Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
sochraid-mhaire-mhac-an-tsaoi:-‘ta-laoch-ar-lar-ach-ta-doirse-an-dain-fagtha-ar-oscailt-aici-ina-diaidh’

SOCHRAID MHÁIRE MHAC AN tSAOI: ‘Tá laoch ar lár ach tá doirse an dáin fágtha ar oscailt aici ina diaidh’

| louis de paor | ,

Chomh fada siar leis an mbliain 1955, bhí an Ghaeilge á háireamh ag Máire Mhac an tSaoi ar chuid ‘de shaibhreas an chine dhaonna’. ‘Ba mhór an feall é,’ a dúirt sí an uair sin, ‘ní hamháin ar mhuintir na tíre seo ach ar chorparáid na náisiún, í a ligint chun báis’.

Ní hamháin go raibh léargas sa Ghaeilge, ‘ar mheon sinsireach dúchais atá chomh deoranta’ ar sise, ‘d’intinn an ollstáit agus do b’fhéidir a bheith’, bhí fothain inti don duine aonair agus don chomhluadar dar díobh é ar an ‘comhionannas marfach […] is geall le bás’.

Sa réamhrá a chuir sí leis An Paróiste Míorúilteach/The Miraculous Parish breis agus 50 bliain níos moille, luaigh sí an chomaoin a chuir Gaeltacht Chorca Dhuibhne uirthi féin sa mhéid sin, teanga agus traidisiún an phobail ann a bhí ‘beagbheann ar imeacht na mblian, clasaiceach, réamhcheaptha, uileghabhálach, stóinsithe, i bhfad níos marthanaí agus níos iontaofa ná domhan an Bhéarla’. Tá an leabhar san tiomnaithe aici do Phádraig de Brún a bhunaigh ollscoil scairte ar bhruach na faille i nDún Chaoin mar ar tháinig aigne na hEorpa agus aigne na Gaeilge, an litríocht scríofa agus an béal beo le chéile ar shlí a phréamhaigh teanga agus traidisiún dúchais na Mumhan i samhlaíocht aimpléiseach iníon a dheirféar.

Glacaimid leis an insint a thug Máire Mhac an tSaoi ar an gcomaoin a chuir Dún Chaoin agus a huncail Pádraig uirthi, a d‘fhág go raibh údarás neamhchoitianta aici sa Ghaoluinn nár bhain, dar léi, le ‘Béarla Meánscoile na hÉireann’ nuair a thosnaigh sí ag scríobh ar ball. Tá ceist le freagairt fós, áfach, .i. conas a d’éirigh le bean de mheánaicme Bhaile Átha Cliath dul chomh domhain sin i dteanga agus traidisiún na Mumhan gur éirigh léi filíocht den scoth a chur ar fáil i gcanúint Ghaoluinne a bhí chomh mór sin as alt leis na canúintí Béarla a bhí in uachtar sa saol mórthimpeall uirthi ar feadh a saoil go léir, geall leis?

Ní mór tionchar a máthar a chur san áireamh: léachtóir ollscoile a bhí age baile i measc na bhfilí cúirte agus údair na ndánta grá, ‘a warm and witty twentieth-century, middle-aged, middle-class Irish lady entering completely into the mind of the medieval Gaelic poet’. Cuirtear leis sin an dianstaidéar a dhein Máire féin ar an gcultúr dúchais, an obair sa ghort agus sa leabharlann a d’áitigh uirthi go raibh an uaisleacht a bhain leis an saol Gaelach réamhchoilíneach fós ar marthain sa litríocht scríofa agus sa traidisiún béil agus go raibh a riansan ar an gcanúint uasal íseal a labhair na cainteoirí is fearr a chuir oiliúint uirthi féin i dTigh na Cille.

