile a dhriogtar ann á ndéanamh. Déan dearmad buidéilín a cheannach le tabhairt ar ais chuig Óstán Ghleann an Iolair!

Cuairt a thabhairt ar Dhairbhre

Ar leag tú cos i nDairbhre cheana? An bhfaca tú na coiscéimeanna an ainmhí ársa a leag cos ann na céadta mílte bliain ó shin? Níor leag? Ní fhaca? Seo do dheis! Níl Dairbhre chomh fada sin ó Chilll Airne ar chor ar bith agus tá an t-oileán lán iontas agus radharc deas. Is féidir tiomáint isteach ann ar an droichead, nó más fearr leat cúpla pingin a chaitheamh ar an mbád farantóireachta d’fhéadfá dul air sin ar an taobh eile den oileán. Tiomáin, rothaigh, nó siúl timpeall an oileáin ar feadh an lae agus caith do bhéile sa Watch House café.

Spórt Uisce

Ní chuireann fuacht ná dorchadas an gheimhridh isteach nó amach ar lucht surfála agus bádóireachta. Is iomaí ionad spórt uisce i gCiarraí a bheidh fós ar oscailt agus ag tabhairt grúpaí amach ar an uisce i mí na Samhna. Amach leat ar chadhc, bád seoil, nó clár surfála agus cuir barr feabhais ar do scileanna uisce. Bain triail as ionad Jamie Knox i gCaisleán Ghriaire, mar shampla.

Cill Airne féin! 

Cé mhéad uair a bhí tú i gCill Airne don Oireachtas roimhe seo? Agus cé mhéad den bhaile céanna a chonaic tú? Is iondúil go dtagann an Gael go Cill Airne ar thraein, bus nó i gcúl cairr, go socraíonn sé féin in Óstán Ghleann an Iolair nó i dteach lóistín i ngiorracht scread asail don áit agus nach bhfeiceann sé solas Dé go mbíonn sé ina thráthnóna Domhnaigh. Tapaigh an deis seo eolas a chur ar an mbaile agus aithne a chur ar a mhuintir. Tá siopaí beaga deas ar fud an bhaile agus bialanna agus caiféanna ar fud na mball. An raibh a fhios agat go bhfuil teach tábhairne ann atá bunaithe ar The Lord of the Rings? Ar thug tú cuairt r an bPáirc Náisiúnta ar leic an dorais? Caith cúpla uair an chloig ag siúl timpeall na háite agus ansin isteach leat sa Killarney Plaza le haghaidh dinnéir agus manglam! 

Cuairt a thabhairt ar an nGaeltacht! 

Tá dhá cheantar Gaeltachta ar leic an dorais agus tú i gCill Airne – Gaelacht Chorca Dhuibhne agus Gaeltacht Uíbh Ráthaigh. Ní fhéadfadh an duine a bheidh in uireasa na nGael beart níos ciallmhaire a dhéanamh ná cuairt a thabhairt ar thobar na teanga agus cúpla le meilt aige i gcontae Chiarraí. Tá Gaeltacht Chiarraí go hálainn ó taobh tírdhreacha de agus daoine níos aoibhne ní chasfar ort in Éirinn. Bhí an-tionchar ag an víreas corónach ar na ceantair Ghaeltachta agus iad thíos go mór ó thaobh an gheilleagair de i mbliana. Siar leat agus tacaigh leis na gnólachtaí beaga Gaeltachta – agus cá bhfios nach gcasfadh duine de mhór-réaltaí RTÉ RnaG nó TG4 ort agus tú ann!

Níos mó