Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-ciniochas-‘tagtha-abhaile’-go-sasana

An ciníochas ‘tagtha abhaile’ go Sasana

| 1 |

Michelle Nic Pháidín

Tá sé tagtha abhaile, ceart go leor. Is é sin an teachtaireacht nach bhfuil múineadh muice ar chuid mhór de lucht tacaíochta an tsacair i Sasana.

De bharr nár éirigh le Bukayo Saka, Marcus Rashford agus Jadon Sancho lena gcuid ciceanna pionóis sna smeachanna deireanacha sa mhórchluiche i gcoinne na hIodáile breis agus seachtain ó shin, tugadh drochbhail orthu ar líne. 

Is é Bukayo Sako – 19, an duine is óige ar fhoireann Shasana – a chaith an cic a thug an bua d’fhoireann na hIodáile. Thug a lucht tacaíochta féin íde don deagóir ar na meáin shóisialta. Is cinnte go raibh an fear óg nach bhfuil ina fhear go fóill goilliúnach faoin mhéid a tharla ar an pháirc gan bheith ag caint ar an aisfhreagra a fuair sé féin agus a chuid cairde a imríonn leis.

Níor thóg cuid de lucht tacaíochta Shasana sin san áireamh nuair a mhaslaigh siad é ar líne. I ndáiríre, d’iompair an lucht tacaíochta féin ina scata brútaí ach cad é an mbeifeá ag súil leis ó mhuc ach gnúscht?

Rinne na tacadóirí sin iad féin náire a tharraingt ar an tír. Dá mbeadh tír ar bith eile ar dhroim an domhain ag iarraidh cic sa tóin a thabhairt do Shasana ní bheadh aon ghá leis. Tá sé déanta acu féin. Jab déanta agus ní fhéadfá á shárú.

Is cinnte go bhfuil go leor daoine sásta faoi seo in Éirinn. Léiriú do gach duine atá ann go bhfuil muid inár gcónaí leis na cianta taobh leis na comharsana béal dorais ón tromluí is measa, agus gur fhulaing muid go daor as.

Is léir go bhfuil fadhb níos doimhne ann áfach. Dá mbeadh páistí scoile á n-iompar féin ar an bhealach seo bheadh iarmhairtí ann. Bheadh siad díbeartha ó theach na scoile – an ruaig curtha orthu. Bheadh litreacha curtha ‘na bhaile chuig a gcuid tuismitheoirí agus seans maith go mbeadh oibrí sóisialta ag tarraingt ar an tigh le fiosrúchán a dhéanamh cárbh as ar eascair an dúil seo san fhoréigean. 

D’ainneoin go bhfuil seo intuigthe do mhéid áirithe daoine sa tsaol – is cinnte go bhfuil cuid de na Sasanaigh a sheol teachtaireachtaí mailíseacha chuig na himreoirí ag siúl thart fá Londain agus cathracha eile agus gan cliú acu go ndearna siad faic mícheart agus, níos mó ná sin, den bharúil go raibh na focail chruálacha a d’úsáid siad cruinn agus go raibh sé de cheart acu iad a úsáid.

Tá na húdaráis spóirt ar mire leo. Cad chuige nach mbeadh?

Táthar a rá go bhfuil seans ann nach mbeidh cead ag an lucht tacaíochta s’acu dul chuig cluiche nó dhó. Tá fiosrúchán ar siúl agus é ráite go mbeidh impleachtaí ann dóibh seo a bhí ciníoch ar na meáin shóisialta. Ní leor é. 

Níor chóir cead a bheith ag na daoine seo dul ar na meáin shóisialta ar feadh achar fada. Níl sé ródheacair sin a dhéanamh. Nuair a aimsíonn na húdaráis cé hiad na daoine ba mheasa a d’iompar iad féin le linn, i rith agus i ndiaidh an chluiche, ba chóir rogha a thabhairt do na dóibh: freastal ar ranganna a thabharfadh deis dóibh foghlaim faoi impleachtaí a nósmhaireachta, nó ráithe a chaitheadh i bpríosún. 

Bhí fadhb riamh ag na Sasanaigh le dream ar leith a bhíonn ag leanstan cúrsaí sacair agus mar sin ba cheart fios a bheith acu go mbeadh seans ard ann go mbeadh deacrachtaí ann le linn an chluiche seo. B’fhéidir go smaoineodh údaráis sacair an domhain fosta gurbh fhearr gan cead a tabhairt a leithéid de chluichí mór a eagrú i Sasana ar feadh i bhfad.

Dá mbeadh imreoir ar an pháirc i ndiaidh imreoir eile a mhaslú go ciníoch chuirfí den pháirc iad, mar sin cad chuige nach dtugtar an fheadóg dheireanach agus méar san aer don lucht tacaíochta ciníoch? Tá sé thar am, i bhfad thar am sin a dhéanamh.

Níos mó