Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Learn Irish: 18-22 year olds
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
10 Reasons to Register to our Business Directory
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Surnames
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
damien-o-donaill-ceaptha-ina-bhainisteoir-reigiuin-sna-doiri-beaga-ag-rnag

Damien Ó Dónaill ceaptha ina bhainisteoir réigiúin sna Doirí Beaga ag RnaG

NÓS
| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá an t-iriseoir Damien Ó Dónaill as Rann na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill ceaptha ina bhainisteoir réigiúin ag RTÉ Raidió na Gaeltachta i stiúideo na nDoirí Beaga. Tiocfaidh Damien i gcomharba ar Edel Ní Chuirreáin a d’fhógair le linn an tsamhraidh go mbeadh sí ag éirí as an ról tar éis 38 bliain a chaitheamh le RTÉ RnaG.

Ba ina thráchtaire spóirt a chuir Damien tús lena ghairm chraoltóireachta i ndiaidh dó comórtas tráchtaireachta ar an stáisiún a ghnóthú in 2013. Ceapadh ina Chlár-Reachtaire sna Doirí Beaga é an bhliain dar gcionn agus is iomaí cineál oibre atá déanta aige don stáisiún Gaeltachta ó shin, idir iriseoireacht, léiriú, agus láithriú.

Tá sraith nua dá chuid, Ó Mhuir go Sliabh, á craoladh ar an stáisiún faoi láthair, agus tá sé ina léiritheoir ar an gclár iomráiteach irise Bladhaire a chraoltar ó stiúideo na nDoirí Beaga. Bíonn sé le cloisteáil go rímhinic agus é ag tráchtaireacht ar chluichí de chuid Chumann Lúthchleas Gael freisin.

“Is onóir mhór dom an post seo a bheith faighte agam.  Tá mé ag súil go mór le bheith ag obair le foireann thar a bheith cumasach, díograiseach agus nuálach sna Doirí Beaga, i gcomhar leis an fhoireann náisiúnta, leis an chuid is fearr a bhaint amach don stáisiún.  Is é mo mhian tógáil ar an obair mhór a rinneadh go dtí seo i RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a bheith dílis do chuspóirí agus d’fhís ár mbunaitheoirí, chomh maith le dul i ngleic leis na dúshláin úra agus na hathruithe i saol an raidió a bheas romhainn sna blianta atá le theacht.

“Ba mhaith liom gach rath a ghuí ar Edel Ní Chuireáin agus í ag dul ar scor agus smaointím go cumhúil fosta ar Shéamus Mac Géidigh a bhí mar bhainisteoir orm i dtús ama sa raidió.  Bhí tionchar ollmhór ag Séamus agus ag Edel ar mo chuid oibre ón chéad lá a thosaigh mé le RTÉ Raidió na Gaeltachta,” a dúirt Damien.

Bhuaigh Damien Gradam an Réalta Óig ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtas in 2018.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge