Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
leiriu-ar-‘phobal-briomhar-aiteach’-i-bpobal-na-gaeilge-a-bhi-in-‘dana’

Léiriú ar ‘phobal bríomhar aiteach’ i bpobal na Gaeilge a bhí in ‘Dána’

Léiriú ar “láithreacht pobal bríomhar aiteach i bpobal na Gaeilge” a bhí san imeacht dhá lá ‘Dána’ a reáchtáladh in DCU, de réir duine d’eagraithe an imeachta, an Dr Seán Mac Risteaird. Bhí an tsraith seimineár, inár iniúchadh an ghnéasúlacht agus an chollaíocht i léann na Gaeilge, ar siúl ar 18 agus 25 Meitheamh. 

“Bhíomar ag iarraidh taighdeoirí agus acadóirí a bhailiú le gnéithe na collaíochta agus na gnéasúlachta a tharraingt le chéile den chéad uair riamh. Bhí sé soiléir nach raibh an deis ag daoine a bheith rannpháirteach, nach raibh an deis ag na taighdeoirí a gcuid taighde a phlé le chéile, agus ceiliúradh a dhéánamh ar an éagsúlacht i léann na Gaeilge. Bhíomar ag iarraidh an Bród a cheiliúradh, agus an inscne agus an ghnéasúlacht a cheiliúradh,” a dúirt Seán le NÓS. 

D’fhreastail beagnach 80 duine ar an ócáid, idir sheisiúin chainte agus léachtaí. Ba iad an tOll. Barry McCrea ó Ollscoil Notre Dame i Meiriceá agus an Dr Caitríona Ní Chléircín ó DCU féin an bheirt aoiléachtóirí, a labhair faoin ‘oilithreacht aerach’ i litríocht na Gaeilge agus faoi ‘Ghuth na Colainne i bhFilíocht Chomhaimseartha na mBan’.  

Dúirt Seán Mac Risteaird go raibh sé “an-sásta” leis an líon daoine a d’fhreastail ar an ócáid “thar a bheith nigeodach” seo agus gur thug sé suntas do líon na ndaoine óga a bhí i láthair. 

“Is dóigh go mb’fhéidir gur rud comhaimseartha é seo, gur rud nua é seo. Thug an Queercal Comhrá agus AerachAiteachGaelach an-chuid tacaíochta don ócáid agus mheall daoine nua óga isteach, agus bhí sé sin go hálainn a fheiceáil ar an lá. Is léir dom go bhfuil pobal bríomhar aiteach ann i bpobal na Gaeilge agus is léir go bhfuil an pobal sin á thógáil de réir a chéile. 

“Tá sé le feiceáil i réimsí éagsúla, mar shampla go sóisialta leis an Queercal Comhrá, sna healaíona le hAerachAiteachGaelach, agus anois feictear dom go bhfuil sé ann go hacadúil, an réimse seo anois ag acadóirí agus cainteoirí ag céimeanna difriúla gairme,” a dúirt sé. 

Ainneoin gur daoine óga den chuid ba mhó a bhí i láthair,  bhí páirt ag an dream a bhí níos sine san ócáid. 

“[Tá] daoine óga ag tosnú amach ar an réimse agus daoine eile atá b’fhéidir níos sinsearaí ag plé leis an réimse. Tá an éagsúlacht tuairimíochta sin ann agus an éagsúlacht sin a bhain leis an gcur chuige, leis an tuiscint ar an bhfocal ‘aiteach’ agus tuiscint ar an bhfocal ‘aerach’,” a dúirt Seán.

Tá na cainteanna a tugadh ag an ócáid ‘Dána’ ar fáil ar YouTube anois. 

Níos mó