Tá 2,148 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
Fógraíodh go bhfuil 63 duine básaithe sa stát le seachtain anuas de dheasca an Covid-19. 5,369 duine ar fad a bhásaigh ó dheas ó thús na paindéime agus os cionn 8,000 atá básaithe ar fud na hÉireann.
464 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, naonúr níos lú ná inné, agus bhí 86 acusan in aonad dianchúraim, dháréag níos mó ná inné. B’in an líon is mó othar Covid-19 a bhí in aonad dianchúraim ó mhí an Mhárta.
1,423 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh seisear eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,635 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
355 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, aon duine dhéag níos mó ná inné, agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.
8,004 duine a raibh an víreas orthu atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,369 duine ó dheas den teorainn agus 2,635 duine ó thuaidh den teorainn.