Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ainm-gaeilge-an-t-ainm-is-coitianta-in-23-stat-i-meiricea

Ainm Gaeilge an t-ainm is coitianta in 23 stát i Meiriceá

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Is é an t-ainm Gaeilge ‘Liam’ an t-ainm is coitianta in 23 stát de chuid Stáit Aontaithe Mheiriceá, de réir eolais atá curtha ar fáil ag an suíomh idirlín Nameberry. Cruinníonn lucht Nameberry eolas faoi na hainmneacha a thugtar ar pháistí ar fud an domhain agus foilsíonn staitisticí chuile mhí. 

Scaip an comhlacht léarscáil ar na meáin shóisialta ag an deireadh seachtaine ar a léirítear na hainmneacha ba choitianta sna stáit éagsúla in 2020. Tá ‘Liam’ ar bharr an liosta in 23 stát ar fud na tíre, ó Hawaii go New York. Tá an leagan Béarla den ainm ar bharr an liosta in dá stát – Alabama agus West Virginia – agus in Washington DC. Ar na hainmneacha eile atá coitianta i Meiriceá tá Oliver (17 stát); Noah (5 stát); agus James, Henry agus Lucas atá ar bharr an liosta i dtrí stát eile. 

Ní raibh ainm Gaeilge do chailíní ar bharr an liosta do stát ar bith, de réir fhigiúirí Namberry, ach bhí leaganacha éagsúla de Chiara agus Méabh le feiceáil go hard ar na liostaí do roinnt stát.

Tá ‘Maeve’ sa dara háit ar an liosta do na hainmneacha do chailíní is mó cuardach ar shuíomh Nameberry féin i mbliana – a bhuí, seans, leis an tsraith Netflix Sex Education agus an príomhcharachtar Maeve Wiley.  Tá ‘Kiera’ sa gcéad áit ar liosta na n-ainmneacha ‘uathúla’ do chailíní – is é sin le rá an 1001ú ainm ar mhórliosta na n-ainmneacha coitianta.

Tá an t-ainm ‘Finn’ (nó ‘Fionn’) sa séú háit ar liosta na mbuachaillí sa rannóg chéanna. 

Ar chairt eile a d’fhoilsigh Nameberry le deireanas, tugtar léargas ar na hainmneacha atá ‘neodrach ó thaobh inscne de’ i Meiriceá. Is é sin le rá, ainmneacha a thugtar go coitianta ar bhuachaillí agus ar chailíní araon. Bhí an t-ainm Gaelach ‘Rory’, ar leagan é den ainm Gaeilge ‘Ruairí’, ar bharr an liosta sin in Rhode Island. Ainneoin nach iondúil a thugtar Rory ná Ruairí ar chailíní sa tír seo, is í an Rory is cáiliúla i Meiriceá faoin am seo ná Lorelai ‘Rory’ Gilmore, duine de phríomhcharachtair na sraithe teilifíse The Gilmore Girls a bhí ar an scáileán beag ó 2000 go 2007 agus atá fós i mbéal an phobail. 

Bhí ainmneacha eile Gaelacha ar liosta na n-ainmneacha atá neodrach ó thaobh inscne de don tír uilig freisin: ‘Riley’ (Raghallach), ‘Ryan’ (Rian), ‘Quinn’ (Conn), agus ‘Finley’ (Fionnlaoch).

Níos mó