Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
10-scannan-scanrula-d’oiche-shamhna

10 scannán scanrúla d’Oíche Shamhna

| Saoirse Ni Chiaragain | ,

Is é an tráth is fearr den bhliain arís é do mo leithéidse – daoine atá gafa le scannáin uafáis. Más rud é go bhfuil tú ag lorg scannáin no dhó agus tú ag ullmhú d’Oíche Shamhna, seo iad na scannáin is scanrúla atá le fáil ar na seirbhísí sruthaithe i mbliana.

Netflix

Le blianta anuas, tá cáil ar ard-chaighdeán na  scannán bunaidh a bhíonn ar Netflix. Tá éagsúlacht iontach sna scannáin uafáis a bhíonn acu, nach bhfuil le fáil aon áit eile, ach go háirithe. 

His House (2020)

Insítear in His Houses scéal bheirt theifeach on tSúdáin Theas agus iad ag bogadh isteach i dteach comhairle i Sasana. Idir difríochtaí cultúrtha agus cuimhní ar an uafás sa bhaile, níl cúrsaí éasca dóibh. Níos measa fós, tá taibhse sa teach nua nach ligeann dóibh a scíth a ligean. Tá taispeántais iontacha ó Wunmi Mosaku agus Sope Dirisu sa scannán seo a fhanfaidh leat ar feadh i bhfad. 

Under the Shadow (2016)

Tagraíonn teideal an scannán seo don chogadh idir an Iaráin agus an Iaráic, a chaitheann scáth ar shaol Shideh (Narges Rashidi) agus a hiníon óg. Agus í idir dhá chomhairle a teach a fhágáil, éiríonn an choimhlint amuigh níos measa. Déanann Shideh iarracht í féin agus a iníon a choimeád slán taobh istigh, ach tá djinn – spioraid olca Ioslamach – ag cur brú orthu.

Disney+

Ní hé Disney an t-ainm is túisce a thagann chun cinn nuair a smaoinímid ar ábhar scanrúil. Ach anois agus ábhar Fox ar fáil ar an ardán, tá roinnt roghanna maithe uafáis ar fáil ar Disney+ faoi láthair. Seo dhá scannáin nár chóir duit a chailliúint séasúr na Samhna. 

The Fly (1986)

Is laoch uafáis é David Cronenberg, agus is é The Fly  –  athleagan den scannán ó na 50óidi – ceann des na teideal is fearr ina ouvre. Tá éifeachtaí speisialta den scoth agus taispeántas íocónach ó Jeff Goldblum ann, agus ba chóir go mbeadh The Fly ar an liosta ag gach duine a dtaitníonn scannáin uafáis leis.

The Empty Man (2020)

Ag tús na mbliana, bhí an t-idirlíon lán le hailt ag fógraí go mbeadh The Empty Man ina ‘cult classic’ . Bunaithe ar na leabhair ghreannáin le Cullen Bunn, is scannán casta scanrúil agus uathúil é seo. Tá sé i bhfad níos fearr an ceann seo a fheiscint gan mórán eolas a bheith agat air roimh ré.

Amazon Prime

Tuigimid uile go bhfuil Jeff Bezos é féin uafásach, agus é amuigh sna réalta ag déanamh iarracht an cosmas a choilíniú. Mar sin féin, tá roinnt scannáin uafáis iontacha le fáil ar Amazon Prime faoi láthair, agus muid ag fanacht lenár dtithe nua ar Mars.

Midsommar (2019)

An chuid is mó den am, tarlaíonn scéalta scanrúla san oíche, sa dorchadas. In Midsommar, an dara scannán le Ari Aster, níl aon éalú ann ón uafás, fiú i lár an lae. Suite san tSualainn le linn ghrianstad an tsamhraidh, is é seo ceann de na scannáin uafáis is áille le teacht amach le déanaí.

The Haunting (1963)

Bunaithe ar an leabhar The Haunting of Hill House le Shirley Jackson, tá an scannán seo i bhfad níos dílis don téacs ná an tsraith Netflix. Ainneoin bhfuil sé níos sine ná na scannáin eile ar an liosta seo, tá sé ar cheann de na scannáin is scanrúla a rinneadh riamh.

NowTV

Mura bhfuil Netflix, Disney+, ná Amazon Prime agat, tá roinnt roghanna iontacha fós le fáil ar NowTV. Níl mórán scannáin uafáis ann, ach tá ardchaighdeán ag na scannáin atá le fáil. Seo iad ár moltaí.

The Exorcist (1973)

Is scannán clasaiceach é seo, agus fiú mura bhfuil sé feicthe agat, tá seans maith ann go n-aithneoidh tú Regan (Linda Blair) agus a ceann ag casadh timpeall. Nuair a tháinig an bpictiúr seo amach, bhí lucht féachana ag titim i laige sna pictiúrlanna mar gheall ar cé chomh scanrúil agus a bhí sé. Tabhair aire!

Event Horizon (1997)

Is scannán uafás/ficsin eolaíochta é seo a leanann criú spásárthaigh ar mhisean tarrthála. Cé go bhfuil i bhfad níos mó cáil ar Alien, ba cheart meas a bheith air seo mar cheann de na scannáin is fearr san fho-sheánra seo.

Shudder

Má tá tú gafa le scannáin uafáis, seans maith ann go bhfuil Shudder feicthe agat. Cinnte, d’fheadfá breathnú ar aon cheann de na céadta scannán atá l le fáil ansin. Ach, má tá tú ag lorg moltaí don Oíche Shamhna, seo duit.

Host (2020)

Níl aon rud níos scanrúla ná an bhliain seo caite, nuair a bhíomar uilig sa bhaile ag iarradh an víreas a sheachaint. Tá Host suite le linn na chéad dianghlasála agus taifeadta go hiomlán trí Zoom. Ní mothóidh tú slán agus tú i lár cruinniú Zoom riamh arís.

Noroi: The Curse (2005)

Cuireadh cuid mhaith againn in aithne le “scannáin aimsithe” le The Blair Witch Project in 1999. Ó shin i leith, rinneadh go leor scannáin san fhormáid seo. Dar linne, tá Noroi: The Curse, a leanann imscrúdaitheoir osnádúrtha san Seapáin ar cheann de na scannáin is fearr den treocht seo.

Níos mó