Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘seicealadh-mo-phas-covid-chuile-ait-in-toulouse…ach-amhain-sa-bpub-eireannach’

‘Seiceáladh mo phas Covid chuile áit in Toulouse…ach amháin sa bpub Éireannach’

| aifric ni scolai | ,

Samhlaigh é. Tá mé in Aerfort Bhaile Átha Cliath, sa scuaine bordála, gan ach cúpla coisméig idir mé agus m’eitilt. D’éirigh mé ag a ceathrú th’éis a cúig ar maidin le bheith san aerfort in am, tá mo chás caite isteach sa check-in le fada agam, ach tá mála mór místuama fós ar mo dhroim agus idir é sin, an meall mór leathanach go hamscaí i mo lámh agam agus mo mhasc atá do mo phlúchadh, tá gearranáil tagtha orm. 

(Cuma cé chomh luath agus éiríonn mé agus a fhágaim an teach, fágtar ag rith i dtreo an gheata bordála mé gan ach cúpla nóiméad le spárailt agam sula ndúnfar iad). 

Agus mé ag iarraidh shape éicint a chur orm féin, triailim mo chuid spéacláirí a ghlanadh ar mhuinchille mo gheansaí (an masc ag plúchadh mo chuid spéacláirí freisin, ag cur scamaill orthu) – b’in botún.

Ag ceann na scuaine bhí beirt bhan: duine amháin acu ag seiceáil na bpasanna, agus an duine eile ag seiceáil teastais vacsaínithe agus an ticéad bordála. Sin iad na leathanaigh a bhí i mo láimh agam agus is iad a thit glan as mo lámh nuair a thosaigh mé ar na spéacláirí a ghlanadh. 

Phioc mé suas iad go sciobtha, ar fhaitíos go scaipfidís nó go seasfadh duine orthu trí thimpiste, mo mhála droma á iompú bun os cionn thar mo chloigeann leis an bhfuadar fúm, mar bharr an donais. Buíochas le Dia nach raibh sé oscailte agus níor éirigh leis an mála é féin a fholmhú agus tuilleadh ríl a chur orm. 

Ag an am céanna bhí na mná do mo ghlaoch ina dtreo. 

Shiúil mé chomh fada leo, mo chuid leathanach á gcur in ord agam agus shínigh mo thicéad bordála agus mo theastas vacsaínithe chuig bean amháin acu ionas go scanálfadh sí iad. Ghlac sí leis an ticéad gan cheist, ach nuair a thaispeáin mé an teastas di níor bhreathnaigh sí air, ach dúirt “put that away now” agus bhog ar aghaidh go dtí an chéad duine eile. Bainte de mo bhuille, rinne mé mar a hiarradh orm, thaispeáin mé an pas don bhean eile agus isteach liom ar an eitleán. 

Níor seiceáladh mo theastas Covid, th’éis an méid cainte a bhí air, go raibh mé ag suí chun boird i lár na cathrach i gcomhair béile an oíche sin. 

Ó shin, níl oiread is bialann ná caifé amháin fós a ndeachaigh mé ann nach raibh gá dom mo theastas a thaispeáint a luaithe agus a shuigh mé síos. Mura bhfuil ann ach an buidéal uisce féin agus tú ag suí taobh amuigh, tiocfaidh freastalaí chugat á iarraidh. 

Ní ag clamhsán atá mé faoi ach ag déanamh iontais. Rinne mé gáire faoi bhean an aerfoirt ach is mór an difríocht idir í agus dearcadh na Fraince. Cuma cé méid atá suite chun boird, seiceáiltear chuile theastas beo, ceann ar cheann, agus déantar taifead air.

Mar sin féin, tá Francaigh ag léirsiú i gcoinne na rialacha seo agus chomh dian is atá siad, mar sin is léir nach bhfuil chuile dhuine sásta leis an gcaoi a bhfuiltear á gcur i bhfeidhm.

(Leis an fhírinne a insint, rinne mé ruainne áibhéil ansin. Dé Satharn seo caite, sa bpub Éireannach agus muid ag breathnú ar an gcluiche ceannais, níor seiceáladh chuile phas. Agus bhí seasamh thart gan mascanna i gceist. Agus ligeadh corrbhéic i dtreo na teilifíse. Ach sin é. I ndáiríre.) 

Níos mó