Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Learn Irish: 18-22 year olds
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
10 Reasons to Register to our Business Directory
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Surnames
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
‘color-de-tropica-vol.-2’-agus-albaim-eile-na-miosa

‘Color De Trópica Vol. 2’ agus albaim eile na míosa

NÓS
| Ben O Faolain | ,

Jinx Lennon – Liferafts For Latchicos (Septic Tiger)

Liferafts For Latchicos by Jinx Lennon

Tá greann agus gránnacht ag baint leis na hamhráin seo faoi shaol Jinx Lennon, mar a bhí is mar atá, agus é ag fás aníos, ag obair agus ag tógaint clainne i nDún Dealgan gar don teorainn. Bhí bua riamh ag Lennon focail a chur ar an bhfrustrachas a mhothaíonn mórán de dhaoine macánta na tíre seo, agus tá an cur chuige díreach, bríomhar psyche-folk atá roghnaithe aige an babhta seo go mór in oiriúint dá theachtaireacht spreagúil, chiall cheannaithe. 

Ceoltóirí Éagsúla – Color De Trópica Vol. 2 (Las Palmas)

Color De Tropico Vol 2 Compiled by El Drágon Criollo & El Palmas by El Palmas Music

Bailiúchán iontach de cheol a eisíodh i Veiniséala idir na blianta 1966 agus 1978, tréimhse ina raibh borradh suntasach faoin ngeilleagar agus faoi shaol cultúrtha na tíre agus deireadh tagtha leis an deachtóireacht mhíleata a bhí i bhfeidhm sa tír ó 1948 go 1958.

Léamh croíúil Veiniséalach ar stíleanna éagsúla ó afrobeat, cumbia agus dioscó go samba, reigé agus salsa atá romhat. Níl ach ocht rian anseo, ach tá an caighdeán chomh hard sin tríd is tríd go mbeadh jab agat rian ar leith a mholadh thar cheann eile. 

Mar sin féin, táim faoi gheasa faoi láthair ag salsa suáilceach ‘Maria La Bonita’ le Nelson Y Sus Estrellas agus ag boogaloo bríomhar ‘Negro Soy’ de chuid Orquesta La Playa. Bí ag faire amach, leis, do chóiriú Laidineach Los Cuatro Monedos den amhrán mór reigé ‘007 (Shanty Town)’ de chuid Desmond Decker. ¡Musica sabrosa!

Andy Stott – Never The Right Time (Modern Love)

An rud a thaitníonn liom faoi cheol an chumadóra seo, atá ag cur faoi in Manchester, ná nach mbíonn a fhios agat riamh cad go díreach a bheidh romhat nuair a bhuaileann tú an cnaipe seinnte ar shaothar úr dá chuid. Bíonn léamh ar leith aige ar pé stíl a thugann sé fúithi. Albam é Never The Right Time atá go mór faoi chomaoin ag an ábhar éisteachta a roghnaigh Stott chun cabhrú leis féin chun an fhulaingt phearsanta a bhí i gceist le tréimhsí dianghlasála na bliana 2020 a mhaolú. Tá blas láidir na cumha agus na soghontachta ar na pop-amhráin theibí chaoindéanta agus píosaí uirlise seo. Ceol domhain ina bhfuil macallaí le clos de cheol mavairicí mar Cocteau Twins, Gavin Bryers, Leila, Autechre agus Prince. 

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge