Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
ta-seasur-na-smugairli-roin-linn-–-an-aithneofa-na-cinn-is-contuirti?

Tá séasúr na smugairlí róin linn – an aithneofá na cinn is contúirtí?

| Maitiu O Coimin | ,

Tá méadú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag snámh sa bhfarraige ó thosaigh an phaindéim an bhliain seo caite. Agus srianta diana i bhfeidhm faoin spórt foirne agus faoi na spórtlanna, chuaigh muintir na hÉireann i muinín na mara le spórt, spraoi agus aclaíocht a aimsiú.

Tá an fómhar linn anois, áfach, agus tá na smugairlí róin i mbarr a réime. Bíonn smugairlí éagsúla róin le feiceáil ar snámh sa bhfarraige ag amanna éagsúla den bhliain, ach is thart ar mhí Lúnasa a bhíonn an líon is mó cineálacha éagsúla le feiceáil ann. Is beag dochar a bhíonn i gcuid acu, an sceith róin (Aurelia aurita) mar shampla, agus tá cinn eile ann a d’fhéadfadh duine a mharú (go hannamh) – an smugairle leonmhongach. 

Seo thíos treoir don snámhaí mara! 

An Sceith Róin (Aurelia aurita)

An Sceith Róin

Is iad seo na smugairlí róin is coitianta in Éirinn agus na cinn is lú contúirt. Ciorcail bheaga chruinne ar dhath an uisce iad a mbíonn ceithre fháinne chorcra ina lár. Bíonn siad deacair a fheiceáil scaití ach ní baol don duine daonna iad. Is minic a bhíonn siad ar snámh ar bharr uisce ina sluaite, ach bíonn siad idir dhá uisce freisin. Tá ga an-lag sna cosa gairide ach is féidir le formhór na ndaoine lámh a chur orthu agus snámh tríothu gan an ga a aireachtáil. Bíonn siad thart ar 25-40cm ar leithead.

Smugairle na Gaoithe (Velella velella)

Smugairle na Gaoithe

Ní smugairle róin ceart é seo ach tá an-chosúlacht aige le smugairlí róin agus is fiú é a lua. Bíonn dath álainn gorm ar an gcréatúr ubhchruthach seo, agus bíonn ‘seol’ beag ar bharr an bholgáin. Tugann an ghaoth anonn is anall ar bharr uisce iad agus dá bharr sin d’fhéadfadh siad a bheith san uisce lá ar bith den bhliain, agus is minic a chruinníonn siad le chéile ina sluaite.  Bíonn cosa beaga (10cm nó mar sin) orthu a mbíonn ga lag ann (ach níos láidre ná an ga atá ag an sceith róin).

Smugairle an Chompáis (Chrysaora hysoscella)

Smugairle an Chompáis

Seo an smugairle róin ‘contúirteach’ is coitianta in Éirinn. Tá ga láidir pianmhar sna cosa fada a shíneadh amach ón mbolg mór donn. Bíonn dath cineál bánbhuí ar an mbolgán agus línte donna nó dearga ina lár, línte a chuirfeadh airde an chompáis i gcuimhne do dhuine. Bíonn an bolgán réasúnta mór (30-50cm) agus d’fhéadfadh na cosa a bheith an-fhada. Cé go mb’fhéidir go bhfeicfí roinnt mhaith acu le chéile, is iondúil go mbíonn spás mór eatarthu, murab ionann agus an sceith róin. Ní mór a bheith an-airdeallach fúthu seo – b’fhéidir go mbeadh siad ar bharr uisce, idir dhá uisce, nó ina luí ar an ngrinneall. Níor cheart lámh a chur orthu fiú agus iad triomaithe. 

Smugairle Róin Gorm (Cyanea lamarckii) 

Smugairle Róin Gorm

Níl an ceann seo chomh coitianta céanna leis na cinn a eile a luadh go dtí seo, ach ní mór a bheith ar an airdeall fúthu. Bíonn dath an-ghorm agus cruth cuach orthu, ach bíonn dath buí nó corcra ar chinn atá an-óg nó an-sean. Bíonn siad thart ar 30cm ar leithead agus bíonn go leor leor cos fúthu, cosa a mbíonn ga láidir pianmhar iontu. 

