Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
‘begin-with-the-end-in-mind’-agus-albaim-eile-na-miosa

‘Begin With The End in Mind’ agus Albaim eile na Míosa

| Ben O Faolain | ,

Duncan Marquiss – Wires Turned Sideways In Time (Basin Rock)

Wires Turned Sideways In Time by Duncan Marquiss

Maidir leis an gceol a taifeadadh le linn na dianghlasála, tá idir mhaith agus olc ann. Roinn mórán ceoltóirí a gcrá croí agus a n-easpa dóchais a bhrú linn, i gcruth sonach. Thuigfeá dóibh, na créatúir, ach nuair atá cúrsaí an tsaoil i mo chúinne is ceol a bhfuil ardú meanman ann atá uaim seachas a mhalairt. 

Buíochas, mar sin, go raibh catagóir eile ceoltóirí i mbun gnímh le linn na tréimhse sin: iad siúd a thapaigh an deis, fad a bhí stop rith agus rás an tsaoil, chun suí síos in áit chiúin agus an magnum opussin a bhí sa cheann acu le fada an lá a thaifeadadh.

Cuir i gcás Duncan Marquiss, giotáraí The Phantom Band. Thug sé na cosa leis as cathair Ghlaschú go garáiste a thuismitheoirí i gceantar tuaithe in oirthuaisceart na hAlban le díriú ar a chéad-albam aonair, Wires Turned Sideways In Time. Albam gleoite, giotár-bhunaithe é ar a bhfuil rithim mheicniúil na cathrach (an mhonarcha, an meitreo, máirseáil na maidine chun na hoifige) agus saoirse ghaothshéidthe, idir aoibhinn agus uaigneach, saol na tuaithe le braistint ina gcóimhéid. Éist leis an chéad rian, ‘Drivenhalle’, go gcloise tú cad atá i gceist agam. 

D’ainneoin go bhfuil meas Marquiss ar cheol leictrea-fhuaime Steve Reich, ar rac-cheol Gearmánach na stíle kosmiche na 70í (Neu!, Popol Vuh), ar ghormacha iar-nua-aoiseacha John Fahey agus Ry Cooder agus, i gcás an riain ‘Double Murmer’, ar dhordlínte Peter Hook (Joy Division/New Order) le sonrú, ach ní haon saothar in aisce gan físe é seo.

Máistriúil.

Padraig Rynne – Begin With The End In Mind (Liosbeg)

Begin with the end in mind by Padraig Rynne

Seans go bhfuil aithne agat ar Phádraig Rynne cheana féin óna thogra ceoil leictreonaice Aeons i dteannta Mhuireann Nic Amhlaoibh, nó mar an draoi consairtín leis an ngrúpa cumaisc Notify

Filleadh ar cheol traidisiúnta na hÉireann atá sa chéad albam aonair seo dá chuid le seacht mbliana déag anuas. Tá cúig chinn de phoirt féin-cumtha le clos, agus díobh sin molaim guailleáil nótaí na bpreabphort ‘The Humours Of Pinot’ agus ‘A Winning Season’, go háirithe, ach luach an albaim bhreá seo ná chomh spéiriúil éasca is a fhuaimníonn poirt a bhfuil sean-aithne agam orthu agus iad seinnte ag méara Rynne.

Ceolteóirí Éagsúla – E-Beamz presents Continuum-z (E-Beamz)

Continuum-Z by E-Beamz

Tá tuairim agus 30 bliain imithe tharainn ó tháinig ceol jungle ar an saol. Cé go bhfuil an stíl linn ó shin, i gcruth amháin nó i gcruth eile (drumfunk, go háirithe), buíochas do ghlúin óg léiritheoirí mar Sully, Coco Bryce agus Tim Reaper tá bunfhuaim chasta spleodrach fhuinniúil jungle tar éis aiséirí as luaithreach an dordcheoil le blianta beaga anuas.

Díríonn an cnuasach seo de chuid an lipéid E-Beamz ar cheol na glúine óige seo, go háirithe. Aistodhchaíochas don chaighdeán is airde atá romhat. Mo rogha féin de na rianta is fearr anseo ná an ‘How The River Flows’ gleoite de chuid an phiscín is sciliúla sa dúthaigh ó thaobh cóiriú na mbuillí de, Tommy The Cat na hÍsiltíre, ‘Things You Don’t Do’ de chuid Mani Festo agus Denham Audio lena, liricí sampláilte éagaoineach R&B, agus ‘Let’s Talk About The Trust Fund’ de chuid DJ Decay – port brúdúil le tréan-buille 4/4 a bhuaileann tuí na bpunann ort. 

Meidhréiseach.

Níos mó