Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘nil-aon-uaillmhian-ag-stat-na-heireann-i-leith-mheain-chumarsaide-na-gaeilge’-–-esslemont

‘Níl aon uaillmhian ag stát na hÉireann i leith mheáin chumarsáide na Gaeilge’ – Esslemont

| Maitiu O Coimin | ,

Tá maíte ag Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont “nach bhfuil aon uaillmhian ag stát na hÉireann i leith phobal labhartha na Gaeilge ná i leith mheáin chumarsáide na Gaeilge”. 

Agus é ag labhairt ag seoladh Sceideal an Fhómhair, ócáid a reáchtáladh ar Zoom ar maidin, dúirt Alan Esslemont go bhfuil “tacaíocht” áirithe tugtha ag an stát don Ghaeilge in imeacht an chéid ó bunaíodh an Saorstát ach nach raibh sé riamh “uaillmhianach” ina leith.

“Nuair a dhéantar comparáid leis an mbealach a thacaítear leis an mBreatnais sa Bhreatain Bheag, is léir nach bhfuil aon uaillmhian ag stát na hÉireann i leith phobal labhartha na Gaeilge ná i leith mheáin chumarsáide na Gaeilge. Tá struchtúr monailiteach ar na Meáin Seirbhíse Poiblí in Éirinn. Ní mór d’eagraíocht meán seirbhíse poiblí na hÉireann a bheith níos inbhuanaithe i ndiaidh na paindéime, ach níor mhór dóibh freisin a bheith níos iléagsúla a bheidh lena thuilleadh iolrachta,” a dúirt sé ina óráid Bhéarla.

Thagair Alan don cháipéis Fís TG4 tar éis Covid agus mhaígh go leagtar amach “bealach níos córa agus níos cothroime” sa cháipéis sin do chóras státmhaoinithe leithéidí RTÉ, TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann. 

Thart ar leathuair an chloig a mhair seoladh Sceideal an Fhómhair ar maidin, agus ba í an láithreoir aitheanta as Tír Chonaill Caitlín Nic Aoidh a chuir an ócáid i láthair. Labhair Alan Esslemont agus Eagarthóir Coimisiúnaithe an stáisiúin Deirbhile Ní Churraighín faoi na cláracha a bheidh le feiceáil ar an stáisiún Gaeilge idir seo agus an Nollaig. 

Dúirt Deirbhile go mbeidh “na rudaí a bhfuil an-chion ag an bpobal féachana orthu” ag filleadh ar an stáisiún i mbliana agus í ag tagairt don réimse leathan spóirt a bheidh ar TG4 chomh maith leis An Western agus a leithéid. Agus é ag freagairt ceiste ó dhuine a bhí i láthair ag an ócáid dúirt Alan Esslemont nach raibh aon phlean ag TG4 Le Film a thabhairt ar ais faoi láthair. 

Chomh maith le The Western agus cláracha seanbhunaithe eile – leithéidí Ros na Rún, Fíorscéal, Junior Eurovision, agus Underdogs – tá roinnt mhaith cláracha nua ar Sceideal an Fhómhair, idir chláracha faisnéise agus chláracha siamsaíochta. 

‘An Cuan’

Tabharfar léargas ar Chuan Bhaile Átha Cliath, na héiceachórais agus an bhithéagsúlacht atá le fáil ann sa chlár nua faisnéise An Cuan (Oddboy Media). Beidh Bádóirí (AniarTV) ar an scáileán arís agus súil á caitheamh ar an tionchar a bhí ag an víreas corónach ar bhádóirí na Ceathrún Rua. Agus an phaindéim seo fós ag réabadh leis, caithfear súil siar ar phaindéimí eile a tharla san am a caitheadh sa chlár Go mBeirimid Beo (Tua Films), chomh maith le paindéimí nár tharla fós.

Tá cáil ar TG4 le fada an lá mar gheall ar na cláracha staire agus beidh scéalta spéisiúla faoin Éireannach mná a chaith urchar le Mussolini (Violet Gibson, Ned Kelly Productions), faoin ngalar marfach eitinn in Éirinn agus na daoine a chuir an tinneas faoi smacht anseo (TB: Scéal Eitinn in Éirinn, Square One Productions), agus faoi naomh mór Dhún na nGall Colm Cille, fear atáthar a cheiliúradh i mbliana, 1,500 bliain i ndiaidh a bhreithe (Colm Cille: An Naomh Dána, Abú Media).

‘Violet Gibson: An tÉireannach Mná a Lámhach Mussolini’

Beidh Hector Ó hEochagáin ar an scáileán beag arís agus clár nua aige faoi na daoine éagsúla atá tagtha chun cónaithe in Éirinn le blianta beaga anuas (Éire Nua, Domhan Media); beidh Caoimhe Ní Chathail ag plé an fhaisin agus an comhshaol sa tsraith Éadaí SOS (Waddell Media); agus beidh seachtar, idir fhir agus mhná, ag tabhairt faoi dhúshlán meáchan a chailleadh agus a saol a athrú sa chlár Na Slimmers (Imagine Media). 

Tá an t-eolas ar fad faoi sceideal nua an Fhómhair ar fáil ar shuíomh TG4 anois. 

Tugadh deis ag an ócáid dá raibh i láthair ceisteanna a chuir faoin sceideal. Freagraíodh cuid de na ceisteanna sin a cuireadh ar fhoireann an stáisiúin ach rinneadh neamhaird de shraith diancheisteanna ó Choncubhar Ó Liatháin, iarbhall de Bhord TG4, faoi straitéis Alan Esslemont freastal ar “chroíphobal na Gaeilge” sa sceideal, agus ceisteanna faoin soláthar cúrsaí reatha ar an stáisiún.

“Cén riar a bheidh á dhéanamh ar chroíphobal na Gaeilge sa sceidela nua – cén céatadán den sceideal nua a bheidh dírithe ar an taoscán seo den lucht féachana? Léiríodh i dtuarascáil le déanaí nach raibh ach 26% den sceideal dírithe ar an bpobal seo. An bhfuil sé i gceist an riar a chúrsaí reatha a fheabhsú ó leathuair an chloig sa tseachtain i 7 Lá? An mbeidh aon acmhainní breise á ndíriú ar an gclár sin?,” a d’fhiafraigh Concubhar den phainéal, ach freagra ní bhfuair sé. 

Chuir fear Mhúscraí ceisteanna, nár freagraíodh ach an oiread, faoin ardú infheistíochta a theastódh ón rannóg nuachta agus cúrsaí reatha “chun an t-uascálú ar labhair Alan Esslemont faoi a bhaint amach” agus faoin lucht féachana “íseal” atá ag Nuacht TG4.

Níos mó