Leideanna ar leagan litreacha nó ríomhphoist sa saol oibre
Seachas an seoladh, bíonn an leagan céanna ag litir nó ríomhphost gnó. Seo cúpla nod ar conas litir nó ríomhphost a chur le chéile sa saol oibre.
An Seoladh agus an Dáta
Baineann sé seo amháin le litir phoist, dar ndóigh.
Cuirtear gach páirt den seoladh i nGaeilge*. | 50 Bóthar Laighean, Baile Átha Cliath |
Úsáidtear an fhoirm ‘ú’ nuair atá tú ag scríobh an dáta mar shampla 1ú, 3ú, 16ú | 17ú Bealtaine, 2022 |
*Is féidir an leagan Ghaeilge d’aon seoladh a fheiceáil ar Eircode.ie – nuair atá an seoladh cuí faighte agat, tugann an suíomh an rogha duit an leagan Gaeilge nó Béarla dó a fheiceáil:
An Beannú
Tá leaganacha foirmiúla agus níos neamhfhoirmiúla sa liosta thíos; iad le húsáid de réir na haithne atá agat ar an duine.
Moltar gan ainmneacha a aistriú ó theanga amháin go teanga eile, mura bhfuil tú cinnte go bhfuil an leagan ceart agat.
A Dhuine Uasail | Dear Sir |
A Bhean Uasal | Dear Madam |
A Uasail Séan Mac Suibhne | Dear Séan Mac Suibhne |
Don té lena mbaineann | To whom it may concern |
A Shiobhán, a chara
A Sheáin, a chara |
Dear Siobhán, Dear Seán |
Corp na litreacha
Tá liosta de nathanna úsáideacha thíos.
Go raibh maith agat as do litir/ríomhphost. | Thanks for your letter/e-mail. |
Is mian liom gearán a dhéanamh. | I would like to make a complaint. |
Ba mhaith liom cur isteach ar an bpost….. | I would like to apply for the job |
Faoi iamh gheobhaidh tú….. | Enclosed you will find… |
Iniata le seo gheobhaidh tú…….. | I would like to apply for the job |
Seol chugam foirm iarratais….. | Send me an application form |
Bhí an-díomá orm…. | I was very disappointed…… |
Tá taithí mhaith agam ar an obair sin… | I have good experience of that work…… |
Beidh mé ag súil le freagra uait go luath…. | I will be hoping for an answer from you soon |
Abairtí Clabhsúir
Moltar abairt nó dhó clabhsúir a úsáid, mar réamhrá roimh an síniú clabhsúir.
Go raibh maith agat. | Thank you |
Míle buíochas | Many thanks |
Le buíochas | With thanks |
Tugaim buíochas leat roimh ré as do chabhair | Thanks in advance for your help |
Beidh mé ag caint leat gan mhoill | I will be speaking to you soon |
Tá mé ag súil le scéal a chloisteáil uait gan mhoill | I hope to hear from you soon |
An Síniú
Is iad ‘is mise, le meas, [d’ainm]’, nó ‘Le meas, [d’ainm]’ na leaganacha is foirmiúla.
Le gach dea-ghuí | Kind regards |
Le gach dea-mhéin | Best wishes |
Le meas, | Respectfully, |
Is mise, | Yours, |
Is mise, le meas, | Yours, respectfully/sincerely, |
Ailt Ábhartha Eile
Tabharfaidh na hailt seo ar PEIG.ie níos mó cúnamh áirithe duit, agus tú ag scríobh:
- Leagan de CV samplach
- Cúig acmhainn iontacha atá ar fáil go poiblí le tacú leat agus tú i mbun pinn
- Ábhar ríomhfhoghlama atá ar fáil le cuidiú le foghlaim na Gaeilge
Foinsí an ailt seo
BitesizeIrish, Gaelbhratach, Irish Language Forum, Gallimh le Gaeilge, Machnamh