3,893 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
Fógraíodh freisin gur 43 duine a raibh an galar orthu a bhásaigh le seachtain anuas. 37 duine a bhásaigh de dheasca an víris i dTuaisceart Éireann le seachtain anuas.
Tá 8,523 duine básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 5,652 ó dheas agus 2,851 ó thuaidh.
611 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 27 duine níos lú ná mar a bhí ansin inné. Tá 132 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.
D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,931 cás nua a fógraíodh.
386 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 36 díobhsan atá in aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, inniu gur thuairisc idir 500,000 agus 700,000 duine le seachtain go raibh comharthaí slaghdáin nó fliú orthu agus nach raibh aon chóras tástála ar domhan a d’fhéadfadh tástáil PCR a chur ar fáil do 20% den daonra in aon seachtain amháin.
Tráthnóna inniu ní raibh aon duine in ann coinne a chur in áirithe don tástáil ar shuíomh an HSE i 21 contae sa tír. Gheall an tAire Oideachais go mbeadh na tástálacha antaigine ar fáil do dhaltaí bunscoile ón Luan seo chugainn.