Ba chóir macasamhail mórfheachtas náisiúnta teanga atá á sheoladh in Albain inniu a bhunú in Éirinn, a deir idir pholaiteoirí agus saineolaithe.
€4 mhilliún atá le caitheamh ar an bhfeachtas SpeakGaelic a sheolfar in Albain inniu. Mar chuid den fheachtas, tá ábhar foghlama le cur ar fáil ar shuíomh gréasáin nua, craolfar ábhar raidió agus teilifíse ar an BBC agus déanfar míreanna a shruthú ar YouTube agus ar na meáin shóisialta.
Tá sé i gceist freisin ranganna saor in aisce a eagrú ar fud na hAlban chun deis a thabhairt do dhaoine an teanga a fhoghlaim agus a chleachtadh.
Deir idir pholaiteoirí agus saineolaithe in Éirinn gur cheart macasamhail an fheachtais a chur ar siúl anseo chun suim sa Ghaeilge a spreagadh,
Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, gur “dea-smaoineamh” a bheadh ann a leithéid a chur ar bun in Éirinn agus gur chóir don Rialtas an scéal a fhiosrú.
Dúirt Clifford-Lee go raibh meon “an-dearfach” ag an Rialtas seo i leith na Gaeilge agus mheas sí go mbeidís toilteanach maoiniú a chur ar fáil dá leithéid d’fheachtas.
“Ba chóir dúinn é a reáchtáil ar bhonn píolótach ar dtús”, a dúirt Clifford-Lee. “Baile nó cathair éigin a roghnú agus má éiríonn leo an Ghaeilge a spreagadh san áit sin, é a scaipeadh amach ansin timpeall na tíre.”
Deir eagraíochtaí agus saineolaithe teanga go dtaispeánann an tsuim atá léirithe ag an bpobal i bhfoghlaim na Gaeilge ar líne go mbeadh tóir ar fheachtas teanga náisiúnta.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go mbeadh an eagraíocht ag moladh d’Aire Stáit na Gaeltachta agus don Rialtas macasamhail an fheachtais SpeakGaelic a chur ar bun in Éirinn.
“Is léir ón méadú a tháinig ar líon na ndaoine a bhí ag foghlaim na Gaeilge le linn na paindéime an spéis atá ag an bpobal sa teanga agus ba mhaith ann feachtas feasachta náisiúnta chun tógáil air sin anois,” arsa de Spáinn.
D’aontaigh an sochtheangeolaí aitheanta, an Dr. John Walsh, gur ar leas na teanga a bheadh a leithéid d’fheachtas.
““Léiríonn an rath a bhí ar an nGaeilge ar Duolingo go bhfuil fonn ar chuid mhaith daoine roinnt éigin den teanga ar a laghad a fhoghlaim. Tá deiseanna luachmhara eile ann idir fhoirmeálta agus neamhfhoirmeálta, dála TEG agus na gciorcal comhrá agus aidhmeanna éagsúla acu.
“Bheadh sé de bhuntáiste ag feachtas dá mhacasamhail in Éirinn go bhféadfaí é a phoibliú ar na meáin go léir idir chraolta agus leictreonacha agus cuid mhaith daoine a ghríosú chun páirt a ghlacadh ann. Is fada ó bhí a leithéid againn agus thabharfadh sé doras isteach sa Ghaeilge do dhaoine eile nár ghlac páirt i saol na teanga cheana,” a dúirt an Dr. Walsh.
Reáchtálfar an feachtas SpeakGaelic in Albain thar thréimhse trí bliana ach táthar ag díriú i dtosach ar dhaoine nach bhfuil Gàidhlig ar bith acu nó daoine atá imithe as cleachtadh an teanga a labhairt.
Tá an feachtas ag díriú freisin ar fhoghlaimeoirí thar sáile agus é léirithe ag anailís gurb as Meiriceá Thuaidh thart ar an cheathrú cuid de na daoine a bhíonn ag foghlaim na Gàidhlige ar an aip DuoLingo.
Tá an chéad leibhéal den fheachtas – A1 – dírithe orthu siúd atá ag foghlaim na teanga ó bhonn.
De réir figiúirí Dhaonáireamh 2011, breis is 57,000 cainteoir Gàidhlige a bhí in Albain agus 23,000 duine eile a thug le fios go raibh siad in ann an teanga a thuiscint, gan a bheith in ann í a léamh, a scríobh ná a labhairt.
Láithreoir aimsire de chuid an BBC, Joy Dunlop, agus an láithreoir teilifíse Calum Maclean, céimithe de chuid Shabhal Mòr Ostaig, a chuirfidh an feachtas teanga seo chun cinn i measc an phobail.