Is i siopa Gaeltachta a díoladh ticéad sa Chrannchur Náisiúnta ar fiú €1milliún é.
I dTigh Mhic Dhonnchadha, siopa Costcutter i mBéal an Daingin i gConamara, a díoladh an ticéad tráthnóna Dé Sathairn.
Bhuaigh an ticéad an phríomhdhuais sa tarraingt Lotto Plus 1, arbh fhiú €1 milliún í. Is iad na huimhreacha a bhí i gceist – 05, 08, 12, 26, 40 agus 41 agus 32 mar uimhir bhreise.
Dheimhnigh an Crannchur Náisiúnta nach ndearna an buaiteoir aon teagmháil leo fós.
Tá comhairle tugtha don bhuaiteoir a n-ainm a scríobh ar chúl an ticéid, é a choinneáil slán agus teagmháil a dhéanamh leis an gCrannchur Náisiúnta.
Ar an gClochán i gConamara mí Lúnasa 2020 a díoladh ticéad a bhuaigh an phríomhdhuais sa Chrannchur Náisiúnta arbh fhiú €7.3 milliún é.