Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
eire:-uair-na-cinniuna-sa-chomortas-eoraifise

Éire: Uair na Cinniúna sa Chomórtas Eoraifíse

| sean o dubhchon | , ,

Tá Éire i gcaidreamh mífheidhmiúil leis an gComórtas Eoraifíse agus tá idirghabháil ghéarchéime de dhíth orainn láithreach. 

An tseachtain seo caite, bhreathnaigh breis agus 180 milliún daoine ar an gComórtas Eoraifíse, a bhí á chraoladh beo i gcaitheamh trí oíche ó Torino na hIodáile. Buaicphointe mór i saol an cheoil a bhíonn ann i gcónaí agus bhí an saol mór ag caint faoin chomórtas le roinnt mhaith míonna anuas. 

Bhí bua na hÚcráine agus an tionchar a bhí aige seo ar an tír agus ar an Eoraip ar fad ina scéal mór nuachta. Scéal mór nuachta eile a thit amach ná toradh an chomórtais d’Éirinn. Theip ar Éirinn dul tríd go dtí an babhta ceannais don naoú huair le cúig bliana déag anuas. Cad atá taobh thiar den easpa ratha? An bhfuil aon rud is féidir linn a dhéanamh? Agus an bhfuilimid go hiomlán ionraic faoi na cúiseanna a bhaineann leis an easpa ratha a bhí againn le tamall anuas?

An Ré Órga 

Thosaigh mise ag breathnú ar an gComórtas Eoraifíse in 1993, nuair a rinne RTÉ éacht ag cur comórtas na bliana sin ar siúl i Sráid an Mhuilinn i gCorcaigh. Ba í Fionnuala Sweeney a bhí i mbun láithreoireachta agus bhí cúpla cúis bhróid ann d’Éirinn an oíche sin. Ní hamháin gur éirigh leis an gcoiste eagair imeacht proifisiúnta eisceachtúil a chur le chéile, ach bhí an bua ag Éirinn don dara bhliain as a chéile, leis an amhrán ‘In Your Eyes’ canta ag Niamh Kavanagh. 

Ré órga a bhí ann. Bhí an bua ag Éirinn ceithre huaire sna nóchaidí (agus trí huaire roimhe sin) agus tugadh ardmholadh dúinn as an jab a rinne muid ag cur na gcomórtas ar siúl tar éis dóibh buachan. Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Riverdance, an mhír shosa ab fhearr riamh san Eoraifís. Chonaic muid Riverdance don chéad uair i rith Chomórtas Eoraifíse na bliana 1994 agus níl aon tír tar éis draíocht Riverdance a bhualadh amach ó shin. 

Aois Nua na hEoraifíse 

Níl aon tír eile i ndiaidh an bua a bheith acu níos mó ná Éire, ach leis an bhfás agus forbairt as cuimse atá tagtha ar an gcomórtas i gcaitheamh na mblianta, tá Éire i ndiaidh a bheith fágtha sa tseanré. 

Bheinn go láidir den tuairim gur athraigh gach rud ag tús an 21ú céad. Chuir níos mó agus níos mó tíortha isteach ar an gcomórtas. Sa lá atá inniu ann, bíonn suas le daichead tír san iomaíocht gach bliain, rud a chuir tús le babhtaí leathcheannais ar an Mháirt agus an Déardaoin sula mbíonn an babhta ceannais ann. Tháinig fás ar na stáitsí, na mórthaispeántais, an lucht leanúna agus ar na huaillmhianta atá ag tíortha san Eoraip an Comórtas Eoraifíse a bhuachan. Déarfadh daoine go raibh na taispeántais sna seanlaethanta an-leamh i gcomparáid leis na cinn a fheicimid inniu. Tá dlús curtha le rudaí agus tá breis brú ar Éirinn gach bliain leis an lámh in uachtar a fháil ar na hiomaitheoirí eile. 

Le cúig bliana déag anuas, theip ar Éirinn sna babhtaí leathcheannais naoi n-uaire. Is fíorannamh a thagann amhrán ar nós ‘Lipstick’ le Jedward nó ‘Together’ le Ryan O’Shaughnessy a théann go mór i bhfeidhm ar lucht leanúna an chomórtais. 

Cad chuige nach bhfuil ag éirí le hÉirinn sa chomórtas?

