Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
tuairisc-on-mbrasail:-bolsonaro-faoi-leigear-agus-an-freasura-ar-na-sraideanna

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Bolsonaro faoi léigear agus an freasúra ar na sráideanna

Tús le céim nua i gcluiche atá ar siúl sa Bhrasaíl ó thús na paindéime – is é sin, na hiarrachtaí teacht i dtír ar an ngéarchéim ó thaobh na polaitíochta de – a bhí sna holl-léirsithe a tharla i gcathracha móra agus beaga fud fad na tíre Dé Sathairn seo caite, an 29 Bealtaine, nuair a chuaigh na céadta míle duine amach ar na sráideanna ag éileamh go mbrisfí an t-uachtarán Jair Bolsonaro as a phost agus go gcuirfí dlús le dáileadh na vacsaíní i gcoinne an choróinvíris.

Céim nua, toisc gurbh é an chéad uair é ó thús na paindéime gur eagraigh an freasúra – an eite chlé – léirsithe fisiciúla.

Go dtí seo ba iad an tUachtarán Bolsonaro agus a lucht tacaíochta amháin a d’eagraíodh a leithéid, beag beann ar na treoirlínte sláinte, agus ba í straitéis na heite clé an eite dheis a cháineadh ar na meáin shóisialta as neamhaird a dhéanamh de na treoirlínte céanna.

An difear mór idir oll-léirsithe an fhreasúra Dé Sathairn seo a chuaigh thart agus na léirsithe a eagraíonn lucht tacaíochta Bolsonaro nach mór chuile Dhomhnach ná go raibh masc á chaitheamh ar a n-aghaidh ag mórchuid na ndaoine agus go ndearnadh iarracht éigin scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm.

Bhí cinedhíothú á chur i leith an Uachtaráin Bolsonaro (a rinne beag is fiú den choróinvíreas ó thús na paindéime agus a chuir as go mór don chath ina choinne) ar mhórchuid comharthaí cairtchláir a bhí á n-iompar ag na léirsitheoirí.

Bhí téacsanna ar nós ‘fuair mo mháthair bás ó Covid-19 seachtain sula dtabharfaí an vacsaín di’ scríofa ar chuid mhaith comharthaí eile.

Rinne an tUachtarán Bolsonaro beag is fiú de na léirsithe mar is dual dó, ag cur síos ar na léirsitheoirí mar ‘lucht caite raithní’.

Agus an t-alt seo á scríobh, tá socruithe ar bun ag a rialtas Corn Mheiriceá Theas sa Sacar a imirt sa Bhrasaíl; i gceann deich lá a chuirfear tús leis an imirt. San Airgintín bhí an comórtas sin le bheith ar siúl ach tá cúrsaí Covid-19 ag dul i ndonas sa tír sin. Breathnaítear ar iarrachtaí Bolsonaro an comórtas a thabhairt go dtí an Bhrasaíl mar iarracht aird an phobail a mhealladh ó ghéarchéim an choróinvíris.

Go dtí seo, tá os cionn 462,000 duine sa Bhrasaíl tar éis bháis ó Covid-19; tá aithne ag chuile Bhrasaíleach ar ar a laghad duine amháin a cailleadh dá bharr. Tá leaganacha nua den víreas á dtuairisciú go tráthrialta agus tá moill ar dháileadh na vacsaíní, go háirithe i dtuaisceart na tíre. Tá binse fiosrúcháin bunaithe chun an chaoi ar láimhseáil rialtas feidearálach Jair Bolsonaro an scéal a fhiosrú.

Botún a bheadh ann a cheapadh, áfach, gur ar uachtarán na tíre amháin atá an milleán go ndeachaigh cúrsaí ó smacht sa Bhrasaíl mar a chuaigh, agus botún a bheadh ann, leis, a cheapadh gur tuar iad oll-léirsithe an tSathairn seo a chuaigh thart go bhfuil an pobal ag éirí amach. Ag ól sa bheár timpeall an chúinne a bhí mo chomharsana-sa anseo sa cheantar íseal-mheánaicmeach mar a bhfuil cónaí orm i gcathair Salvador nuair a bhí na léirsithe ar siúl, mar a bhí nach mór chuile dheireadh seachtaine ó thosaigh an phaindéim.

Mar sin féin, anois agus an gheis ar agóidíocht fhisiciúil le linn na paindéime briste ag an eite chlé, is dóichí ná a mhalairt gur ag dul i méid a bheidh líon na léirsithe agus líon na léirsitheoirí. Cé go bhfuil bliain agus ceithre mhí fós idir sinn agus an chéad toghchán uachtaránachta eile, tá deireadh chéad tréimhse Jair Bolsonaro ag teannadh linn.

An chuma atá ar chúrsaí anois ná gur idir uachtarán conspóideach reatha na tíre agus iar-uachtarán atá nach mór chomh conspóideach céanna, Lula, a bheidh an imirt, ach d’fhéadfadh go leor tarlú idir an dá linn. Ní féidir a chur as an áireamh fós go mbrisfí Jair Bolsonaro as a phost sula mbeidh a thréimhse istigh, beidh Lula 77 bliain d’aois nuair a eagrófar an chéad toghchán uachtaránachta eile, agus beidh Ciro Gomes, a tháinig sa tríú háit sa toghchán uachtaránachta deireanach agus atá ag iarraidh íomhá de féin a chruthú faoi láthair mar leagan Brasaíleach de Joe Biden, ar a mhíle dícheall a chur ar a súile do mhuintir na Brasaíle go bhfuil an tríú rogha acu.

Níos mó