Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘tearmann-slan-sabhailte-ag-al-queda-san-afganastain-inniu’-–-toscaire-speisialta-de-chuid-na-naisiun-aontaithe

‘Tearmann slán sábháilte ag Al-Queda san Afganastáin inniu’ – Toscaire Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe

Tá cáineadh géar déanta ag Toscaire Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe ar Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden as an “fhaillí” atá déanta aige ar mhuintir na hAfganastáine.

Ag labhairt di ar an chlár Adhmhaidin ar RnaG ar maidin, dúirt Fionnuala Ní Aoláin, Toscaire Speisialta ar Chearta an Duine agus Frith-sceimhleitheoireacht de chuid na Náisiún Aontaithe, go bhféadfadh sé gur “Saigon eile” atá i ndán don Afganastáin agus gur gá cosaint a thabhairt do ghnáthmhuintir na tíre sin, “mná agus páistí” go mórmhór.

“Tá eolas ag teacht isteach cheana féin chuig na saineolaithe ag na Náisiúin Aontaithe faoi cad atá tarlaithe, go háirithe do na mná, sna cúigí ar thóg an Taliban seilbh orthu le seachtain anuas. Tá siad ag coinneáil mná sa bhaile agus tá brú ar gach leibhéal sonrach.

“Sa bpost atá agam…is féidir liom a rá go bhfuil Al-Queda slán sábháilte san Afganastáin inniu agus tá siad ag ceiliúradh faoin méid a tharla le seachtain anuas mar go dtuigeann siad gur féidir leo ionsaí eile a dhéanamh ar an domhan,” a dúirt sí.

Dúirt Ní Aoláin, Ollamh le Dlí agus Cearta an Duine in Ollscoil Minnesota, go dteastaíonn “gníomh idirnáisiúnta” le cearta daonna mhuintir na hAfganastáine a chosaint.

“Tá sé de dhualgas ar an domhan uilig seasamh suas don tír seo. Tá sé mar dhualgas orainn théis fiche bliain a rá nach bhfuil muid chun cur suas le grúpa leis an chineál idéalachais seo, leis na hionsaithe agus an damáiste a dhéanann siad agus nach bhfuil muid sásta glacadh leo mar rialtas don Afganastáin.”

Cháin Ní Aoláin Uachtarán Mheiriceá, Joe Biden, as tarraingt amach as an Afganastáin “gan phlean” agus “gan cosaint” a thabhairt do mhuintir na hAfganastáine agus do na fórsaí eile a thacaigh leo.

Mairfidh na focail ó bhéal Joe Biden faoi shlándáil Mheiriceá “mar ábhar náire”, a dúirt sí.

“Tá siad ag iarraidh an milleán a chur Donald Trump faoi céard a tharla le cúpla seachtain anuas ach baineann seo le Joe Biden.

“Tusa [Biden] a rinne an cinneadh daoine a tharraingt amach, sibh féin a tharraingt amach gan phlean, gan aire ná cosaint a thabhairt do dhaoine, fiú amháin na daoine a thug tacaíocht duit ó thaobh cúrsaí armtha agus míleata de, d’fhág tú iad.”

Dúirt Ní Aoláin go raibh “dualgas ar thír a dhéanann ionsaí ar thír eile cosaint a thabhairt don ghnáth-chosmhuintir nuair a fhágann siad, ach gur fhág fórsaí Mheiriceá gan “glanadh suas ina ndiaidh”.

Tá ábhar “seimineáir” ann, a dúirt sí, faoi na botúin a rinne na Stáit Aontaithe san Afganastáin le fiche bliain anuas.

Dúirt Ní Aoláin, go raibh “suíochán an-tábhachtach” ag Éirinn ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus “cumhacht áirithe” againn tionchar a imirt ar céard a tharlóidh amach anseo.

Caithfear a chinntiú go gcuirfear an rialtas nua san Afganastáin i bhfeidhm “fríd phróiseas daonlathach” agus tacaíocht a thabhairt dó, a dúirt sí.

“Caithfidh gach tír na doirse a oscailt agus glacadh le daoine atá ag iarraidh éalú ón Afganastáin,” arsa Fionnuala Ní Aoláin.

Níos mó