Chuir sé iontas ar dhaoine i mbliana nár éirigh le Brooke Scullion, de bhunadh Dhoire, áit a fháil sa bhabhta ceannais lena hamhrán ‘That’s Rich’. Is amhránaí cumasach í agus tá taithí mhaith aici ar an gcanadh os comhair sluaite móra, go háirithe i rith na tréimhse a chaith sí ar an tsraith theilifíse The Voice UK

Is oth liom a rá go bhfuil an cur chuige atá in úsáid ag Éirinn le hamhráin agus iomaitheoirí a roghnú gach bliain go hiomlán as dáta, agus dár gcomharsana san Eoraip, tá cuma ar an scéal nach nglacaimid an comórtas i ndáiríre. 

An próiseas roghnaithe

Tá tíortha eile ar fud na hEorpa an-tiomanta agus dáiríre faoin amhrán ceart a roghnú. Féach ar an tSualainn, a bhaineann úsáid as an gcomórtas bliantúil Melodifestivalen le hiomaitheoir a roghnú don Eoraifís. Próiseas sé seachtaine a bhíonn ann agus cuireann na hamhránaithe agus na cumadóirí is fearr sa tír isteach ar an gcomórtas gach uile bhliain. Tá an rud céanna le feiceáil san Iodáil. Tá clú domhanda ar Fhéile Cheoil Sanremo, imeacht atá níos sine ná an Comórtas Eoraifíse féin. Bhuaigh Mahmood agus Blanco Féile Cheoil Sanremo na bliana seo lena n-amhrán Brividi. 

Ní féidir a shéanadh go bhfuil próisis roghnaithe ar nós an Melodifestivalen agus Féile Cheoil Sanremo i ndiaidh cabhrú go mór leis an tSualainn agus an Iodáil le roinnt blianta anuas, mar go n-éiríonn go hiontach lena gcuid amhráin go rialta. 

Tá Éire i ndiaidh próisis dhifriúla a úsáid le blianta fada le hiontráil a roghnú don Eoraifís, leis na cláir The National Song Contest agus Eurosong go príomha. 

Baineadh úsáid as an tsraith You’re A Star idir 2003 agus 2005 leis na hamhránaithe agus na hamhráin a roghnú, próiseas cuimsitheach a bhí an-chosúil leis an Melodifestivalen agus Féile Ceoil Sanremo. Le cúig bliana déag anuas, roghnaíodh na hamhráin trí vóta oscailte ar The Late Late Show agus go hinmheánach ag an RTÉ. Léiríonn na nósanna seo nach bhfuil muid mar thír ag iarraidh am nó iarracht a chur isteach, nach bhfuil an meas céanna againn ar an gcomórtas agus gur cuma linn faoi amhrán maith a roghnú. 

Easpa measa ar an gcomórtas

Níl an meas céanna againn ar an gcomórtas Eoraifíse anseo in Éirinn agus atá le feiceáil ar mhór-roinn na hEorpa. Tá blianta fada caite againn ag magadh faoi amhránaithe ar nós Johnny Logan, a bhain an chéad áit amach trí huaire: mar amhránaí le ‘What’s Another Year?’ in 1980, mar amhránaí agus cumadóir in 1987 lena amhrán mór  ‘Hold Me Now’ agus mar chumadóir in 1992 le ‘Why Me’, canta ag Linda Martin. Cuir seo i gcomparáid leis an dóigh a gcaitear leis san Eoraip, áit a bhfuil na milliúin ceirníní díolta aige. 

Tá drogall ar cheoltóirí aitheanta Éireannacha cur isteach ar an gcomórtas. Cuirimid seo i gcomparáid leis an Iodáil, a sheol Mahmood agus Blanco i mbliana. Eatarthu, tá breis agus trí mhilliún go leith ceirnín díolta acu le trí bliana anuas. 

Caighdeán na n-amhrán

Baineann go leor den mhí-ádh atá againn sa Chomórtas Eoraifíse le caighdeán (nó easpa caighdeán) na n-amhrán. D’éirigh le Ryan Shaughnessy agus a amhrán ‘Together’ i mbabhta leathcheannais na bliana 2018 agus shaothraigh sé 136 pointe sa bhabhta ceannais toisc gur amhrán maith a bhí ann, le taispeántas cumhachtach mothúchánach ar an stáitse. Déanaimid an-chuid leithscéalta faoi na torthaí a fhaighimid sa chomórtas. 

