Tá 17 mí eile curtha le téarma príosúin péidifileach as Gaeltacht Chonamara.
Tá téarma príosúin 13 bliain á cur isteach cheana ag Seosamh Ó Ceallaigh as an Tuairín i mBéal an Daingin i gConamara as éigniú agus mí-úsáid ghnéis leanaí.
Iarmhúinteoir bunscoile a mbíodh bus á thiomáint aige ar chúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht é Seosamh Ó Ceallaigh, a shéan i dtólamh dhá chúis a bhain le hionsaí mígheanasach a dhéanamh ar bhuachaill deich mbliana d’aois le linn cúrsa samhraidh Gaeltachta i mBéal an Daingin i 1979.
Téarma príosúin dhá bhliain ar a mhéid atá leagtha síos do choir dá leithéid.
Ag triail a mhair ceithre lá i gCúirt Chuarda Choiriúil na Gaillimhe, chinn giúiré an mhí seo caite go raibh Ó Ceallaigh ciontach.
Ag an éisteacht faoin bpianbhreith inniu, dúirt an Bleachtaire Paul Duffy gur péidifileach cruthanta é Ó Ceallaigh a bhí ciontaithe as 125 coir inar bhain sé mí-úsáid as leanaí le linn dó a bheith ag múineadh i scoil mBaile Átha Cliath agus i bhfeighil ar chúrsa samhraidh Gaeltachta i mBéal an Daingin.
Ar na coireanna sin bhí éigniú agus ionsaí gnéasach, coireanna a bhfuil téarma príosúin 13 bliain á chur isteach aige dá mbarr.
Bhí deireadh le teacht leis an téarma príosúin sin mí Lúnasa 2024, ach d’fhógair an Breitheamh Rory McCabe go gcuirfí 17 mí eile leis.
Agus a chinneadh á fhógairt aige inniu luaigh an Breitheamh gur shéan Ó Ceallaigh na coireanna agus nár léirigh sé go raibh aon aiféala air. Thagair sé chomh maith don dochar mór fadtéarmach a bhí déanta do shaol an duine a bhí i gceist sa gcás seo.