Is as Gaeilge a bhíonn níos lú ná ceann amháin as gach 100 comhrá a chloistear ar shráideanna na Gaillimhe, de réir taighde nua.
Agus plean teanga chathair na Gaillimhe á ullmhú, rinneadh staidéar ar úsáid na dteangacha ar shráideanna na cathrach agus ar an méid Gaeilge a labhraítear.
As an 3,176 comhrá a nótáladh mar chuid den suirbhé, ní raibh ach 18 acu i nGaeilge.
Bailíodh an t-eolas thar dhá thréimhse trí lá mí Aibreáin agus mí Bealtaine 2019. Shiúil na suirbhéirí trí lár na cathrach agus rinneadh nóta de na comhráite neamhfhoirmeálta a chualathas ar na sráideanna. Níor ghlac na suirbhéirí féin aon pháirt sna comhráite.
Sa chéad sampla, nótáladh 1,674 comhrá ar fad agus 12 acusan a bhí as Gaeilge, 0.7% den iomlán. Bhí 1,372 de na comhráite as Béarla (82%) agus 290 acu a bhí i dteangacha eile (17.3%).
Breacadh síos sonraí chomh maith maidir le haois na gcainteoirí. As an 29 duine a ghlac páirt sa 12 comhrá as Gaeilge, bhí deichniúr acu idir 15-24 bliain d’aois, 11 duine a bhí idir 24-64 agus ochtar a bhí 65 nó níos sine.
Sa dara sampla, ní raibh ach sé chomhrá as Gaeilge (0.4%) le cloisteáil as an 1,502 comhrá ar fad a nótáladh thar thréimhse trí lá. Bhí 1,227 de na comhráite sin as Béarla (81.6%) agus 269 a bhí i dteangacha eile (18%).
As an 11 duine a bhí páirteach sna comhráite Gaeilge, bhí páiste amháin idir 2-14 bliain d’aois, seachtar idir 24-64 agus triúr a bhí 65 nó níos sine.
Is é an cur chuige a bhí ag lucht an tsuirbhé gan díriú ach ar iompar na ndaoine a bhí ar na sráideanna, amuigh faoin aer sna spásanna poiblí, seachas laistigh sna foirgnimh nó spásanna inmheánacha eile.
Deirtear go ndearnadh modheolaíocht na suirbhéireachta seo a fhorbairt i dTír na mBascach, áit a bhfuil an-tábhacht léi chun bheocht shóisialta na Bascaise a mheas.
Cé gur léirigh an suirbhé a laghad Gaeilge atá le cloisteáil ar shráideanna chathair na Gaillimhe, léirigh suirbhé a rinneadh ar líne agus an plean á ullmhú go bhfuil bá don Ghaeilge sa chathair.
Tugtar le fios go gceapann breis is 60% den phobal go bhfuil sé tábhachtach do chathair na Gaillimhe go mairfeadh an Ghaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
Dúirt 59% de na faisnéiseoirí go mba mhaith leo go mór níos mó Gaeilge a úsáid gach lá. Níos lú ná 10% a thug le fios nach raibh aon suim acu níos mó Gaeilge a labhairt gach lá.
Déantar cur síos ar 37 beart i bPlean Teanga Chathair na Gaillimhe 2020-2026, a foilsíodh an tseachtain seo caite, chun seirbhísí poiblí, tráchtála agus siamsaíochta a chur ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chathair.