Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
grian-ni-dhaimhin-tofa-ina-leas-uachtaran-don-ghaeilge-in-aontas-na-mac-leinn-in-eirinn

Grian Ní Dhaimhín tofa ina Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn

| Maitiu O Coimin | ,

Is í Grian Ní Dhaimhín as Tír Eoghain a bheidh ina Leas-Uachtarán don Ghaeilge in Aontas na Mac Léinn in Éirinn sa chéad téarma eile d’fheidhmeannas an Aontais.

Bhí Grian, a rinne staidéar ar an Stair agus an Antraipeolaíocht in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste, ina huachtarán ar Aontas na Mac Léinn sa choláiste sin anuraidh. Tá Grian ina gníomhaí ar son na mac léinn le cúpla bliain anuas, agus páirt ghníomhach glactha aici i bhfeachtais faoin tithíocht sna ceantair timpeall Ollscoil na Ríona chomh maith le feachtais ar son na Gaeilge agus eile i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin.

Ba í Muireann Ní Chorcráin as Coláiste na Tríonóide a bhuaigh an toghchán don Leas-Uachtaránacht a reáchtáladh ag Comhdháil Aontas na Mac Léinn in Éirinn an mhí seo caite ach b’éigean di éirí as an ról sular thosaigh sí. D’fhág sé sin gur ghá fothoghchán a reáchtáil tráthnóna ag Comhairle Náisiúnta an Aontais, agus toghadh bean Thír Eoghain ansin.

Dúirt Grian Ní Dhaimhín le NÓS gurb é “díchoilíniú an oideachais” an chloch is mó ar a paidrín.

“Tá an meon coilíneach an-láidir san oideachas in Éirinn. Bunaíodh an ollscoil a bhfuil mé féin ag freastal uirthi in 1845, le linn an Ghorta Mhóir, agus ba chuid den choilíneachas a bunú. Is iad meon an choilíneachais agus meon an Iartharachais na príomhdhearcaí atá san oideachas sa lá atá inniu ann agus le sonrú go speisialta ar na liostaí léitheoireachta.

“Thosaigh mic léinn dhubha i Sasana an feachtas ar son an díchoilínithe ach sílim go bhfuil sé de dhíth anseo in Éirinn thuaidh agus theas fosta. Tá tionchar mór ag an meon coilíneach ar stádas agus áit na Gaeilge sna córais oideachais agus i gcúrsaí acadúla,” a dúirt sí.

Tá Grian den tuairim nach féidir luach airgid a chur ar an nGaeilge agus gur gá oibriú ar son “dhímhargaíocht an oideachais”. Deir sí nach n-éireoidh le cúis na Gaeilge má chuirfear luach margaidh uirthi agus gur gá cur in aghaidh an mheoin sin.

“Is duine mé a bhreathnaíonn ar an bpictiúr mór agus is rudaí móra iad seo go cinnte. Beidh rudaí eile le déanamh i rith na bliana ach caithfidh muid na rudaí móra seo a thuiscint. Mothaíonn mé féin mar dhuine atá lonnaithe sa Tuaisceart gur gá cuidiú a thabhairt do mhic léinn atá sna coláistí breisoideachais fosta agus ní do lucht an ardoideachais amháin.

“Tá cuid mhór daoine óga ón lucht oibre ag freastal ar na coláistí breisoideachais. Tá 76% de mhic linn an Tuaiscirt ag freastal orthu agus tá i bhfad níos oibre le déanamh ag Aontas na Mac Léinn do na daoine sin,” a dúirt sí.

Tá an Ghaeltacht go hard ar liosta tosaíochta an Leas-Uachtaráin nuathofa freisin. Dúirt sí go gcaithfidh na mic léinn ollscoile a bhain tairbhe as an nGaeltacht agus iad ag déanamh staidéar ar an nGaeilge nó á dtraenáil ina n-ábhar oide a bheith sásta tacaíocht a thabhairt don Ghaeltacht anois.

“Caithfidh muid a bheith sásta rudaí a chur isteach sa Ghaeltacht. Tá daoine óga ar fud na hÉireann a bhíonn ag foghlaim na Gaeilge, na hábhair oide ina measc, tá nasc láidir ag na mic léinn sin leis an nGaeltacht. Tá géarchéim ag tarlú sa Ghaeltacht agus tá an scéal níos measa fós anois mar gheall ar Covid-19. Beidh tionchar mór ag na srianta agus na ciorruithe ar an ngeilleagar ann,” a dúirt sí.

Is iomaí feachtas ar son na Gaeilge a ghlac Grian páirt ann i gcaitheamh na mblianta agus tá sí ina ball den Dream Dearg agus de Chonradh na Gaeilge. Dúirt sí gur mhaith léi go mbeadh mic léinn páirteach i dtroideanna atá ar bun do chearta teanga thuaidh agus theas, agus cúnamh a thabhairt dóibh troid ar son a gceart teanga sna hollscoileanna.

“Tá feachtas mór ar siúl faoi chomharthaí dátheangacha in Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh faoi láthair. Ba mhaith liom a bheith in ann cuidiú le haontais mac léinn agus grúpaí Gaeilge sna hollscoileanna polasaithe a chumadh le dul i ngleic le laigí na n-ollscoileanna sin ó thaobh na Gaeilge de.

“Tá go leor taithí agamsa a bheith ag scríobh polasaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn in ollscoil nach bhfuil báúil don teanga agus ba mhaith liom tacaíocht a thabhairt d’aontais eile,” a dúirt sí.

Cuirfear tús le téarma Ghréine i mí Iúil na bliana seo.

Níos mó