Scálachaí (Pelagia noctiluca)

Scálachaí

Bíonn siad seo thar a bheith beag, gan ach 10cm ar leithead nó mar sin, ach bíonn an ga atá sna cosa fada (suas le trí mhéadar!) an-phianmhar mar sin féin. Tá siad ag éirí i bhfad níos coitianta in Éirinn le tamall de bhlianta anuas agus is minic a chruinníonn siad le chéile ina sluaite. Idir dhá uisce a bhíonn siad den chuid is mó. Déan neamhaird de chomhairle Dory ó Finding Nemo agus an cineál áirithe seo smugairle róin os do chomhair – ‘the tops do sting!’. Bíonn ga láidir sna cosa, mar a bhíonn i gcás na smugairlí eile, ach bíonn faithní beaga ar an mbolgán lán gathanna freisin. Is furasta iad a aithint san oíche ó lonraíonn siad faoin uisce.

Smugairle Róin Béalrufach (Rhizostoma pulmo)

Smugairlí Róin Béalrufacha

Mar a thuigfí ón ainm, bíonn rufaí móra ar bhéal an bholgáin ar an smugairle mór bán seo. Shílfeá gur taibhse mara a bhí amach romhat agus tú sa bhfarraige leis an gcréatúr seo a bhíonn bán den chuid is mó ach a bhfuil corcra, buí agus oráiste ar imeall an bholgáin. Ní bhíonn aon chos orthu seo, ach tá ga láidir sna rufaí sin timpeall an bhéil. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhú ailléirgeach agus ní mór a bheith thar a bheith cúramach timpeall orthu dá bharr. 

Smugairle an tSeoil (Physalia physalis)

Smugairle an tSeoil

Ní smugairle róin ceart é seo ach an oiread, ach ba cheart a bheith ar an eolas faoi mar sin féin. Ní bhíonn an bolgán ach 30cm ar leithead ach d’fhéadfadh na cosa a bheith chomh fada le 50m ar fad! Is ceithre ainmhí éagsúla iad a mhaireann le chéile agus a bhfuil cruth smugairle róin orthu. Is minic a eisítear foláirimh faoi iad a bheith i bhfarraigí na hÉireann ó tharla iad a bheith thar a bheith contúirteach. Bíonn baol ar leith ann do pháistí óga mar gheall ar a lonraí is a bhíonn na dathanna orthu agus a láidre is a bhíonn an ga iontu. Bíonn bolgán mór gorm nó pinc orthu agus seol daite ar a bharr sin. 

Smugairle Leonmhongach 

Smugairle Leonmhongach

Bíonn na smugairlí seo mór millteach – tuairim is dhá mhéadar ar leithead. Bíonn na céadta cosa orthu agus ga láidir pianmhar i ngach ceann acu. Ardaítear an bhratach dhearg ar thránna nuair a fheictear iad agus moltar do shnámhaithe gan dul san uisce. Ar an lá is fearr, cuirfidh sé ga an-láidir agus an-phianmhar ionat agus ar an lá is measa d’fhéadfá bás a fháil leis an turraing anaifiolachtach, nó tá an baol ann go mbáfaí thú mar gheall ar an bpian. Dá bhfeicfeá ceann san uisce, ba cheart dul ar ais ar an trá agus a rá leis an ngarda tarrthála nó glaoch ar an gcomhairle contae. Is in oirthear na tíre a bhíonn siad den chuid is mó. 

Seo a lean an chomhairle atá ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann maidir le leigheas an gha a fhaightear ó smugairlí róin: 

“Déan cinnte nach gcuirtear ga ionat féin má bhíonn tú ag tabhairt cúnaimh do dhuine eile. Bíodh miotóga ort, nó úsáid maide nó tuáille leis na cosa (smugairle róin) a bhaint den chraiceann). Ná cuimil an craiceann ar fhaitíos go scaoilfeadh tú tuilleadh nimhe. Glan an craiceann leis an sáile, ná glan le fíoruisce, fínéagar, alcól ná fual é. Cuir leac oighir, atá istigh i dtuáille nó léin, ar an gcraiceann.” 

Moltar fios ar chur ar dhochtúir má bhíonn níos mó ná mionphian i gceist agus fios a chur ar na seirbhísí éigeandála má bhíonn deacrachtaí anála nó croí ag an duine. 

Níos mó