Deir Sinn Féin gur cheart sampla tíortha eile a leanúint agus acmhainní breise a chur ar fáil d’imircigh, agus d’aon duine eile in Éirinn, atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim.
Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge, Gaeltachta, Ealaíon agus Cultúir an pháirtí, go bhfuil na heagrais ann chun freastal ar dhaoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim ach gur chóir don Rialtas níos mó airgid agus acmhainní a chur ar fáil dóibh.
Labhair Ó Snodaigh roimhe seo faoi scéim nua a d’fhógair an tAire Simon Harris le maoiniú a chur ar fáil chun cabhrú le daoine a thagann chun na tíre seo ag obair le feabhas a chur ar a gcumas sa Bhéarla. Mheas Ó Snodaigh gur cheart go mbeadh an Ghaeilge mar chuid den scéim sin agus deir sé anois gur chóir tacú níos fearr le gach duine sa tír, idir Éireannaigh agus imircigh nua, chun an Ghaeilge a fhoghlaim.
Dúirt sé go raibh obair déanta i dtíortha eile chun é a dhéanamh níos éasca do dhaoine teanga nua a fhoghlaim agus gur cheart na samplaí sin a leanúint in Éirinn.
Tharraing alt de chuid an BBC le gairid aird ar an obair atá á déanamh ag scéim sa Bhreatain Bheag atá eagraithe ag Cumann na Croise Deirge, Gwent Welsh Learning agus National Centre for Learning Welsh. Cuirtear ranganna Breatnaise ar fáil d’imircigh agus d’iarrthóirí tearmainn agus tá suim léirithe iontu ag daoine a bhfuil a gcuid páistí ag foghlaim na Breatnaise ar scoil nó atá ag iarraidh an teanga a fhoghlaim chun post a fháil.
“Tá dea-shampla le feiceáil sa chás seo ón mBreatain Bheag, ach tá samplaí eile le feiceáil i dtíortha eile. I dTír na mBascach, cuirtear ranganna is caife ar fáil ar maidin sula dtéann daoine ag obair, agus sa Bheilg tá ról ag údaráis áitiúla i soláthar ranganna Fraincise nó Ollannaise do chách atá ina gcónaí sa cheantar,” a deir Ó Snodaigh.
“Inár gcomhthéacs féin anseo, ní gá fiú eagras nua a bhunú – tá leithéidí Chonradh na Gaeilge agus clár Líofa Chumann Lúthchleas Gael ann cheana féin a dhéanann sárobair ag reáchtáil ranganna. Ba chóir don rialtas airgead ar leith a dhíriú ar mhúineadh na Gaeilge do theifigh agus d’imircigh. Ní féidir an Ghaeilge a chur mar choinníoll chun náisiúntacht a bhaint amach, ach ba chóir go meallfaí daoine chun í a fhoghlaim fad a bhíonn a n-iarratais á bpróiseail, agus go dtabharfaí gach deis dóibh lena linn.”
Deir Ó Snodaigh gurbh fhearr leis dá mbeadh gach duine atá ag foghlaim le chéile sna ranganna céanna, “in áit teifigh a bheith scartha ó dhaoine eile”.
“Ní dhéanann Sinn Féin idirdhealú: ba chóir gach duine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn – Éireannaigh agus teifigh san áireamh – a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, daoine a bhfuil dearmad déanta acu uirthi ó bhí siad ar scoil, agus daoine a bhfuil páistí acu ar scoil agus gur mian leo cúnamh a thabhairt dóibh lena gcuid Gaeilge.”
Deir sé gur chóir don Rialtas maoiniú a chur ar fáil do na heagrais a chuireann ranganna ar fáil chun costais na gcúrsaí sin a laghdú agus fáil réidh leis na “bacanna” atá roimh dhaoine ar suim leo an teanga a fhoghlaim.
“Ba chóir go mbeadh údaráis áitiúla anseo ag glacadh ról san obair – tá leabharlann agus múinteoirí scoile ar fáil ar fud na tíre agus mar sin tá na hacmhainní ann cheana féin, ní gá ach an t-airgead le híoc as an obair.”