Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
se-leid-don-duine-a-thosoidh-ar-an-gcolaiste-an-mhi-seo

Sé leid don duine a thosóidh ar an gcoláiste an mhí seo

| Ruairi Egan | ,

Tá an chéad bhliain sa choláiste críochnaithe agam. Faoi thrí. Dhá chúrsa, agus bliain ar cheann acu déanta faoi dhó. Tá rud nó dhó foghlamtha agam, mar sin, faoi bheith ag tosú ar an oideachas tríú-leibhéal, faoi na dúshláin, agus faoin athrú cultúrtha a bhíonn ann i gcomparáid leis an meánscoil. Agus na coláistí ar fad ag tosú arís go luath, tá nodanna agam leis an mbliain a chur ina ceart agus tús maith a bheith agat. 

Teagmháil leis na léachtóirí 

Rud tábhachtach anseo. Breac síos ainm, sonraí teagmhála, agus uaireanta san oifig do chuile theagascóir a bheidh agat ar do chéad lá. Tá seans an-mhaith ann go mbeidh ort labhairt leo i gceann cúpla seachtain agus ní thaispeánann gach léachtóir na sonraí seo níos mó ná uair amháin. Sábhálfar neart ama ag cuardach nuair a bhíonn tú faoi bhrú le measúnuithe 

Freastal ar imeachtaí 

Ar mo chéad iarracht sa chéad bhliain (nó Babhta a hAon, mar a thugaim air), bhí seachtar eile ó mo bhliain scoile ar an gcúrsa liom. Go pearsanta, an cinneadh ab fhearr a rinne mé ná freastal ar Oireachtas na Samhna leis an gCumann Gaelach, in ainneoin nach raibh spéis ag duine ar bith ón scoil (cé go ndearna mé iarracht iad a mhealladh). Bhuail mé le daoine nua, agus cairde atá agam go fóill cé gur chríochnaigh siad leis an ollscoil cúpla bliain ó shin. Má ta club, nó cumann a bhfuil spéis agat ann, freastal ar na himeachtaí a bhíonn acu, beidh spéis acu ionat mar dhuine nua agus ní chreidfeá an cairdeas a bhíonn ann. 

Leag síos an cupán 

Mura bhfuil tú ag ól caife ag an stad seo, ná tosaigh. Chonaic daoine ina n-andúiligh ar an deoch the dhubh seo faoin am a bhí bréagscrúduithe na hArdteiste ag tarlú, agus iad ag streachailt sa choláiste gan cupán de go rialta i rith an lae. Ná tosaigh leis anois. 

Cuir aithne ar an Aontas 

Tá Aontas na Mac Léinn ag gach ollscoil sa tír, agus tá siadsan ann le cuidiú leatsa. Má bhíonn ceist ar bith agat, cuir orthu é. Gach seans go mbeidh sí cloiste acu cheana féin, agus mura mbíonn freagra acu, beidh a fhios acu cinnte cé a bheidh ábalta cabhrú leat. 

Caitheamh cliobóg

Is cinnte go bfhuil tú ag iarraidh cairdeas a chothú ar do chúrsa, ach i ndáiríre níl aithne cheart ag duine ar bith ar a chéile i dtosach, agus ar feadh cúpla seachtain. Déan iarracht suí le daoine nua difriúla i ranganna éagsúla sa chéad chúpla seachtain, cuirfidh tú aithne ar neart daoine. Ar nós speed-dating, ach le cairdeas. 

Bia 

Má bhíonn tú ag cónaí as baile den chéad uair, bíonn sé deacair a bheith freagrach as gnáthchúrsaí an tsaoil anuas ar an staidéar. Is í an chócaireacht an dualgas is deacra do mhórán. Modh a d’fhoghlaim mé ná béilí móra a ullmhú, agus a leath a choinneáil sa chuisneoir a bheidh mar lón nó dinnéar an lá dár gcionn. An t-ualach roinnte ina leath. 

Níos mó