Tá leabhar nua Ross O’Carroll-Kelly, an t-údar bréige iomráiteach, ag cothú go leor cainte i measc lucht peile i nGaeltacht Chorca Dhuibhne agus ar fud na tíre.
Nochtadh le déanaí clúdach an leabhair is deireanaí sa tsraith cháiliúil agus léaráid de Ross O’Carroll-Kelly féin agus geansaí Chumann Caide Ghaeltacht Chorca Dhuibhne á chaitheamh go mórtasach aige atá le feiceáil air.
Sa léaráid le Alan Clarke, tá an carachtar grinn timpeallaithe ag caoirigh agus Normal Sheeple is teideal don saothar a fhoilseofar mí Lúnasa.
Tá a thuilleadh eolais faoin gcúis gur roghnaíodh geansaí Chumann Caide na Gaeltachta don chlúdach iarrtha ag Tuairisc.ie ar Penguin.
Is léir ón méid eolais atá scaoilte faoin leabhar, áfach, go bhfuil baint ag an scéal leis an nGaeltacht agus le cúrsaí peile i gCiarraí.
Deirtear i bpreasráiteas Penguin, go ndéanfar réalta peile de Ross O’Carroll-Kelly, arb í rugbaí an cluiche a thuill cáil dó an chéad lá, más ina intinn féin amháin é den chuid is mó.
‘From the day I was born, I was brought up to believe that Gaelic games were invented for people too stupid to understand the laws of rugby. Little did I know that one day I would become a legend of Kerry football,’ a deirtear sa phreasráiteas.
Déantar tagairt freisin don Ghaeltacht: “And my suddenly teenage daughter is heading for the Jailtacht”.
‘A love affair born in rural Ireland! Two mismatched lovers, locked in a relationship that will change both of them … forever!’ an cur síos atá deanta ag na foilsitheoirí ar Normal Sheeple.
An dúil mhillteanach atá aige sa rugbaí agus a easpa tuisceana ar aon rud lasmuigh dá shaol cúng lán gustail i mBaile Átha Cliath 4 an dá thréith is mó a luaitear le Ross O’Carroll-Kelly, an aoir ó pheann an údair Paul Howard, ar cuireadh tús leis in 1998.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Chumann Caide na Gaeltachta faoin scéala go mbeidh a ngeansaí le feiceáil ar chlúdach Normal Sheeple.
Ar ndóigh tá cáil ar an ngeansaí céanna – bán le sais dhearg, urraithe ag Iasc Uí Mhathúna Teo – ar fud na hÉireann mar gheall ar na himreoirí breátha ar fad a chaith é, amhail muintir Shé, Dara Ó Cinnéide, Aodán Mac Gearailt agus Brian Ó Beaglaoich.
Séipéal Gallarois, leithinis Chorca Dhuibhne agus an mana ‘ Sprid, Croí, Caid agus Teanga’ a bhíonn ar shuaitheantas gheansaí an chumainn.
Bíonn na leabhair sa tsraith Ross O’Carroll-Kelly ar na leabhair is mó díol in Éirinn agus bíonn bús mór i gcónaí nuair a thagann ceann nua amach.