Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Aontachtóirí sáinnithe acu féin i dtaobh an Phrótacail

| Dáithí Anraí |

Eoin Ó Murchú

Tá na páirtithe Aontachtacha – DUP, UUP, TUV is Dílseoirí – aontaithe faoi rud amháin, mura bhfuil siad ar aon tuairim faoi rud ar bith eile, agus is é sin go dteastaíonn uathu fáil réidh leis an bPrótacal a aontaíodh idir an tAontas Eorpach agus rialtas na Breataine mar chuid de shocrú an Bhreatimeachta.

Ní haon ábhar sásaimh dóibh mar sin go léiríonn an suirbhé is deireannaí (de chuid Lucid Talk) go bhfuil 52% sa Tuaisceart sásta leis an bPrótacal agus gach rud san áireamh. Seo méadú ar an 43% a léirigh an tuairim chéanna i mí an Mheithimh.

Tá sé deacair ag na páirtithe Aontachtacha anois a rá go bhfuil siad ag labhairt thar ceann mhuintir an Tuaiscirt trí chéile nuair a chuireann siad in aghaidh an Phrótacail.

Buille eile dóibh é an ráiteas ón státrúnaí Brandon Lewis nach ag iarraidh fáil réidh leis an bPrótacal atá rialtas na Breataine ach gur mian leo na fadhbanna a bhaineann leis a réiteach.

Fágann an dá eachtra seo go bhfuil na páirtithe Aontachtacha, agus an DUP go háirithe, i gcruachás. Tá a gcuid uibheacha ar fad curtha acu i gciseán an eiteachais, ach ní léir go dtiocfadh aon tairbhe as.

Go foirmeálta tá na páirtithe ag éileamh go mbeartóidh rialtas na Breataine ar Alt 16 den Chonradh um Tharraingt Siar a thionscnamh – beart a chuirfeadh tús le tuilleadh idirbheartaíochta i dtaobh an Chonartha.

Ar ndóigh, ní chuirfeadh tionscnamh Alt 16 an Prótacal ar ceal. Cuirfidh sé tús le cainteanna foirmeálta chun bealaí a aimsiú le sárú ar na deacrachtaí a bhaineann leis an bPrótacal mar atá.

I ndáiríre tá cainteanna ar siúl cheana féin díreach faoi na féidearthachtaí sin.

Is sa gcomhthéacs sin go háirithe atá caint Bhrandon Lewis le meas. Agus céard iad na deacrachtaí atá le sárú, i ndiaidh na moltaí is deireannaí ón Aontas Eorpach, moltaí a chuir lucht gnó an Tuaiscirt fáilte rompu don chuid is mó?

Ar ndóigh, ní hiad na deacrachtaí trádála ar leith atá taobh thiar den diúltú Aontachtach seo don Phrótacal, ach an Prótacal a bheith ann sa gcéad dul síos.

Agus má ghlacann lucht gnó leis go dtugann an Prótacal an rud is fearr den dá limistéar trádála don Tuaisceart, is é an fhíric pholaitiúil go bhfuil réimeas difriúil ón gcuid eile den Ríocht Aontaithe i gceist a chuireann as do na páirtithe Aontachtacha seachas aon rud a bhaineann leis an eacnamaíocht.

Agus cuirtear leis an míshástacht sin nuair a fheiceann siad na figiúirí trádála idir Tuaisceart agus Deisceart, go bhfuil onnmhairithe ón Tuaisceart go dtí an Deisceart imithe in airde 61% don chéad ocht mí den bhliain seo i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh, agus allmhairithe ón deisceart isteach sa Tuaisceart 47% níos airde.

Ach do na hAontachtóirí, is laige ar an gceangal leis an mBreatain é sin.

Tá iarracht déanta sceimhle a chur ar an bpobal trí rabhadh a thabhairt go bhféadfadh foréigean a bheith ann mura n-éistfí dá bhfuil ag cur as don phobal Aontachtach, ach níor éirigh le haon duine mórán a thabhairt amach ar na sráideanna, seachas roinnt daoine óga a gabhadh le linn scliúchais, mar a tharla ar Shlí Lannraig.

Ar an taobh eile tá David Frost, príomh-idirbheartaí na Breataine leis an Aontas Eorpach ag leanúint leis an gcaint láidir. Agus tuairiscíonn an Irish Times go bhfuil imní ar an rialtas i mBaile Átha Cliath go bhféadfadh sé Alt 16 a thionscnamh.

Tá tacaíocht Uachtarán SAM ag Baile Átha Cliath, agus é sin dearbhaithe go soiléir nuair a chas Joe Biden le Micheál Martin i nGlaschú. Ach má théann na Sasanaigh ar aghaidh ar bhóthar an scriosta i dtaca lena gcaidreamh leis an Eoraip, beidh an tAontas ag iarraidh teorainn fhírinneach a chruthú ar an oileán seo.

Má tá Aontachtóirí míshásta leis an bPrótacal, beidh na Náisiúnaithe míshásta ar fad le teorainn idir iad agus an Deisceart.

Ó dheas, troidfidh Sinn Féin sa Dáil go fíochmhar in aghaidh a leithéide, ag dul i gcoimhlint leis san Aontas Eorpach más gá, ach ag deireadh thiar géillfidh páirtithe na meánaicme ansin, na páirtithe rialtais, do riachtanas an Aontais.

Gan dabht, tá sin ar chúl a n-intinne ag na Sasanaigh, ach is mór an praghas a bheadh le híoc acu as briseadh iomlán an chonartha trádala. An féidir a bheith muiníneach as deathoil na dTóraithe i leith na nAontachtóirí?

Ach tá na páirtithe Aontachtacha i ndiaidh iad féin a sháinniú faoin bPrótacal, agus beidh orthu seasamh ar an taobhlíne le fail amach an fíor, mar a deir Reg Empey, go bhfuil siad ag déanamh amadáin díobh féin.

Níos mó