Tá mí na Nollag buailte linn agus ní fada uainn anois saoire na Nollag. Muna bhfuil bronntanais Nollag ceannaithe agaibh go fóill, tá am ann fós.
Tá béim mhór ar thacaíocht a thabhairt do ghnóthaí áitiúla agus muid ag ceannach earraí éagsúla arís i mbliana. Roghnaigh PEIG.ie cúpla gnólacht Éireannach ón Eolaire Gnó a bhfuil táirgí acu a bheadh foirfe mar bhronntanas Nollag, fiú duit féin!
“Is breá linn an paisean atá againn i leith bia maith a roinnt agus ithe go maith trínár ngrá le leasaithe blasta a dhéanamh.”
“Déanann agus díolann Tomás, an Man of Aran, suas le 24 blas éagsúil faoiste san iomlán, an bun-bhlas céanna úd ina measc.”
“Is comhlacht clainne teoranta é Salann Mara Acla a dhéanann salann mara lámh-lománaithe ó Shlí an Atlantaigh Fhiáin.”
“Úsáidtear bláthanna an cheantair, fiúise agus féithleann, chun blas Loch Measca a chur ar tháirgí Dhrioglann Loch Measc.”
“An t-aon drioglann dá leithéid atá lonnaithe ar oileán in Éirinn.”
“Earraí ar díol, seomra oscailte i gcomhair páisti le potadóireacht a dhéanamh agus caife ann chomh maith.”
“Is é Criostal na Rinne an comhlacht ceirde is fearr in Éirinn ag cruthú criostal lámh-déanta ar ardchaighdeán i nGaeltacht na Rinne, Co. Phort Láirge.”
“Bunaíodh Cniotáil Inis Meáin ar an oileán in 1976. Ba é spiorad, timpeallacht agus oidhreacht na háite a spreag Tarlach de Blácam agus Áine Ní Chonghaile an comhlacht a bhunú.”
“An chéad phíosa seodóireachta a díoladh ná crochadán Ogham. An táirge is fearr fós.”
An Siopa Leabhar, Futa Fata, Leabhar Breac, An Ceathrú Póilí, Cló Iar-Chonnacht
West Ireland Art, Dingle Wild Card, Gaeilge Vibes, Gaeilgheansai, Clodafoto
Connect the Dots Design, Glowing with Gaeilge, Baile Clothing, Nine Arrow, Mapa.ie, Beanantees
Is féidir gnólachtaí an Eolaire a fheiceáil anseo.
Más maith leat do ghnó a chlárú leis an Eolaire Gnó brúigh anseo.