Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ba-bhrea-liom-tua-le-go-mbrisfinn-fss-mar-a-bhriseadar-na-dochtuiri-agus-altrai’

‘Ba bhreá liom tua le go mbrisfinn FSS mar a bhriseadar na dochtúirí agus altraí’

| Maire Treasa Ni Cheallaigh | ,

Tá mé ag briseadh chroí an eagarthóra. Is maith leis alt a fháil uaim gach Aoine. Is cuma leis cén t-am, níl aon bhrú mór ansin. Bhí mé in ann é sin a chomhlíonadh le linn an tsamhraidh. Anois, tá mé fillte ar an ollscoil, ar an bhfoghlaim agus ar an ospidéal, rud a chiallaíonn nach bhfuil mé in ann an cuid sin den réiteach a chomhlíonadh. 

Ó lá go lá, níl an fhios agam cén sceideal a bheidh agam mar go bhfuilim ag braith ar dhochtúirí comhairleoireacha atá ag iarraidh freastal a dhéanamh ar othair, obair riaracháin, dochtúirí agus oibrithe leighis eile agus am a chaitheamh le mic léinn chomh maith. Le mí, tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuilim chomh tuirseach traochta faoin am a thagann an Aoine, nach bhfuil mo chloigeann in ann alt a scríobh. 

Níl tada i mo cheann ach an méid nach bhfuil ar eolas fós agam, na hothair a chonaic mé agus an bhail atá curtha ag COVID-19 ar obair an ospidéil. Mná is mó atá ag déanamh na hoibre seo, idir altraí, ghlantóirí agus chúramóirí sláinte.

Tá an Domhnach beagnach caite agus anois atá mé ag scríobh. Cé gur gheall mé go mbeadh alt scríofa moch Dé Sathairn. Mea culpa. Agus nílim in ann tada a rá ach go bhfuilim cantalach agus tuirseach. Ar chúis eicínt tá focail Chaitlín Maude ag teacht liom le coicís. Ba bhreá liom casúr nó tua le go mbrisfinn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an gcaoi chéanna gur bhris siad dochtúirí agus altraí. Seo atá tarlaithe do na daoine atá ag tabhairt aire d’othair na tíre. Ba bhreá leo an fuinneamh le greim a fháil ar na cláir is na tairní agus teach eile a thógáil, ach tá siad róthuirseach.

Tagann An Triail agam arís nuair a smaoiníonn mé ar na scéalta fuath ban atá feicthe agam sna meáin le mí. Ba bhreá liom rud eicínt a dhéanamh faoi, ach níl sé d’fhuinneamh agam. Tá faitíos orm go bhfuil go leor eile ag mothú ar an mbealach céanna. B’fhéidir gurbh é seo an fáth nach bhfuil rudaí cosúil le dlíthe a thabharfadh cosaint do mhná, do ghasúir, do dhaoine atá tinn san ospidéal sách daingean. Faoin am atá an obair chrua déanta, níl sé de mhothú ionainn troid le haghaidh cúinsí agus saol níos fearr. An gciallaíonn sé seo go bhfuil an bua ag an status quo? Go bhfuil ár spiorad scriosta acu? Gach áit, feicim bealaí nó deiseanna le jab níos fearr a dhéanamh de rudaí ach níl sé ionam é a athrú. Goilleann sé sin orm, agus tosaíonn an timthriall arís.

Bhí Caitlín Maude curtha i gcré na cille sular rugadh mé. Tá daoine, mná ach go háirithe, fós ag mothú mar seo. Ar a laghad, tá sé de chiall agam tuiscint nach bhfuil anseo ach seal. Tiocfaidh an lá arís go mbeidh mé sách láidir an tua a iompar agus tairseach a dhéanamh de rud eicínt. B’fhéidir gur tuiscint nua é seo. Nach féidir a bheith ag troid i gcónaí. An leigheas? Tá sé in am ag chuile dhuine eile cuid den cath a throid, seachas an t-ualach a bheith ar na daoine céanna i gcónaí. Sa gcás seo, fir bhána agus polaiteoirí. Is acu atá an eochracha an tí atá le athmhaisiú

Níos mó