Thug Coiste Oireachtais le fios d’ionadaithe ó eagraíochtaí teanga nach mbeadh cead acu Gaeilge a labhairt ag cruinniú i dTeach Laighean mar gurb in é a bhí socraithe ag cathaoirleach an choiste.
Sa chéad leagan de chuireadh a seoladh go dtí na heagraíochtaí teanga teacht i láthair Chomhchoiste Oideachais an Oireachtais, dúirt Paul Kehoe, cathaoirleach an choiste, go raibh cinneadh déanta aige gur i mBéarla a bheadh an cruinniú faoi chás na Gaeilge san Ardteist.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael go ndearna sé an cinneadh sin le go dtuigfí “go soiléir” an t-ábhar a phléifí agus chun go mbeadh an plé chomh “fiúntach” is a d’fhéadfadh sé a bheith.
Bhí sé an-tábhachtach, a dúradh sa litir a bhí i mBéarla amháin, go dtuigfí na pointí a bheadh le déanamh ag ionadaithe na n-eagraíochtaí teanga.
Chabhródh sé, a dúradh, le baill an choiste ceisteanna ábhartha a chur dá mbeadh an plé i mBéarla agus chabhródh sé chomh maith leis an gcoiste nuair a bheadh tuairisc le scríobh acu.
Seoladh leagan leasaithe den chuireadh chuig na heagraíochtaí teanga an lá céanna, an 8 Samhain, ina raibh an tagairt de pholasaí Béarla an Chathaoirligh bainte as.
Ina háit, bhí líne a dúirt go mbeadh córas ateangaireachta ar fáil ag an gcruinniú le go bhféadfadh na toscairí agus na baill Béarla nó Gaeilge a labhairt.
I mBéarla amháin a bhí an leagan leasaithe den chuireadh chomh maith.
Dhá lá ina dhiaidh sin, ar an 10 Samhain, seoladh an tríú leagan den chuireadh. I nGaeilge a bhí an leagan leasaithe is déanaí agus ghabh cathaoirleach an choiste leithscéal ó chroí leis na heagraíochtaí as scríobh chucu i mBéarla roimhe sin agus as a chinneadh gur i mBéarla amháin a reáchtálfaí an cruinniú.
De réir Alt 6 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, tá cead ag aon duine a rogha teanga, Béarla nó Gaeilge, a úsáid ag coistí Oireachtais.
Inné a reáchtáladh an cruinniú de chuid an Chomhchoiste um Oideachas, Breisoideachas agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht.
I nGaeilge amháin a labhair ionadaithe na gcúig eagraíocht teanga a bhí i láthair – Conradh na Gaeilge, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíocht, Gaeloideachas, An Foras Pátrúnachta agus Tuismitheoirí na Gaeltachta.
I nGaeilge amháin chomh maith a labhair formhór mór na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí a bhí i láthair ag an gcruinniú chun na siollabais nua atá molta don Ardteist a phlé.