Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
club-chonradh-na-gaeilge-le-hoscailt-den-chead-uair-le-15-mhi

Club Chonradh na Gaeilge le hoscailt den chéad uair le 15 mhí

| Maitiu O Coimin | ,

Athosclófar Club Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair ag an deireadh seachtaine den chéad uair le 15 mhí. Beidh an teach tábhairne Gaelach i lár na cathrach ag díol deochanna ‘amuigh faoin aer’ lena gcustaiméirí Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ón meán lae.

Dúnadh an club i mí Mhárta na bliana seo caite nuair a tháinig an chéad ráig den víreas corónach go hÉirinn. Bhí súil ag lucht an tí tábhairne oscailt arís i mí an Mheithimh na bliana seo caite, ach d’fhág na dianghlasálacha fada agus na ráigeanna nua den víreas nach raibh an deis sin acu.

Dúirt Ciarán Wadd, iar-chathaoirleach an Chlub agus ball coiste, go gcaithfear “dul i ngleic le billí bliantúla” anois agus gur bheartaigh an coiste an Club a oscailt le “hairgead a tharraingt le chéile” chuige sin.

“Osclóidh muid Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh ag meán lae agus dúnfaidh muid nuair a bheidh na daoine imithe. Beidh cúpla duine ón bhfoireann istigh agus tá súil againn go mbeidh scuaine ann taobh amuigh den Chlub. Níl cead ag éinne teacht tríd an bhfoirgneamh faoi láthair agus beidh an scuaine ar an tsráid mar a bhíonn taobh amuigh de phubanna eile,” a dúirt Ciarán.

Agus an Club dúnta rinneadh obair athchóirithe air. Péinteáladh na ballaí taobh istigh agus cuireadh scáileáin phlaisteacha in áit le dul i ngleic leis an víreas corónach.

“Glanadh na píoba nuair a dhún muid agus glanadh arís le deireanas iad. Tá ceaigeanna nua againn, péinteáladh na ballaí agus rinneadh athchóiriú eile ar an áit. Níor oscail muid le 15 mhí ach bhí an fhoireann agus dul isteach is amach le cinntiú go raibh gach rud i gceart ó am go ham. Chosain gach rud thart ar €1,200 agus níl muid ag súil leis an airgead sin a fháil ar ais.

“Bhí cúpla rud ar siúl againn i gcaitheamh na bliana, agus tá siad fós ar siúl, le hairgead a chruinniú. Tá na billí fós ag teacht agus bheartaigh muid cúpla feachtas a chur le chéile: is féidir dearbhán agus ‘babhtaí’ a cheannach anois mar chóras síntiúis. Is féidir ballraíocht a ghlacadh linn freisin, cé nach féidir linn buntáistí uile na ballraíochta a thabhairt do na baill faoi láthair ach beidh tús áite acu nuair a osclóidh muid arís,” a dúirt sé.

Anuas air sin tá leathanach PayPal ag Club Chonradh na Gaeilge agus tá airgead á dheonú ag Gaeil na hardchathrach go rialta le bliain anuas.

“Bhí na daoine thar a bheith flaithiúil ó thosaigh an phaindéim agus tá muid fíorbhuíoch díobh as seasamh leis an gClub,” a dúirt Ciarán.

Táthar ag súil go mbeifear in ann tithe tábhairne a bhfuil gairdíní beorach acu a oscailt ar an 7 Meitheamh ach níltear cinnte faoi shocrú ar bith faoi láthair. Tá foireann an Chlub ag fanacht ar threoir ón rialtas sula ndéanfar cinneadh faoi athoscailt fhadtéarmach an Chlub sna míonna amach romhainn.

Níos mó