Tá an chéad sraith drámaíochta do dhaoine óga i nGaeilge ó craoladh Aifric le taispeáint ar TG4 agus maoiniú faighte ag an tsraith nua Saol Ella ón BAI.
Bhí an tsraith nua i measc na gclár nua ar éirigh leo sa bhabhta maoinithe is déanaí ag Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI).
€425,000 a fógraíodh don tsraith nua atá á léiriú ag Danú Media, an sciar is mó a fuair aon chomhlacht den €5.9 milliún a chuir an BAI ar fáil.
€240,000 a fuair an comhlacht teilifíse Gaeltachta Aniar chun clár faisnéise a dhéanamh faoi stair RTÉ Raidió na Gaeltachta a bheidh ag ceiliúradh 50 bliain a bhunaithe in 2022.
Fuair Stiúideo Cuan, an t-ionad cultúir agus ealaíne nua ar an Spidéal, €88,000 chun Jó Johnny Joe, dráma raidió deich gclár a dhéanamh do Raidió na Gaeltachta.
Gemma Breathnach agus Ailbhe Nic Giolla Bhríghde a scríobh Saol Ella, scéal faoi chailín óg Gaeltachta a n-iompaítear a saol bunoscionn ar fad nuair a shocraíonn a hathair Gaeilgeoirí a choinneáil.
Buiséad suas le €1.2 milliún atá ar fáil don léiriú faoin scéim atá á maoiniú ag TG4, an ciste WRAP, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI) agus Fís Éirinn. Sé chlár 24 nóiméad a bheidh i gceist.
Fuair an comhlacht Tyrone Productions €258,000 chun sraith dhátheangach, Mo Chorpsa, a dhéanamh do TG4.