Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘colonial-relic’-–-caineadh-deanta-ar-cheapachan-leifteanantghobharnoir-mhanann

‘Colonial Relic’ – cáineadh déanta ar cheapachán Leifteanantghobharnóir Mhanann

Agus Lá Náisiúnta Mhanann, Laa Tinvaal, ar siúl inniu, tá cáineadh géar déanta ag Ard-Rúnaí Cúnta an Chonartha Cheiltigh ar cheapachán an Leifteanantghinearáil John Lorimer ina Leifteanantghobharnóir ar Mhanainn. 

Thug Bernard Moffatt “colonial relic” ar oifig an Leifteanantghobhanóra i Manainn agus mhaígh gur mór an cur amú airgid é an tuarastal a íocfar le John Lorimer as seo go deireadh a théarma san oifig sa bhliain 2026. 

“Tá an fear nua a bheidh ina chónaí i dTeach an Rialtais, Leifteanantghinearál John Lorimer, ag súil le breis agus £500,000 a bhailiú ó cháiníocóirí Mhanann mar thuarastal saor ó cháin. Is féidir leis an gcuid is mó de seo a chur ina phóca mar is iad cáiníocóirí Mhanann a ghlanann costais reatha Theach an Rialtais (tuairim is £300,000) freisin,” a dúirt an tArd-Rúnaí Cúnta. 

Is é an Leifteanantgobharnóir a bhíonn ina ‘Fhear Ionaid na Banríona’ i Manainn – macasamhail Fhear Ionaid an Rí in Éirinn (Lord-Lieutenant of Ireland i mBéarla), a bhíodh sa tír seo sular baineadh saoirse amach do na Sé Chontae is Fiche. Saighdiúir de chuid Arm na Breataine is ea é John Lorimer, a chaith sealanna leis an Arm san Iaráic, san Afganastáin agus in Éirinn. Bhí sé ina bhall den 3ú Reisimint Paratrúipéirí.

Maíonn Ard-Rúnaí Cúnta an Chonartha Cheiltigh go bhfuiltear ag “cur in éadan” oifig an Leifteanantgobharnóra i Manainn ach gur “beag an baol” go dtiocfaidh aon athrú ar an scéal mar gheall ar an tacaíocht a thugtar don oifig sa Tinvaal, rialtas Mhanann. 

“Táthar ag cur in éadan oifig an Leifteanantghobharnóra i Manainn ach is beag an baol go dtiocfaidh aon athrú ar an scéal agus baill an Tinvaal agus an bhunaíocht ag baint ardtaitnimh as an pléaráca coilíneach a bhaineann leis an rud ar a dtugtar ‘oifig dheasghnách’.

“Is léir, áfach, go bhfuil cumhacht ceart ag an Leifteanantghobharnóir, nó an uair dheireanach a tugadh bata agus bóthar do Phríomh-Aire ba é an Leifteanantghobharnóir a shínigh na páipéir,” a dúirt Bernard Moffatt. 

Tharraing ceapachán John Lorimer cáineadh go leor ar na meáin shóisialta freisin. Fágadh na scórtha tráchtanna faoin bhfógra a rinne Rialtas Mhanann ar Twitter agus Facebook an lá cheana agus a bhformhór mór acu in éadan na hoifige. Mhol roinnt daoine an fear nua agus thug a mbeannacht dó freisin, mar sin féin.

Dúirt John Lorimer gur “mór an onóir” dó an ról a ghlacadh agus gur “deis iontach a bheidh ann cur le saol an oileáin agus an phobail”.

“Tá mé féin agus mo bhean Philippa, ag súil go mór le bogadh isteach chuig an oileán agus buaileadh fúinn ann, chomh maith le páirt ghníomhach a ghlacadh i saol Mhanann,” a dúirt sé i ráiteas.

Insealbhófar sa ról é níos deireanaí sa samhradh.

Níos mó