Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘leiriu-ar-a-chontuirti-is-ata-boithre-na-gaeltachta-don-rothai-e-fisean-cheantar-na-noilean’

‘Léiriú ar a chontúirtí is atá bóithre na Gaeltachta don rothaí é físeán Cheantar na nOileán’

| Maitiu O Coimin | ,

Bhain na Gaeil ard-taitneamh as físeán a scaipeadh go forleathan ar na meáin shóisialta inné ina bhfeictear achrann idir rothaí agus tiománaí veain ar bóthar i gCeantar na nOileán i nGaeltacht na Gaillimhe. 

Roinn an rothaí Gaeltachta an físeán a taifeadadh i mí Mhárta na bliana seo caite i ndiaidh dó an scéal a chur chuig na Gardaí ach gan sásamh a fháil uathu maidir lena ghearán.

Chuaigh an tiománaí veain thairis ag ‘coirnéal caoch’, rud a chuir ag eascainí le teann faitís é. Stop an tiománaí níos faide síos an bóthar agus d’fhan ar an rothaí. Nuair a tháinig an rothaí chomh fada leis, chuaigh an tiománaí ina dhiaidh agus rinne iarracht é a bhrú den bhóthar lena veain agus scaoil uaidh sruth eascainí. 

An rud ba mheasa faoin scéal uilig ná gur thuairiscigh an rothaí an t-eachtra leis na Gardaí agus gur shíl an cigire nárbh fhiú tada a dhéanamh faoi ach rabhadh a thabhairt don rothaí féin as a bheith ag eascainí, rabhadh don tiománaí as eascainí freisin agus cúirt a chur air as tiomáint mhíchúramach.

Roinneadh an físeán ar an 16 Eanáir ach níor tugadh mórán airde air go dtí inné nuair a thuig pobal na Gaeilge gur i nGaeilge a bhí an bhuile bhóthair. Mheas go leor daoine gur ábhar dóchais don teanga a bhí ann agus b’fhéidir go bhfuil an ceart acu – ritheann an líne sin faoi ‘cornerboys’ Bhaile Átha Cliath ag labhairt Gaeilge liom – ach an chéad rud a rith liomsa ná a chontúirtí is atá sé a bheith ag rothaíocht sa nGaeltacht. 

D’fhógair Údarás na Gaeltachta le deireanas go bhfuil fúthu tabhairt faoi ‘Ghaeltacht Ghlas’ a chruthú. Ar ndóigh, is faoi chúrsaí gnó sa nGaeltacht a bhíonn ÚnaG ag déanamh imní den chuid is mó. Mar tuairiscíodh ar Tuairisc.ie inné, cuirfidh an tÚdarás éim ar ‘An Ghaeltacht Ghlas’ a fhorbairt sa mbliain amach romhainn agus tacaíocht le cur ar fáil do chúrsaí fuinnimh in-athnuaite ann. Ach más fúinn Gaeltacht Ghlas a chruthú i gceart tús maith a bheadh ann na bóithre a dhéanamh i bhfad níos sábháilte do choisithe agus do rothaithe

Tá borradh mór faoin rothaíocht i gceantracha uirbeacha le cúpla bliain anuas agus cuireadh go mór leis an infreastruchtúr do choisithe agus do rothaithe i gcathracha le linn na paindéime – go mór mór i mBaile Átha Cliath. Tá contae agus cathair na Gaillimhe i bhfad taobh thiar de Bhaile Átha Cliath ó thaobh an taistil ghlain de – ainneoin go bhfuil an chathair féin i bhfad níos lú ná an ardchathair. 

Dhá bhliain ó shin, dúradh sa gClár Rialtais a chuir Fine Gael, Fianna Fáil agus an Comhaontas Glas amach go gcaithfí €360,000,000 sa mbliain ar an taisteal glas – sin milliún euro sa ló. Dúirt mé ag an am go bhfuil deis le tapú sa méid sin ag muintir na Gaeltachta.

Bhí mé ag caint ar bhealaí glasa agus a leithéid nuair a scríobh mé an t-alt sin, ach is léir ón bhfíseán a roinneadh an tseachtain seo go bhfuil gá le i bhfad níos mó ná sin amuigh faoin tuath le coisithe agus rothaithe a choinneáil sábháilte. An chéad rud is gá a dhéanamh ná a chur ina luí ar na Gardaí go gcaithfidh siad a bheith dáiríre faoi eachtraí mar seo – chuir an tiománaí beatha duine i mbaol mór ar an mbóthar agus ní dhearnadh rud ar bith faoi. 

An dara rud is gá a dhéanamh ná infreastruchtúr a chur in áit a bheidh sábháilte do choisithe agus do rothaithe. Ní bheidh an Ghaeltacht ‘glas’ a fhad a bhíonn daoine ag tiomáint ar bhóithre beaga tuaithe ag 80km/u agus gan an dara rogha ag daoine ach siúl ar bhóithre contúirteacha in éineacht leo. 

Agus mé ag obair i mBearna ó 2014 go 2018, ba mhinic a chuaigh mé ar an rothar soir agus anoir Bóthar Chois Fharraige. Buíochas le Dia níor tharla rud ar bith chomh tromchúiseach céanna lena bhfuil le feiceáil sa bhfíseán sin domsa, ach ba mhinic ab éigean dom léimt den rothar isteach sa gclaí le carr, bus, nó veain a sheachaint. 

Má tá muid dáiríre faoi Ghaeltacht Ghlas a chruthú, caithfidh an Ghaeltacht a bheith sábháilte do ghasúir atá ag iarraidh dul ar scoil de shiúl na gcos nó ar rothar, caithfidh sí a bheith sábháilte d’aithreacha agus máithreacha atá ag iarraidh na gasúir a thabhairt síos ag an trá, caithfidh sí a bheith sábháilte do sheandaoine, daoine óga, agus chuile dhuine eile a bheadh ag siúl nó ag rothaíocht áit ar bith. 

Níos mó