Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘nil-uainn-ar-fad-ach-saol-maith,-agus-bas-maith’

‘Níl uainn ar fad ach saol maith, agus bás maith’

| Maire Treasa Ni Cheallaigh | ,

Tá céim eile i dtreo na céime dochtúra bainte amach agam agus mí fo-intéireachta déanta agam le súil agus nach dtitfidh mé go tóin poill uilig nuair a scaoilfear amach ag obair mé an samhradh seo chugainn. Bhí deis againn iarratas a dhéanamh ar áiteanna nó speisialtachtaí ina bhfuil suim againn féin agus roghnaigh mé cúram maolaitheach le súil agus go seasfadh sé liom amach anseo.

D’fhoghlaim mé an oiread le mí. Ní fheicfidh tú tada den mhéid a shú mé isteach sna leabhra ná in aon léacht. Tá i bhfad níos mó i gceist leis an gcúram maolaitheach ná an bás. Is iad na dochtúirí seo a thugann aire do dhaoine atá i bpian san ospidéal nó sa mbaile nuair a bhíonn siad go dona ag tinneas a chiorraíonn an saol. 

Ní ailse amháin a bhíonn i gceist. Oibríonn siad le tinnis eile cosúil leis an gcroí, stróc, tinnis riospráide agus anois daoine atá ag fulaingt le COVID-19. Corruair, mar a chonaic mé, níl an bás i ndán don othar ag an am sin. Tagann biseach orthu agus faigheann siad cúpla mí nó bliain eile. Is iad na foirne maolaitheacha a chinntíonn go bhfuil an baile ullmhaithe chun aire a thabhairt don té atá tinn. Is minic gurbh iad chomh maith a bhíonn orthu an drochscéal a thabhairt d’othair agus a muintir nach bhfuil aon bhiseach i ndán dóibh. 

Tá muid ag maireachtáil níos faide le tinnis a chuireadh i gcré na cille an-óg muid leathchéad bliain ó shin. Fágann sé seo go mbeidh níos mó tacaíochta ón bpobal agus an deireadh ag teannadh linn. Ní labhraítear ar an mbás. Tá muid an-mhaith ag eagrú sochraidí, ach níl an scil céanna againn le breathnú amach don lá nach mbeidh ár leathbhádóir linn níos mó, nó ár dtuismitheoirí, agus an cúpla mí sin sula fhaigheann siad bás. 

Ní dhéantar aon smaoineamh faoin bpian. Sa gcorp ná san inchinn. Thug mé suntas do gach uair a labhair an fhoireann le hothar, labhair siad leo faoi phian. Thug siad oidis dóibh a mhaolódh é, ach labhair siad leo freisin faoi aon rud faoin spéir a bhí ar intinn ag an othar. Ba mhinic go raibh imní ar an othar faoina muintir a bhí ag breathnú orthu agus a gcroí briste, agus ba mhinic freisin go raibh faitíos orthu roimh an mbás. Rinneadh gach iarracht bás maith a thabhairt do dhaoine agus a muintir. Eagraíodh cruinnithe nuair a theastaigh siad le tacú le daoine. Chuir mé aithne ar dhaoine ag am an-chrua, agus ar bhealach aisteach, an-speisialta ina saol.

Níl uainn ar fad ach saol maith, agus bás maith. Is mór an phribhléid a bheith scaoilte isteach ag an uair ina bhfuil chuile dhuine lán le huaigneas, brón, fearg, pian agus faitíos. Is mór an chabhair na dochtúirí maolaitheacha, agus is iontach an seirbhís é.

Foghlaimíonn ábhar dochtúra a ceird ag breathnú ar dhochtúirí agus ag caint le hothair. Chuir sé iontas ariamh orm go raibh othar sásta am a chaitheamh le mo leithéid agus iad san ospidéal. Chuir sé tuilleadh iontais orm go raibh siad sásta labhairt liom agus fios acu nach raibh mórán ama fanta acu. Ní dhéanfaidh mé dearmad go brách ar a gcuid misnigh. 

Níos mó