Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
5,634-cas-nua-den-vireas-fogartha,-126-othar-in-aonad-dianchuraim

5,634 cás nua den víreas fógartha, 126 othar in aonad dianchúraim

| Tuairisc.ie | ,

5,634 cás eile den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

684 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, sé dhuine dhéag níos mó ná mar a bhí ansin inné. Tá 126 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, an Dr Tony Holohan, go bhfágfadh gach 1,000 cás den víreas idir 20-25 duine san ospidéal agus go mbeadh dianchúram ag teastáil ó idir triúr agus ceathrar acusan. Thug sé le fios gur bhásaigh duine as gach ceathrar a bhí in aonad dianchúraim agus a bhí buailte leis an víreas mí an Mheithimh.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 1,469 cás nua a fógraíodh.

378 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 36 díobhsan atá in aonad dianchúraim.

Níos túisce inniu, dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur dócha gur sa bhliain nua a thosófar ag dáileadh na vacsaíne do dhaoine óga idir 5-12 bliain agus go bhfuil sé féin ar son an chláir vacsaínithe sin.

Tá beannacht na n-údarás faighte ag an vacsaín do dhaoine óga sna Stáit Aontaithe ach níl a leithéid faighte ó údaráis an Aontais Eorpaigh go fóill.

Cé go meastar go bhféadfadh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an EMA) a mbeannacht a thabhairt do vacsaín na n-óg an tseachtain seo chugainn, dúirt an Taoiseach gur dócha go mbeadh an iomarca ullmhúcháin le déanamh chun go bhféadfaí tús a chur lena dáileadh i mbliana.

Deir an Taoiseach gur léir ón bhfianaise gur ag scaipeadh ón bpobal isteach sna scoileanna seachas a mhalairt atá an Covid-19.

Dúirt an Taoiseach go n-oibreodh an Rialtas le lucht na scoileanna chun a chinntiú go mbainfear saoire na Nollag amach slán.

Ní raibh sé sásta a rá an dtabharfaí an cuardach teagmhála ar ais do sheomraí ranga, rud atá á éileamh ag an INTO.

“Déanfaimid an uile rud eile gur féidir linn chun tacú le múinteoirí, chun tacú le príomhoidí agus lucht bainistíochta scoileanna a thabhairt slán ón bpaindéim seo agus ón gcuid áirithe seo di.

“Tá roinnt seachtainí fágtha againn go dtí aimsir na Nollag agus is dóibh liom gur féidir linn obair as lámha a chéile ar mhaithe le foghlaim na bpáistí agus na ndaltaí sa chóras oideachais agus ó thaobh cúram leanaí chomh maith.”

Mhaígh an Taoiseach gur cabhair mhór a bheadh sa chóras tástála antaigine atá le tabhairt isteach sna scoileanna an tseachtain seo chugainn.

Tá Cumann Múinteoirí Éireann (INTO) ag iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú láithreach ar chás na scoileanna mar gheall ar an méadú as cuimse a deir siad atá tagtha ar líon na gcásanna iontu. Deir an INTO go bhfuil an t-ardú ar líon na gcásanna i measc múinteoirí agus daltaí “á cheilt” ó cuireadh stop le foilsiú eolais faoi chás an ghalair sna scoileanna.

“Lá deireanach agus dollar gann” a bhí cur chuige an Rialtais i leith na maidhme is déanaí den víreas, dar le ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald.

“Tá cúrsaí rómhall ó thaobh na tástála antaigine agus dháileadh na teanndáileoige. Measaim go gcaithfidh an Rialtas breith suas le rudaí. Caithfear iarracht mhór a dhéanamh. Tá na vacsaíní teanndáileoige sin an-tábhachtach go deo,” arsa Mary Lou McDonald.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomh-Oifigeach Leighis, go ráineodh go mbeadh ar NPHET “comhairle dheacair” a chur ar an Rialtas má leanann líon na gcásanna den Covid-19 orthu ag fás.

Dúirt Holohan nach bhféadfadh an Rialtas ceangal a chur ar dhaoine cloí le srianta agus gur faoin bpobal féin a bhí sé a gcuid iompair a athrú chun srian a chur le scaipeadh an ghalair.

Níos mó