Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

An bhfuil fonn ort dul ag obair thar lear? Seo cúpla leid duit!

| PEIG |

Aoife Ní Chrualaoich

Is mí ghnóthach í mí Eanáir do dhaoine áirithe. D’fhéadfaí a rá gur tréimhse dhúshlánach, strusmhar í an bhliain úr. Más rud é go bhfuil tú ag cur isteach ar chúrsaí coláiste, intéirneachtaí, nó róil iarchéime, bíonn brú ag baint le mí Eanáir leis na spriocdhátaí ar fad ag bagairt orainn.

Tá cuma ar an scéal go mbeidh COVID linn tamall eile. Tá athrú de dhíth orainn anois is arís agus mar sin is fiú go mór smaoineamh ar thaisteal tar éis na dianghlasála go léir. 

Gan aon cheist ná dabht, is é an taisteal ceann de na heispéiris is fearr sa saol. Cultúir nua, bia coimhthíoch, daoine spéisiúla, teangacha nua. Caithim an bhliain seo i dTuaisceart na Fraince agus ní gá a rá gur scáfar an smaoineamh é, a bheith ag taisteal i d’aonar ach is fiú go mór triail a bhaint as – le haghaidh forbairt phearsanta!

Má tá suim agat dul ag obair thar lear, féach ar na leideanna thíos:

  • An pointe is praiticiúla faraor ná airgead, airgead, airgead! Níl aon amhras ach go bhfuil sé riachtanach airgead a shábháil roimh an turas. Bheadh iontas ort cé chomh daor is atá an chéad mhí. Ina dhiaidh sin, socraíonn rudaí síos agus tú ag tuilleadh airgid arís. Ansin, beidh tú in ann cuairt a thabhairt ar Zara chun do phá a chaitheamh go rábach. Ach, bí cúramach le do chuid airgid ar dtús.
  • Bí airdeallach agus tú ag lorg lóistín. Is minic a fhaightear camscéimeanna ar líne. Is furasta an botún sin a dhéanamh mar tá caimiléirí sároilte na laethanta seo. 
  • Déan do dhícheall gan an iomarca stuif a phacáil. Is cinnte go mbeidh tú ag siopadóireacht agus ag bailiú rudaí beaga le linn do thaisteal. Mar sin, déan iarracht roinnt spáis a shábháil. Mura bhfuil sé seo indéanta, seol na cásanna le cúiréir. Dhéanfadh sé sin an saol níos éasca duit. 
  • Déan a lán taighde roimh an turas. Gan amhras, is aip iontach í Instagram chun eolas a fháil ar áiteanna nua. Na bialanna is blasta, an siopa caife leis an mbáinín is fearr agus an teach tábhairne Éireannach is tírghráiche. 
  • Bí oscailte chun bualadh le daoine eile agus taithí a fháil ar chultúir nua! Bain triail as bia speisialta na háite fiú má tá cuma aisteach air. Is rud dúshlánach é tú féin a thumadh i gcultúr ar dtús, ach téann tú i dtaithí air. Ná déan dearmad, buailfidh tú le hÉireannaigh i ngach áit, i ngach tír agus bunóidh tú do phobal áitiúil féin thar lear. Roinn ár gcultúr luachmhar le daoine, tá a fhios agam ó mo thaithí féin, bíonn an-spéis ag daoine i gcultúr na nGael
  • Scríobh síos do chuid scéalta go léir. Déantar dearmad ar na sonraí beaga le himeacht aimsire, creid uaimse é!

Go deimhin, is taithí fhiúntach í an taisteal. Caithfidh mé a admháil, nuair a bhí mé ag fás aníos in Éirinn, shantaigh mé saol galánta i dtír i bhfad i gcéin. Táim fós fiosrach agus tógtha faoin taisteal áfach, anois, tá meas ollmhór agam ar Éirinn, ar ár dteanga uathúil, ar na daoine fáilteacha agus dár ndóigh, ar an chraic.

Léigh tuilleadh ábhar ó PEIG.ie anseo