Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener"></a>-is-i-aoife-ni-chiobhain-as-corca-dhuibhne-‘an-duine-is-aclai-sa-ghaeltacht’

Is í Aoife Ní Chiobháin as Corca Dhuibhne ‘an duine is aclaí sa Ghaeltacht’

Is í Aoife Ní Chiobháin as Corca Dhuibhne ‘an Duine is Aclaí sa Ghaeltacht’ tar éis di an míleáiste is mó a chur isteach i gComórtas Reatha na Gaeltachta – 749km. Fógraíodh buaiteoirí uile an chomórtais ar an gclár Iris Aniar ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin. Sa dara háit bhí Gráinne Ní Dhomhnaill as an gCeathrú Rua a chuir 628km isteach i gcaitheamh an chomórtais, agus a comrádaí as an ngrúpa céanna Anna Leainde a tháinig sa tríú háit.

Aoife Ní Chiobháin – ‘An Duine Is Aclaí sa Gaeltacht’

Soir go contae na Mí a bheidh Corn Raidió na Gaeltachta don fhoireann is fearr ag dul agus an gradam sin buaite ag ‘Mí-Aclaí’, grúpa a raibh meánmhíleáiste 59km acu i gcaitheamh na gceithre seachtaine. Bhí iomaíocht ghéar ann leis na ‘Múscrateer’ agus ‘Reathaithe Rua’ na Ceathrún Rua ach d’éirigh le muintir na Mí an ceann is fearr a fháil ar an dá fhoireann eile sa tseachtain dheireanach den chomórtas.

Foireann Inis Meáin, ‘Fanaicigh Folláin Inis Meáin’, a tháinig sa chéad áit sa rannóg d’fhoirne beaga (níos lú ná 45 duine) agus meánmhíleáiste 57.9km acu. ‘Gradam Údarás na Gaeltachta’ a bhronnfar orthu sin, gradam a bhuaigh siad i gcomórtas na bliana seo caite freisin. Muintir Árainn Mhóir i nDún na nGall a tháinig sa dara háit, agus ‘Na Sodairí ar Sodar’ as Ceantar na nOileán i nGaillimh a tháinig sa tríú háit.

Ghlac 660 duine as 14 cheantar Gaeltachta páirt i gComórtas Reatha na Gaeltachta i mbliana agus ar an iomlán ritheadh agus siúladh 117,000km i gcaitheamh na gceithre seachtaine.

Taobh amuigh den chomórtas oifigiúil, tá cuid de na grúpaí Gaeltachta ag eagrú a ngradam féin do rannpháirtithe áitiúla an chomórtais: beidh duaiseanna ag pobal Iardheisceart Dhún na nGall don teaghlach is aclaí, don duine is greannmhaire, don duine is spreagúla agus do dhaoine eile freisin.

Dúirt Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Pleanála Teanga na Ceathrún Rua, go ndearna muintir na Gaeltachta “sár-iarracht” ar son gceantair agus gur cothaíodh caidreamh agus cumarsáid i nGaeilge i measc na bpobal éagsúil le linn an chomórtais.

“Ní dírithe ar chúrsaí aclaíochta amháin a bhí an comórtas áfach, ach ag iarraidh caidreamh agus cumarsáid trí Ghaeilge a chothú i measc na bpobal éagsúla. Agus is cinnte go bhfuil an sprioc sin bainte amach
againn. Bhí go leor spraoi sna grúpaí whatsapp, daoine ag spreagadh agus ag moladh a chéile, agus ag magadh faoina chéile freisin ar ndóigh!” a dúirt sí.

Dúirt Majella go “ardú meanman” do phobal na Gaeltachta a bhíonn sa chomórtas, go “neartóidh sé spiorad an phobail” agus gur “treisíodh féiniúlacht Ghaelach na bpobal” tríd an gcomórtas.

Tá torthaí iomlána Chomórtas Reatha na Gaeltachta anseo:

Níos mó