Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘ta-suil-agam-go-dtiocfaidh-feabhas-mor-ar-shaol-na-ndaoine-oga-i-mbliana’

‘Tá súil agam go dtiocfaidh feabhas mór ar shaol na ndaoine óga i mbliana’

| kate scott | ,

Tá deireadh tagtha le laethanta saoire na Nollag, agus is deacair a chreidiúint go bhfuil muid cheana féin ar ais ag an gcoláiste. Mar sin féin, tá sé níos deacra fós agam féin creidiúint go bhfuil mé leath bealaigh críochnaithe leis an dara bhliain den ollscoil! Tá mé fós cinnte go bhfaighidh mé glaoch ón meánscoil lá éigin ag raibh liom teacht isteach chun an Ardteist a dhéanamh 

Bhí an t-ádh orm go raibh mé ábalta saoire na Nollag a chaitheamh sna Stáit Aontaithe, áit a raibh mé ag tabhairt cuairte ar mo mhuintir atá ag cónaí in Boston. Mar sin féin, ní raibh mé ach díreach tagtha abhaile nuair a thosaigh an seimeastar nua, beagnach i ngan fhios dom. 

An rud is deise faoin gcéad seachtain ar ais ag an gcoláiste ná gach duine a fheiceáil ar an gcampas arís. Bhuail mé le mo chairde agus mé ag dul isteach chuig mo chéad léacht den seimeastar agus chaith muid an chuid eile den lá le chéile. Anois, ní hé seo le rá go bhfuil muid go hiomlán ar ais ar an gcampas. 

An seimeastar seo is dócha go dtaitníonn an nós a bheith obair as baile go mór leis na léachtóirí, os rud é go bhfuil na léachtaí ar an gcampas lá amháin, agus an léacht céanna ar líne an tseachtain dár gcionn. Dúirt léachtóir amháin go raibh sé chun léachtaí a naoi a chlog ar maidin a chur ar líne mar gheall ar Covid, ach go mbeadh na léachtaí níos déanaí sa lá ar ar an gcampas. Is cosúil nach dtagann Covid amach ach amháin go moch ar maidin.

Agus mé ag dul thimpeall an champais ag caint agus ag comhrá le mo chairde, níor thóg sé i bhfad orm dul ar ais chuig na drochnósanna céanna a bhí agam i suimítear a haon. Tá mé ag caitheamh i bhfad in iomarca airgead ar bhia agus chaife cheana féin. Is éard atá mar rún na hAthbhliana agam ná go dtabharfaidh mé mo lón féin isteach ag an gcoláiste as seo amach, agus go stopfaidh mé ag caitheamh airgid ar bhia gach lá. 

Chuaigh mé amach uair nó dhó i rith na seachtaine chuig Sult, beár na hollscoile ach, faraor, bhí orainn dul abhaile ag a hocht. Beidh sé go deas dul amach níos déanaí nuair a gheobhainn an rialtas réidh le na rialacha seo, rud ba cheart a bheadh ag tarlú go luath, le cúnamh Dé. Braithim go dona d’oibrithe na bpubanna, agus ár ndóigh na clubanna oíche, mar go bhfuil orthu dúnadh chomh luath sin. Don chuid is mó áiteanna, go háirithe faoin tuath, níorbh fhiú dóibh oscailt ar chor ar bith, mar sin tá siad ag fanacht go maolófar na rialacha.

Thosaigh mé ag dul chuig ranganna ióga uair sa tseachtain, rud atá ag tabhairt cúnamh go mór le mo mheabhairshláinte agus strus. Tá na ranganna ióga á reáchtáil ag an ollscoil, mar sin tá an praghas do mhic léinn OÉG níos saoire ná a bheadh áit éigin eile i nGaillimh. Is mac léinn síceolaíochta mé ag deireadh an lae, mar sin ba cheart go mbeadh mé ag tabhairt níos mó aire do m’intinn, ós rud é go bhfuil muid ag foghlaim cé chomh tábhachtach agus atá sé.

Tá an ollscoil ag tabhairt amach tástálacha antaigine saor in aisce do gach mac léinn, rud a raibh mé thar a bheith sásta cloisteáil faoi, ós rud é gur scríobh mé alt á mholadh sin cúpla mí ó shin. Tá sciob sceab ar na tástálacha, áfach, mar sin faigh iad chomh sciobtha agus is féidir!

Sin é mo thuairisc ar an chéad seachtain ar ais ar an ollscoil, na rudaí maithe agus na rudaí olca. Tá súil agam go mbeidh mé ábalta cloí le mo chuid nósanna don Athbliain! Chomh maith leis sin, tá súil agam go dtiocfaidh feabhas mór ar shaol na ndaoine óga i mbliana. Níl aithne agam ar aon duine nach bhfuil an vacsaín faighte acu, agus tá na cásanna ag dul síos chuile lá. Is léir gur údair dóchais é seo do dhaoine óga na tíre, go mbeidh an gnáthshaol ar ais go gairid.

Níos mó