Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ni-haon-chur-i-gceill-i-an-t-oideachasoir-collaiochta-jenny-keane

Ní haon chur i gcéill í an t-oideachasóir collaíochta Jenny Keane

Nochtadh iomlán: tá an miangas a bhíodh orm go hiomlán maraithe ag an bpaindéim. Níl mé cinnte cén fáth, ach is dóigh liom gur meascán den strus agus bheith an-ghar do mo chéile beagnach gach uile lá, agus gan mórán deiseanna ann dúinn rudaí a dhéanamh asainn féin. ‘Uireasa a mhéadaíonn cumha’ mar a deir an seanfhocal. Níor airigh mé gur neach collaí mé le tamall de mhíonna anuas, agus mar sin nuair a mhol cara liom ceardlann ‘Orgasm Workshop’ Jenny Keane dom, chláraigh mé láithreach boinn, agus súil agam go bhfaighinn léargas ar an gcaoi a n-airím faoi láthair.

Tá sé an-deacair oideachasóirí maithe macánta collaíochta a aimsiú ar na meáin shóisialta. Bíonn cuid acu sotalach agus iad ag caint, agus ní bhíonn dáimh agam leis an gcuid eile acu. Ach ní haon chur i gcéill í Jenny Keane. Is múinteoir ióga Tantra agus oideachasóir collaíochta í, agus tá bealach díreach ionraic aici a chruthaíonn timpeallacht oscailte fháilteach do go leor mná éagsúla agus d’eispéiris éagsúla. Tá sí thar a bheith eolach, cairdiúil agus oscailte, agus d’éirigh léi an méidín ceart den teoiric ióga agus spioradáltacht a shníomh isteach sa gceardlann le hola a chur ar chroí an mhúinteora ióga seo.

Ar cheann de na rudaí ab iontaí a rinne sí i rith na ceardlainne, a bhí thart ar thrí uair an chloig ar fad, ná timpeallacht fháilteach a chruthú ar líne do bheagnach 600 bean. Cén uair dheireanach a bhí tusa in ann spás oscailte neamhbhreithniúnach a roinnt leis an oiread sin ban? Éacht amach is amach, go mór mór ag an staid seo den phaindéim agus gach duine a labhraímse leo bréan de chruinnithe Zoom. 

Rinne Jenny cur síos gasta ar chúpla topaic éagsúil: meon an phléisiúir, oideachas colainne agus súnáis, agus cleachtadh pléisiúir ina measc. Leag sí béim an t-am ar fad ar an teachtaireacht nach bhfuil rud ar bith mícheart leat murar éirigh leat súnás a bhaint amach riamh ná má bhí tamall ann ó bhí fonn collaíochta ort.  

Dúirt sí rud a theastaigh uaim go géar a chloisteáil ag pointe áirithe: i sochaí a lae inniu, tá meon na táirgeachta fite fuaite i ngach gné den saol. Bítear ag ceapadh go gcaithfear a bheith táirgiúil le rath a bheith ar dhuine, agus ní dhéantar mórán díreach le taitneamh a bhaint as rudaí. Tá meon seo na táirgeachta, ina gcaitear an pléisiúr a thuilleamh, an-éagsúil le meon an phléisiúir, ina ndéantar rudaí le taitneamh a bhaint astu. Ba cheart go mbeadh an súnás, an chollaíocht, agus an lámhchartadh ina gcuid de mheon an phléisiúir – rudaí a dhéanann muid díreach mar go mothaíonn siad go maith agus go mbaineann muid taitneamh astu, in áit iad a dhéanamh le bheith ‘táirgiúil’.

Bhain Jenny an anáil díom arís agus an anatamaíocht idir chamáin aici. Shíl mé riamh nárbh ann don g-spota (is ann dó!) agus nach mbítear ag scairdeadh ach amháin sa phorn (ní fíor, agus ní hionann an scairdeadh agus an mún ach an oiread). Ina dhiaidh sin, labhraíodh faoi na súnáis éagsúla is féidir a bhaint amach agus, creid uaimse é, tá i bhfad níos mó ann ná mar a cheapfá. 

B’álainn an smaoineamh é an cheardlann a oscailt le babhta miúine le díriú ar ár gcolainn agus nascadh léi, agus b’iontach an cleachtadh macnais, ar gheall le cleachtadh ióga é, a scaip sí i ndiaidh na ceardlainne le athcheangail le mo cholainn agus mo ghnéasúlacht. 

Bíodh is go mbeidh cuma an fangirl orm anois, caithfidh mé a rá gur iomaí splanc thuisceana a las Jenny ionam i rith na dtrí uair an chloig, agus thug sí go leor eolais dom le mungailt. D’éirigh léi spás uileghabhálach neamhbhreithiúnach a éascú do go leor mná éagsúla agus dá n-eispéiris go léir. Tá mé fós ag machnamh faoinar mhúin sí dúinn, agus tá mé ag smaoineamh ar an gcollaíocht agus ar an súnás ar bhealach difriúil nasctha ó shin. 

Má bhíonn an deis agat foghlaim ó Jenny Keane, tapaigh í. Tá mé féin ag súil go mór le tuilleadh a fhoghlaim uaithi amach anseo.

Níos mó