Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities

Leideanna Leithlisithe

| Dáithí Anraí |

Clíodhna Ní Chorráin

COVID-19.

Frása atá anois i mbéal an phobail le beagnach dhá bhliain anuas. Mothaíonn sé, na laethanta seo, nach féidir éalú ón víreas. In ainneoin roinnt srianta, d’éirigh linn Nollaig níos “normálta” a bheith againn in 2021 ná mar a bhí againn in 2020. Bhí cead againn bualadh le cairde agus cead bailiú le chéile. Ach le teacht an athraithigh úir, is cinnte go bhfuil imní níos mó le mothú sa tsochaí agus daoine ag déanamh iarrachta a bheith níos cúramaí agus iad amuigh go sóisialta. Tá léar mór daoine, mé féin san áireamh, i ndiaidh COVID a fháil le linn shéasúr na Nollag. Ar an drochuair, níl an chuma ar an scéal go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcásanna, go háirithe agus páistí le pilleadh ar an scoil. Mar sin, agus mé ag deireadh mo thréimhse féinleithlisithe, tá mé chun roinnt leideanna a thabhairt do dhuine ar bith atá ag féinaonrú.

Bhí an t-ádh dearg orm, a bhuí leis an trí dháileog den vacsaín a bhí faighte agam, gan bheith róthinn leis an víreas. Tuigim, áfach, nach amhlaidh an scéal sin d’achan duine. Admhaím nach ndearna mé achan rud ar an liosta seo, achan uile lá! Tá gach duine difriúil agus bíonn bealaí éagsúla againn uilig le déileáil le constaicí an tsaoil, ach seo iad na rudaí a d’oibrigh domsa, agus tá súil agam go gcuideoidh siad leatsa chomh maith, má bhíonn siad de dhíth ort!

  • ITH:

Ní féidir a bheag a dhéanamh den tábhacht atá le réim bia shláintiúil. Tá sé iontach furasta a bheith a do shuí i do sheomra, gan rud ar bith le déanamh seachas a bheith ag ithe seacláide an lá ar fad, agus is deas é! Ach tá sé tábhachtach fosta gan dearmad a dhéanamh ar na torthaí agus glasraí. Vitimíní abú. Agus ól cuid mhór uisce.

  • ANÁLAIGH (chomh maith agus is féidir leat, agus COVID ort!)

Faigh aer úr. Tá sé fíordheacair a bheith sáinnithe sa teach ar feadh tamall fada, nó i mo chás féin, sáinnithe in aon seomra amháin. Rud a chuidigh liomsa, áfach, ná aer úr a fháil i rith an lae. Oscail an fhuinneog chomh minic agus is féidir leat, agus tapaigh achan deis a fhaigheann tú le dul taobh amuigh, fiú fá choinne 5 bhomaite.

  • LABHAIR:

Coinnigh i dteagmháil le do chairde agus le do theaghlach. Is féidir le scairteanna difear ollmhór a dhéanamh do do lá. Cuireann sé spion maith ort a bheith ag caint le daoine eile agus is bealach maith é leis an am a chur isteach chomh maith!

  • DÉAN:

Coinnigh gnóthach: bain úsáid as an am seo le rudaí a dhéanamh nach mbíonn an t-am agat a dhéanamh de ghnáth. Scríobh dialann: tabharfaidh sé faoiseamh de d’intinn. Glan amach an tarraiceán sin atá lán go béal le rudaí nach bhfuil de dhíth ort.  Léigh an leabhar sin atá ar an tseilf le fada an lá, bainfidh tú sult as. Bog do chorp; cibé dóigh is féidir leat – cuir ar siúl an ceol is fearr leat agus bí ag damhsa! Déan seisiún ióga: tá roinnt mhaith físeán ar fáil ar leithéidí YouTube agus is féidir iad a leanstan go furasta, ach má dhéanann tú do chuid matán a shíneadh ar chor ar bith, déanfaidh sé maitheas de do chorp.

  • BÍ:

Bí cineálta leat féin: tá cead agat amharc ar Netflix, a bheith ar d’fhón, scrolláil fríd na meáin shóisialta: ach bí cúramach faoin mhéid ama a chaitheann tú i do luí ar do leaba, nó ní fada go mbeidh pian droma agus tinneas cinn níos mó ort – ní gan dua a d’fhoghlaim mise é sin!

Bí istigh leat féin. Is am doiligh é seo, beidh sé dúshlánach ort, go háirithe má bhíonn tú tinn. Rachaidh tú fríd cuid mhór mothúchán le linn na tréimhse seo. Tá sé maith go leor gan bheith maith go leor. Níl sa liosta seo ach moltaí. Ná mothaigh gur gá duit rud ar bith ar leith a dhéanamh. An rud is tábhachtaí ná fáil fríd, ar do luas féin agus ar do bhealach féin. Tá laethanta níos gile romhainn uilig. Coinnigh an misneach!

Níos mó