Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
duais-mhor-taighde-buaite-ag-bean-as-inis-mor

Duais mhór taighde buaite ag bean as Inis Mór

Tá aitheantas faoi leith tugtha ag an gComhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann do shaothar faoi fhonnadóirí, ceoltóirí agus lucht bailithe amhrán agus ceoil in Árainn. An Dr Deirdre Ní Chonghaile as Inis Mór a rinne an taighde. Bhronn an Chomhdháil Duais Michael J Durkan ar an Dr Ní Conghaile dá leabhar Collecting Music in the Aran Islands: a Century of History and Practice. 

Mhol na moltóirí an leabhar mar gheall ar ghrinneas an taighde acadúil ar ábhar a bhfuil eolas pearsanta ag an údar air. Scrúdaítear an dúchas sa leabhar, a deirtear, agus a dtarlaíonn don dúchas sin de bharr scoláirí a bheith á chruinniú. Deirtear gur leabhar é seo chomh maith faoin tionchar a bhí ag spéis na scoláirí i seanchas an cheoil ar an gcultúr in Árainn,.

Obair na mblianta atá sa leabhar, a mhínigh Deirdre Ní Chonghaile agus í ag labhairt ar Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta roimh sheoladh an leabhair níos túisce i mbliana.

Ceann de na cúiseanna a bhí aici le tabhairt faoin taighde ónar eascair an leabhar nach raibh leabhar ar bith ann faoin gceol agus faoin amhránaíocht in Árainn, cé go bhfuil neart leabhair scríofa faoi ghnéithe eile a bhaineann leis na hoileáin. B’éigean di dul ag tóraíocht i bhfoinsí ar nós lámhscríbhinní, seanscannáin nó seantaifid (bíodh sin ar téip nó ar eiteán céarach).

“Tá an ceol imithe le gaoth mura dtógfaidh tú ar téip éigin é nó mura mbreacfaidh tú síos é,” a dúirt sí. Tuigeann sí go mbíonn tú ag brath, mar sin, ar chumas an té sin an ceol a bhreacadh is an Ghaeilge a scríobh.

Tá réimse 120 bliain i gceist sa leabhar agus i measc na mbailitheoirí faoina scríobhann sí, tá Séamus Ennis, Bairbre Quinn, Sidney Robertson Cowell, George Petrie agus Eoin Ó Comhraí.

Cé go raibh 20 bliain caite ag an Meiriceánach Sidney Robertson Cowell ag taifeadadh amhrán ina tír dhúchais ba ar saoire a tháinig sí go hInis Mór an chéad lá riamh. (I seanteach mhuintir Dheirdre Ní Chonghaile a bhí sí ag fanacht.) Ach nuair a thuig sí an saibhreas ceoil agus amhránaíochta a bhí san oileán, chaith sí coicís ag taifeadadh agus d’fhill sí ar an oileán ina dhiaidh sin le tuilleadh a dhéanamh.

Sa mbliain 1857 a tháinig George Petrie agus Eoin Ó Comhraí, a tógadh le Gaeilge, go hÁrainn agus spéis acu i nDún Aonghasa, ach chaitheadh siad an tráthnóna cois tine ag breacadh na n-amhrán. 

Tá líníocht sa leabhar a rinne an t-ealaíontóir cáiliúil Frederick Burton de na bailitheoirí agus na fonnadóirí ar bhord húicéara agus “amhráin ag dul go haer”, mar a dúirt Deirdre Ní Chonghaile. 

Bhí na focail a bhain le 10 gcinn de na hamhráin a bhailigh Petrie agus Ó Comhraí sí, ach bhí “an t-ádh dearg” léi gur frítheadh na focail sin i Leipzig na Gearmáine in 2007 agus gur éirigh léi “cleamhnas a dhéanamh” idir na focail agus na foinn faoi dheireadh. 

I léirmheas ar Collecting Music in the Aran Islands a foilsíodh san iris The Journal of Music, dúirt Adrian Scahill gur saothar slachtmhar, líofa atá ann. Éacht ó thaobh an taighde atá inti, a dúradh. Staidéar eiseamláireach a thug Proinsias Ó Drisceoil ar an leabhar san iris Feasta. 

Agus é ag scríobh san Irish Echo, dúirt Daniel Neely go raibh Collecting Music in the Aran Islands: a Century of History and Practice ar cheann de na leabhair is tábhachtaí agus is spéisiúla faoin gceol traidisiúnta a foilsíodh le blianta beaga anuas. Is iad an University of Wisconsin Press i Meiriceá a d’fhoilsigh.

Is scríbhneoir, ceoltóir, coimeádaí agus craoltóir í Deirdre Ní Chonghaile. Rinne sí staidéar ar an gceol in Ollscoil Oxford agus chaith sí seal ag obair in Ollscoil Notre Dame agus sa Library of Congress i Meiriceá. Tá sí ag obair faoi láthair in Ollscoil na hÉireann Gaillimh. 

Le gairid, chuir sí An Chartlann Bheo – bunaithe ar ghnéithe de shaol agus de shaothar an Ollaimh Tomás Ó Máille – i láthair ar stáitse na Taibhdheirce i nGaillimh mar chuid den fhéile idirnáisiúnta litríochta Cúirt.  

Tá súil aici gur faoi na hamhráin uilig a cumadh ar thrí oileán Árann a bheas an chéad leabhar eile uaithi.

Níos mó