Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘leaba-an-bhais’-agus-‘ros-na-run’-ainmnithe-do-ghradaim-chuallacht-scribhneoiri-na-heireann

‘Leaba an Bháis’ agus ‘Ros na Rún’ ainmnithe do Ghradaim Chuallacht Scríbhneoirí na hÉireann

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá dhá shaothar Gaeilge ainmnithe i rannóga éagsúla do Ghradaim Chuallacht Scríbhneoirí na hÉireann. Fógraíodh an gearrliosta tráthnóna aréir agus tá na scríbhneoirí Darach Mac Con Iomaire agus Eimear Ní Choisdealbha ainmnithe dá gcuid oibre ar Leaba an Bháis agus Ros na Rún faoi seach. 

Is é Darach Mac Con Iomaire a scríobh an dráma raidió Leaba an Bháis a craoladh ar an gclár Drama On Onear RTÉ Radio One i mí Mhárta 2020. Insítear ann scéal Frank, fear a thit de dhíon an tí agus atá i gcóma agus siondróim iniata air. Cloistear chuile shórt mar a chloiseann Frank é – na comhráite a bhíonn ag a mhuintir ina thimpeall, caint na n-altraí agus na ndochtúirí – agus gan a fhios ag na daoine eile sa seomra gur féidir le Frank iad a chloisteáil. Bhuaigh an dráma an gradam don dráma is fearr in Éirinn ag Gradaim IMRO 2020 agus bhí sé ar an ngearrliosta don ‘Dráma Eorpach Is Fearr’ ag Gradaim Closdrámaíochta BBC i mbliana. Tá Darach Mac Con Iomaire ainmnithe sa rannóg ‘Dráma Raidió’.

Darach Mac Con Iomaire

Is í Eimear Ní Choisdealbha a scríobh an script d’eagrán 26 de shraith 25 den sobalchlár cáiliúil Ros na Rún a bhíonn á chraoladh ar TG4 ar an Máirt agus ar an Déardaoin. Craoladh an t-eagrán seo den chéad uair i mí na Nollag anuraidh. Tá Eimear ainmnithe sa rannóg ‘Dráma Leanúnach’. 

Eimear Ní Choisdbarbha agus Sean T Ó Meallaigh. Pic: Martina Regan.

Tá Gradaim Chuallacht Scríbhneoirí na hÉireann á mbronnadh le 14 bliain anois agus bronntar seacht ngradam i rannóga éagsúla. Tá an scríbhneoir Gaeilge Richie Conroy ainmnithe i rannóg na drámaíochta teilifíse dá chuid oibre ar an sraith Bhéarla Malory Towers

“Léirítear a iontaí is atá scríbhneoirí na hÉireann, idir scríbhneoirí stáitse, scáileáin agus raidió, ar ghearrliosta na bliana seo. Is gearrliosta é atá lán go béal le tallann agus meascán de ghlórtha nua agus seanfhondúirí. Is suntasach an rud é gur aimsigh na scripteanna seo lucht féachana agus éisteachta in 2020 i bhfianaise ar an tionchar mór a bhí ag an bpaindéim ar an earnáil. Tá ríméad orainn a bheith in ann scríbhneoirí na hÉireann a cheiliúradh arís leis na Gradaim Zebbie,” a dúirt cathaoirleach Chuallacht Scríbhneoirí na hÉireann Jennifer Davidson.

Níos mó