Home
Age Groups
Age Group > 4
Irish Names
Playgroups
Using Irish with your Children
Raising Children with Irish Outside the Gaeltacht
Raising Children through Irish in the Gaeltacht
Support, Services & Facilities
Age Group 4 > 12
All-Irish Primary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 12 > 18
All-Irish Secondary Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Festivals
Using Your Irish Name
Support, Services & Facilities
Benefits of All-Irish Education
Age Group 18 > 22
Irish Societies & Student Unions
Irish Third Level Courses
Festivals
Support, Services & Facilities
Learn Irish: 18-22 year olds
Age Group 22+
Careers With Irish
Classes for Adults
Get Involved
Conversation Circles
Festivals
Support, Services & Facilities
Speaking to Your Grandchildren
Community
10 Reasons to Register to our Business Directory
Conversation Circles
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Surnames
Organisations
Festivals
Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Learn
Learn Irish
Playgroups
All-Irish Secondary Schools
All-Irish Primary Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Benefits
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Working With Irish
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs (Ireland)
Jobs
Irish Language Careers Booklet
Jobs
clair-raidio,-ocaidi-bronnta-agus-ceolchoirmeacha-ar-chlar-ar-line-oireachtas-na-samhna

Cláir raidió, ócáidí bronnta agus ceolchoirmeacha ar chlár ar líne Oireachtas na Samhna

Tuairisc

Beidh cláir raidió speisialta, ócáidí bronnta gradam agus ceolchoirmeacha mar chuid d’imeachtaí Oireachtas na Samhna 2021 a reáchtálfar go fíorúil an tseachtain seo chugainn.

Seacht lá d’imeachtaí atá beartaithe mar chuid de chlár oifigiúil na féile a seoladh inniu. Beidh an fhéile ar siúl ón Luan an 25 Deireadh Fómhair go dtí an Domhnac, an 31 Deireadh Fómhair.

Cuirfear tús leis an bhféile le heagrán speisialta den chlár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag féachaint siar ar Oireachtas na Gaeilge 1996 a reáchtáladh i nGaoth Dobhair 25 bliain ó shin.

Bronnfar Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2021 Dé Máirt agus craolfar ócáid i mBaile Átha Cliath ar shuíomhanna TG4 agus an Oireachtais.

Fógrófar buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2021 ar Chéadaoin na Féile agus ar Raidió na Gaeltachta beidh agallamh speisialta le hiarstiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha, a chuaigh ar scor níos luaithe i mbliana.

Beidh Ceolchoirm an Oireachtais le feiceáil beo ar TG4 oíche Déardaoin (9.30pm). Beidh fonnadóirí agus lucht steipeanna, scéalaithe, ceoltóirí agus carachtair éagsúla eile le feiceáil le linn na coirme a chuirfidh Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Joe Ó Dónaill i láthair.

Déanfaidh Fiachna Ó Braonáin, Mairéad Ní Mhaonaigh agus John Spillane moltóireacht ar Chraobhchomórtas Amhrán Úrnua i nGaeilge oíche Dé hAoine.

Déanfar comóradh ar Sheán Ó Riada Dé Sathairn ag siompóisiam ar oidhreacht an cheoltóra agus an chumadóra ag 2pm agus craolfar ceolchoirm speisialta ina ómós ar Raidió na Gaeltachta ag 7pm. Craolfar an dara cuid de Cheolchoirm an Oireachtais ag 9.30pm Dé Sathairn ar TG4.

Aifreann an Oireachtais ó Shéipéal Chúil Aodha ar Raidió na Gaeltachta ag 11am ar an Domhnach a chuirfidh ceann ar imeachtaí na féile.

Is féidir clár iomlán na féile a fheiceáil anseo.

Níos mó

Sign up for the PEIG newsletter

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge