Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
na-milte-bailithe-ag-beirt-amhranaithe-gaeltachta-ar-son-chumann-alzheimer-na-heireann

Na mílte bailithe ag beirt amhránaithe Gaeltachta ar son Chumann Alzheimer na hÉireann

| Maitiu O Coimin | ,

Tá na mílte euro bailithe ar son Chumann Alzheimer na hÉireann ag MacDara Ó Conaola as Inis Oírr agus Sarah Ghriallais as Muiceanach Idir Dhá Sháile lena singil Peigín is Peadar. Seoladh an singil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag deireadh na bliana seo caite, ach cuireadh moill ar an bhfeachtas bailithe airgid mar gheall ar na srianta a tugadh isteach in aghaidh an víris chorónaigh. 

Dúirt MacDara Ó Conaola le NÓS, áfach, go gcuirfear tús an mhí seo chugainn le feachtas mór agus go bhfuil súil ag an mbeirt amhránaithe Gaeltachta cur go mór leis an gcarnán airgid atá tiomsaithe acu cheana féin.

“Sheol Máirtín Tom Sheáinín ar cheann de na cláracha deireanacha a bhí aige ar RnaG é anuraidh agus an aidhm atá anois againn ná brú ar aghaidh go dtí mí Mheán Fómhair i mbliana leis an mbailiú airgid. Is é Meán Fómhair Mí Dhomhanda Alzheimer, agus tá Lá Domhanda Alzheimer ann ar an naoú lá déag. Tá súil againn go mbeidh slam deas ann faoin am sin. Tá os cionn €3,000 bailithe ag Sarah ar a leathanach Facebook cheana féin agus tá níos mó ná sin ann ó iTunes agus Amazon agus na háiteacha sin a bhfuil an singil ar fáil,” a dúirt sé. 

Ní raibh aithne cheart ag MacDara agus Sarah ar a chéile sular thug siad faoin togra seo an bhliain seo caite, ach bhí meas mór acu ar amhránaíocht a chéile. Dúirt MacDara “go dtéann an togra siar ceithre nó cúig bliana ó shin” agus é ag breathnú ar chlár ceoil ar TG4 ina raibh Sarah Ghriallais le feiceáil.

“Bhí Sarah ar an teilifís ag gabháil fhoinn agus tháinig mo bhean isteach sa seomra agus dúirt ‘wow, cé hí sin?’. Is as an bPolainn í mo bhean agus níl mórán cleachtadh aici ar an sean-nós, ach d’aithin sí bua Sharah, bhí an-iontas uirthi. Dúirt sí ‘caithfidh tú amhrán a rá léi am eicínt’, mar sin fuair mé uimhir Sharah agus chuir mé glaoch uirthi. 

“Bhí aithne againn ar amhráin a chéile cheana féin ach ní raibh aithne cheart againn ar a chéile. Dúirt mé ‘níl aon smaoineamh mór déanta agam ach ar mhaith leat amhrán a chasadh le chéile?’, dúirt sí gur bhreá agus d’fhág muid é ar feadh cúpla mí. Bhí comhrá mór ceart againn faoi ansin agus luaigh muid cúpla amhrán sular aontaigh muid ar ‘Peigín is Peadar’, amhrán a d’fheil go maith d’fhear agus bean,” a dúirt MacDara. 

Bhí chuile shórt socraithe agus an bheirt amhránaithe Gaeltachta réidh leis an amhrán a thaifeadadh nuair a tháinig an chéad ráig den víreas corónach go hÉirinn in earrach na bliana seo caite, agus chuir as do phleananna na beirte. 

“Bhuail an Covid ansin, agus níor fhéad muid castáil le chéile ná an taifead a dhéanamh sa stiúideo go ceann i bhfad. Bhí chuile dhuine a cheapadh an t-am sin nach mbeadh an víreas thart ach ar feadh cúpla seachtain eile, ach de réir a chéile thuig muid nach mbeadh tada ag tarlú ar feadh tamall maith. 

“Bhí muid ag smaoineamh faoi fhíseán a dhéanamh ach faoin tráth sin bhí físeán déanta ag chuile dhuine agus daoine ag éirí bréan de. Chuir mé glaoch ar chairde liom féin, Ciarán Byrne, Pádraig Ó Broin, agus daoine eile agus d’iarr mé orthu cúnamh a thabhairt leis an togra. Nuair a bhí an chéad dianghlasáil thart chuaigh Sarah go Blackgate Studio i nGaillimh agus chas sí leis na ceoltóirí. Ní raibh Covid ar bith in Árainn an t-am sin, agus d’fhan mé féin ann le trealamh a cheannaigh mé ar líne. Bhí mé ag caint leis an innealtóir fuaime faoi na rudaí teicniúla agus thaifead mé mo chuid véarsaí féin ag baile. Bhí sé tamall ó rinne mé aon rud le ceol mar gheall ar Covid ach thaitin sé liom,” a dúirt sé. 

Níor mar thogra bailithe airgid a thosaigh an togra ceoil ar chor ar bith, ach i ndiaidh do MhacDara agus Sarah a bheith ag caint faoin ngalar agus faoi ghaolta Sharah a bhfuil an galar orthu, bheartaigh siad an t-airgead a chruinneofaí ó dhíol an amhráin a thabhairt go Cumann Alzheimer na hÉireann. 

“Bhí Sarah ag caint liom faoi na gaolta atá aici ar raibh galar Alzheimer orthu, agus faoin imní a bhíonn uirthi féin anois agus arís go dtiocfadh an galar céanna uirthise agus dúirt muid go mbeadh sé go deas an t-airgead a thabhairt don charthanas sin. Ghlaoigh mé ar an gCumann Alzheimer agus bhí siadsan breá sásta le hairgead ar bith, airgead atá ag teastáil go géar uathu,” a dúirt MacDara. 

Tá an t-amhrán ‘Peigín is Peadar’ ar fáil anois ar na hardáin éagsúla cheoil agus socrú déanta ag MacDara agus Sarah leo go ngabhfadh chuile phingin ó dhíol an amhráin chuig Cumann Alzheimer na hÉireann. Cuirfear tús an mhí seo chugainn le feachtas mór poiblíochta agus bailithe airgid agus súil ag an mbeirt amhránaithe seic mór a bhronnadh ar an gCumann ar Lá Domhanda Alzheimer (19 Meán Fómhair). 

Tá cúpla leagan den amhrán ar an dlúthdhiosca: leagan traidisiúnta sean-nóis, leagan a bhfuil ceol tuaithe leis, agus leagan nach bhfuil aon fhocal leis. Is féidir é a cheannacht anseo.

Níos mó