Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
an-gcreidfeadh-tony-whilde-go-bhfuil-searachas-a-chur-i-bhfarraige-sa-spideal-agus-ar-an-gceathru-rua-chuile-la?

An gcreidfeadh Tony Whilde go bhfuil séarachas á chur i bhfarraige sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua chuile lá?

Lá amháin le gairid, bhí sciob sceab ar chóipeanna ceann de na nuachtáin náisiúnta. Deamhan cóip a bhí fágtha i roinnt siopaí a triaileadh i gCois Fharraige i gConamara faoin tráthnóna sin. Cuireadh glaoch ar Bhaile Átha Cliath – chaithfeadh go mbeadh corrcheann fágtha i siopaí na hardchathrach. B’éigean cúig cinn de shiopaí gar do lár na cathrach a chuardach sular frítheadh an ní a bhí ag teastáil.

Leis an bhfírinne a rá, bhí cóip amháin den nuachtán i gceann de na siopaí eile a cuartaíodh, ach bhí rud éigin in easnamh uaidh. “Sea,” a dúirt fear an tsiopa agus déistin air, “d’fhágadar an páipéar ach sciobadar an póstaer as!” Póstaer i nGaeilge is i mBéarla de na héin is coitianta a feictear i ngairdíní na hÉireann a bhí i gceist aige. 

Is cinnte nach mbeadh fear Nottinghamshire agus Uachtar Ard, Tony Whilde, i bhfabhar a leithéid d’iompar, ach bí cinnte dhe go mbeadh áthas air go bhfuil an oiread sin suime á chur ag muintir na tíre seo in éin agus sa dúlra ar fad go háirithe, mar a deirtear linn go minic, ó bhí an chéad dianghlasáil againn.

Ach an oiread lena chomhthíreach, Tim Robinson, as an gcontae béal dorais, Yorkshire, chaith Tony Whilde formhór a shaoil ag déanamh staidéar ar Chonamara ó chuir sé faoi ar bhruacha Loch Coirib den chéad uair sa mbliain 1970.

Ba mar éiceolaí agus mar staraí ar an nádúr a bhain Tony Whilde a shlí bheatha amach agus ba cheannródaí é i gcúrsaí caomhnaithe. Bhunaigh sé Ionad Caomhnaithe na Coiribe go luath sna 1980idí agus bhíodh cúrsaí á n-eagrú aige ansin, chomh maith le turais allamuigh ar fud Chonamara. 

Bhásaigh sé, agus gan é ach 47 bliain d’aois, mí Feabhra na bliana 1995. Bhí beirt chlainne, Jenny agus Ronan, aige féin agus a bhean Marianne.

D’fhoilsigh sé go leor leabhrán agus leabhair faoin nádúr, The Birds of Galway and Mayo ina measc, ach is ina mhórshaothar The Natural History of Connemara, a foilsíodh i 1994, atá fáil ar chuid mhaith den saineolas a chnuasaigh sé i gcaitheamh na mblianta. 

Leabhar slachtmhar é atá maisithe le grianghraif dhaite agus le léaráidí. Tá pictiúr den taobh tíre gar do Chloch na Rón leis an ealaíontóir Pádraic Reaney, as an gCeathrú Rua ó dhúchas, ar an gclúdach.

Ar a chúl, tá 15 leathanach an-tairbheach – a cuireadh i dtoll a chéile le comhairle ón eolaí Pádraic de Bhaldraithe – ina bhfuil na hainmneacha i mBéarla, i Laidin is i nGaeilge de na speicis uilig atá luaite sa leabhar. (Bíonn Pádraic le cloisteáil ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta ó am go ham is é ag roinnt a chuid saineolais faoin dúlra.) 

Faraor, tá The Natural History of Connemara as cló le fada an lá agus níl na foilsitheoirí, IMMEL a bhí lonnaithe i Londain, ar an bhfód a thuilleadh. Bíonn cóipeanna de ar díol ar an idirlíon.

In alt a scríobhadh faoi Tony Whilde i ndiaidh a bháis, dúradh gur chreid sé go láidir gur fiú taifeadadh a dhéanamh ar an nádúr is ar na nithe beo timpeall orainn. Dar leis, “If we don’t make a note of it, how will we know if we are losing it?”.

