Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘teastaionn-cuarbhothar-i-ngaillimh’

‘Teastaíonn cuarbhóthar i nGaillimh’

| Maire Treasa Ni Cheallaigh | ,

Teastaíonn níos mó bealaí rothaíochta i gcathair na Gaillimhe. Teastaíonn níos mó cosáin atá sábháilte do dhaoine atá ag siúl. Teastaíonn níos mó iompar poiblí. Agus teastaíonn cuarbhóthar. 

Táthar ann a dheireann nach dteastaíonn ach ceann amháin de na rudaí seo, iad ag díriú go hiomlán ar an rothaíocht. Tá níos mó a déarfadh go dteastaíonn meascán den rothaíocht, siúl agus iompar poiblí. Agus tá grúpa eile daoine, mise ina measc, a dheireann chaon cheann beo acu. 

Faraor, uair ar bith a luaitear cuarbhóthar do chathair na Gaillimhe, theastódh clogad uait chun tú féin a chosaint ar rothaithe na Gaillimhe. Daoine nach mbíonn orthu 30 míle siar an bóthar a thaisteal le dul abhaile, nó nach gcuireann an tranglam tráchta uair a chloig breise, ar a laghad, ar a gcuid turais chuile lá. Is féidir a bheith i bhfabhar rothaíochta agus tuiscint go dteastaíonn cuarbhóthar chomh maith. 

Ba bhreá liom dá mbeadh gach duine atá in acmhainn teach a cheannacht ó Bhearna soir chomh fada leis an aerfort ar a gcuid rothar chuile lá beo. Ba mhaith liom chomh maith nach mbeadh aon charr, bus ná leoraí istigh sa gcathair mura raibh gnó acu ann. Dhéanfadh sé sin na sráideanna níos sábháilte agus níos taitneamhaí ná mar atá faoi láthair.

Thriail mé ithe amuigh faoin aer níos túisce sa samhradh sa gcathair agus ar éigean go raibh muid in ann comhrá a bheith againn leis an torann a bhí ag dul thar bráid. Trácht a bhí ag dul ó thaobh amháin go taobh eile na cathrach. Daoine as Conamara a bhí ag iarraidh dul siar. Turasóirí a bhí ag déanamh a mbealach go dtí an Clochán. Busanna suite sa trácht, ceal lánaí speisialta. Daoine nach raibh ag iarraidh a bheith sa gcathair ach nach raibh an dara rogha acu, ceal cuarbhóthar. 

Feicim an díospóireacht faoin laghad daoine a líomhnaítear a bhíonn ag dul ó thaobh amháin go dtí an taobh eile. 3% den trácht a deirtear a dhéanfadh cuarbhóthar maitheas dóibh. Faraor, rinneadh an suirbhé sin i 2012 agus tá sé as dáta.

Tógadh tollán i Luimneach cúpla bliain ó shin agus bhog sé an trácht amach ón gcathair. Shábháil daoine am, agus sábháladh sráideanna Luimnigh. Ní gá dul isteach go Baile na hInse nó ar an nGort mura bhfuil fonn ort. Tá spás ag an té atá ag spaisteoireacht sna bailte. Bíonn deis ag iompar poiblí a bheith in am. 

Tuigim an argóint nach gcothaíonn bóthar nua ach tuilleadh tráchta. Tá sé sin le feiceáil ar an M50. Ach is seanargóint é sin. Tógadh an M50 nuair nach raibh aon spéis á chur ag lucht pleanála, ná go deimhin ag an bpobal, in athrú aeráide agus i mbealaí eile taistil. Níor tuigeadh luach na rothar. 

Ag magadh faoi dhaoine a chuaigh ag obair ar an rothar a bhí muid. Tá an meon sin athraithe. Tá daoine ag iarraidh iompar poiblí agus bealaí atá sábháilte. Ach tá go leor fós againn a thuigeann gur maith ann na rudaí seo, ach nach bhfuil aon mhaith iontu don té atá ar an gCeathrú Rua, ar an gClochán, Uachtar Ard, Carna. D’eacnamíocht an cheantair atá coinnithe siar de bharr drogall a bheith ar dhaoine dul tríd na cathrach. Tóg na bealaí do na rothair. Tug dúinn níos mó busanna. Tóg an cuarbhóthar chomh maith. Ní hamháin le deis a thabhairt do chúrsaí iompair na cathrach, ach gan é beidh deiseanna Chonamara agus na Gaeltachta á bplúchadh chomh maith. 

Níos mó