Cuirtear i leith na hEoraifíse go bhfuil blocvótáil tar éis damáiste a dhéanamh don chomórtas. Maítear go bhfuil an bhlocvótáil tar éis tionchar diúltach a bheith aige ar thíortha in iarthar na hEorpa, Éire san áireamh. Ní féidir a shéanadh go gcuireann na comhghuaillíochtaí vótála idir an Ghréig agus an Chipir, agus i mBloc an Oirthir, déistin ar lucht leanúna na hEoraifíse gach bliain. Bhí sin le sonrú i mbliana le mírialtachtaí vótála a bhain leis an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, Montainéagró, an Pholainn, an Rómáin agus San Mairíne. Ach tá an nós seo ag athrú. Bíonn beagnach achan tír san Eoraifís thuas seal, thíos seal. 

Braitheann sé go mór ar chaighdeán na n-amhrán. Léirigh Sam Ryder, réalta TikTok agus iomaitheoir Briotanach na bliana seo, sin an deireadh seachtaine seo caite. Cuireadh an-iarracht isteach i mbliana le hamhránaí agus amhrán iontach a aimsiú, dualgas a tugadh do bhainisteoirí Dua Lipa, Ellie Goulding agus Lana Del Rey. Amhránaí fíorchumasach is ea é Sam Ryder, agus amhrán den scoth aige. D’éirigh leis an dara háit a bhaint amach sa chomórtas le ‘Space Man’, rud nach bhfuil déanta ag an Bhreatain ó bhí 1998 ann. Fuair sé an méid is mó pointí ón vóta giúiré agus bronnadh an méid is mó pointí a fuair an Bhreatain riamh air. 

Easpa cultúr agus féiniúlachta

Tá tús áite ag an Bhéarla sa Chomórtas Eoraifíse le blianta fada, cé go bhfuil flúirse teangacha a labhairt ar fud na mór-roinne. Bhíodh rialacha ann sna luathbhlianta a chinntigh go raibh ar gach tír amhrán ina dteanga dhúchais féin a chur ar fáil, ach cuireadh deireadh leis an nós seo sa bhliain 1999. Bhí cead ag Éirinn amhráin i mBéarla a chur isteach i gcónaí agus níl ach amhrán amháin i nGaeilge canta againn san Eoraifís go dtí seo: ‘Ceol an Ghrá’ le Sandie Jones. 

Cé go gcuireann an-chuid tíortha amhráin Bhéarla san iomaíocht, seasann na cinn i dteangacha dúchasacha amach go mór. Bhuaigh an Úcráin (2016, 2022), an Phortaingéil (2017) agus an Iodáil (2021) le hamhráin ina dteanga féin. I mbliana, sheol an Fhrainc amhrán leictreonach i mBriotáinis, chualamar suantraí Úcráinise agus cleas cóisire Moldáivise, agus chuir cur i láthair de chuid na Seirbia (amhrán faoi dhea-nósanna níochán lámh) iontas mór ar gach duine. Sheas na hamhráin uathúla seo amach. Níor tharraing go leor de na hamhráin i mBéarla an méid céanna airde. B’fhiú go mór dúinn smaoineamh ar ár dteanga agus cultúr féin a roinnt leis an Eoraip an bhliain seo chugainn. 

Bíonn taispeántas uathúil fíoréifeachtach chomh maith, rud a léirigh an Iorua le ‘Give That Wolf A Banana’, amhrán cumtha agus canta ag an ngrúpa Subwoolfer. Bhí baill an grúpa gléasta mar mhic thíre le culaithe dubha agus spéaclaí gréine. Níl a fhios againn go fóill cé atá taobh thiar de na maisc buí a chaith siad ar stáitse. 

Todhchaí na hÉireann san Eoraifís 

Tús maith é d’aon amhránaí páirt a ghlacadh sa chomórtas Eoraifíse agus dóibh siúd a bhfuil taithí acu cheana, tugann sé ardán ollmhór dóibh. Má tá sé i gceist againn theacht ar ais go tréan, caithfimid próiseas roghnaithe cuimsitheach, breis measa, scothamhrán agus uathúlacht a chur chun tosaigh an bhliain seo chugainn. Seans ansin, go mbeimid ar ais ag barr ár réime sa Chomórtas Eoraifíse arís. 

Níos mó