Tá neart eolais shuimiúil ar taifead ina leabhar The Natural History of Connemara. Don té nach gcreideann cé chomh fairsing is a bhí na bradáin fhiáine tráth, tá sonraí ann ó Roinn na Mara faoi mheáchan na mbradán a tógadh i gceantar iascaigh Chonamara idir na blianta 1968 agus 1992. Ba sa mbliain 1984 a tógadh an meáchan is mó – 26,980kg – in eangacha, agus ba sna blianta 1968, 1974,1975 agus 1986 a tógadh an meáchan is mó le slat agus dorú, thart ar 3,000kg in aghaidh na bliana. Faoi thús na 1990idí, bhí laghdú mór tagtha ar na huimhreacha sin. 

Nuair a rinne mic léinn ó Ollscoil Swansea suirbhé ar na hainmhithe a bhí ar fáil ar an gcladach sa Spidéal ag tús na 1990idí frítheadh 153 speiceas uilig, dhá chineál cuán mara ina measc. Bheadh sé suimiúil a leithéid de shuirbhé a dhéanamh in 2021. Is fada ó bhí cuán mara le feiceáil cois cladaigh sa Spidéal.

Luaitear athrú aeráide sa leabhar, ach ní raibh sin ina ábhar mór buartha ag an am. Ní raibh speicis ionracha ar nós an diúilicín riabhach i Loch Coirib, ná an ghlúineach bhiorach, ina n-údair imní go fóill. Ní raibh muilte gaoithe fós ag tarraingt conspóide. Ach tá nithe áirithe a phléitear sa leabhar i mbéal an phobail i gcónaí go náisiúnta agus go háitiúil: cás na bportach; an turasóireacht, na bóithre, agus ainmhithe agus plandaí atá i mbaol. 

An gcreidfeadh Tony Whilde go bhfuil séarachas amh á chur i bhfarraige sa Spidéal, ar an gCeathrú Rua agus i gCloch na Rón chuile lá, mar atá curtha in iúl ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (an EPA) ina dtuarascálacha bliain i ndiaidh bliana?    

De réir sonraí atá sa leabhar, taifeadadh 265 crotach ar lochanna agus cois cósta i gConamara in Eanáir na bliana 1986. Tá an t-éan úd lena ghlao caointeach anois ar an liosta dearg de na héin is mó atá i mbaol sa tír agus titim 97% tagtha ar a líon le scór bliain anuas. De réir an tsuirbhé is déanaí a rinne Cairde Éanlaith Éireann, tá 54 speiceas (nó 26%) d’éin na tíre ar an liosta dearg sin.   

Fiú i 1986, bhí an naoscach ag éirí gann – péire a taifeadadh i gConamara an tráth úd.

Tugtar le fios sa leabhar go raibh fáil fós ar an ngealóg bhuachair i gCasla, i nGarmna agus in Inis Bó Finne sna 1980idí. Níor facthas ná níor chualathas an ghealóg chéanna sa tír seo ó taifeadadh cinn i gcontae Mhaigh Eo i lár na 1990idí. 

Ach tá dea-thoradh ar an obair a bhíonn ar bun ag Cairde Éanlaith Éireann agus eagraíochtaí eile. Agus é ag cur focal scoir le The Natural History of Connemara, scríobh Tony Whilde go raibh an chuma air agus an leabhar réidh le seoladh chuig na foilsitheoirí i Lúnasa na bliana 1993 nach raibh traonach ar bith ag pórú ar mhórthír ná ar oileáin Chonamara an bhliain sin. Tá feabhas tagtha ar chás an traonaigh, cé nach bhfuil an t-éan úd chomh fairsing is a bhíodh na blianta siar. Chualathas suas le scór traonach fireann ar Inis Bó Finne in 2019 agus cloiseadh corrcheann freisin ar oileán Iomaí agus i Ros an Duilisc in iarthar Chonamara anuraidh.  

Beidh coimhlint ann i gcónaí idir an duine agus nithe beo eile, agus idir lucht an chaomhnaithe agus dreamanna eile, ar chúiseanna éagsúla. Dúradh in alt ar an suíomh seo le gairid gur fearr atá sé nuair a bhíonn na hiascairí agus na heolaithe ag obair i dteannta a chéile. Is léir go chun tairbhe dúinn uilig muid ar fad a bheith ag obair as lámh a chéile le go dtiocfadh an timpeallacht agus muid féin slán.

Fainic nach ar phóstaer amháin a fheicfear cuid de na héin atá fairsing sa lá atá inniu ann amach anseo.

Níos mó