Tá sé le brath ar a bhfuil scríofa aici fé Chorca Dhuibhne le linn a hóige féin go raibh an aigne agus an teanga dhúchais ar aon rian i gcónaí sa pharóiste míorúilteach sin ainneoin uafás barbartha na staire. Is é an dúshlán a bhí roimpi, más ea, í féin a thomadh sa teanga shinseartha gan an bhean chathrach nua-aimseartha a raibh mioneolas aici ar theangacha agus litríochtaí eile a chur ar ceal ná a bhá. Ní i gcónaí a d’éirigh léi sa mhéid sin: braitear sa saothar luath go háirithe go bhfuil sí múchta ó am go chéile ag an dtraidisiún atá dulta lastuas di ar feadh tamaill. San áit gur rith léi, áfach, braitear go bhfuil sí féin is an traidisiún bonn ar bhonn, go bhfuil údarás na seanlitríochta agus an bhéil bheo le clos i ndánta an fhile nua-aimseartha.

Tá an bhaineann i lár slí ó thosach deireadh a saothair agus í chomh casta, contrártha, chomh hionraic, neamhleithscéalach lena siúracha samhlaíochta sa traidisiún Gaelach Eorpach, le Deirdre agus Gráinne, leis an bhFrancach mná nárbh eol di eagla an bháis, le hiníon an Lóndraigh agus Máire Ní Ógáin a bhí

Beagbheann ar amhras daoine

Beagbheann ar chros na sagart,

Ar gach ní ach bheith sínte

Idir tú agus falla […]

Sa domhan cúng rúin teolaí seo

Ná téann thar fhaobhar na leapan.

Ní hé ná fuil cneastacht ná míneadas ná greann i bhfilíocht Mháire Mhac an tSaoi ach is guth borb go maith a labhrann linn sna dánta is corraithí dá cuid, guth ná fuil aon chur i bhfolach ar an bhfírinne ann. Fé bhrú láidir mothála, adúirt sí, a théadh sí i mbun filíochta in am an ghátair. Nuair a tháinig an brú, bhí na huirlisí i bhfearas aici: máistreacht teangan, teicníochta agus foirme a shaothraigh sí ar feadh a saoil, a chuir ar a cumas labhairt ar an ngrá arb é leathchúpla an bháis aici go minic. Táid láimh ar láimh, mar shampla, an grá agus an bás, sa rann diamhair a scríobh sí bliain tar éis bhás a céile, Conchúr:

Cóirím mo chuimhne chun dulta dhi ’on chré,

Fillim spíosraí san eisléine léi agus airgead cúrsach;

Tá sneachta fós ar ithir na cille,

Sínim le hais an choirp ar mo leabaidh.

Braitear ansan mar a bheadh a canúint dhílis féin á labhairt ag an gcroí gan aon rian den saothrú a shamhlaímid le cumadh na filíochta de ghnáth. Ar ndóigh, ní mór acmhainn neamhchoitianta samhlaíochta agus teangan agus máistreacht thar an ngnáth ar ealaín na filíochta chun an méid sin a bhaint amach.

Dúinne, léitheoirí agus scríbhneoirí atá fós ag cur fúinn sna bruachbhailte ar imeall na teangan is an dúchais, is eiseamláir iontach agus máistir dian í Máire Mhac an tSaoi, Baile Átha Cliathach mná go bhfuil áitreabh buan anois aici le Piaras Feiritéir is an Bhab Feiritéir, le Tomás Ó Criomhthain agus Bríde Ní Chíobháin, sa pharóiste míorúilteach sin a chuardaigh is a chruthaigh sí féin sa bhfilíocht ar feadh a ré. Tá laoch ar lár ach tá doirse an dáin fágtha ar oscailt aici ina diaidh:

Sianaíl ag síofraí, geimhreata an gheoin,

Caoighol ag síomhná is fós

Siar linn go rinn duimhche, a Dhoinn, scaoil an sceol.

Súiste í uaill an druma mhóir, tarraing go tréan,

Dlúigh le gach buille ina chóir, tuargan an léin,

Taoiseach, iar n-ídeach don cheol, gabhann chun an chré.

Níos mó