Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
saturno-200-agus-albaim-eile-na-miosa

Saturno 200 agus Albaim eile na Míosa

| Ben O Faolain | ,

Horace Andy – Midnight Rocker (On-u Sound)

Midnight Rocker by Horace Andy

Fiú mura bhfuil saothar de chuid Horace Andy ceannaithe agat riamh geallaim go n-aithneofá a ghlór binn creathánach dá gcloisfeá é. Ní hamháin go bhfuil Andy le clos ar gach ceann de chúig albam Massive Attack, má tá spéis in aon chor sa cheol reigé agat beidh sé cloiste ar bhailiúchán nó dhó agat agus é tar éis bheith ag obair le huaisle na léiritheoirí reigé ón uair a d’eisigh Clement Dodd céad singil Andy, ‘Got To Be Sure’ don lipéad íocónach Studio One siar sa bhliain 1972.

Léirithe ag laoch dub-cheoil na Breataine Adrian Sherwood (On-U Sound), is rud beag de chuairt ghaisce é ‘Midnight Rocker’ agus Andy ag tabhairt faoi leaganacha nua de mhór-rianta dá chuid mar ‘Rock To Sleep’, an ‘Materialist’ frithchaipitlíoch agus, fiú, ‘Safe From Harm’ de chuid Massive Attack. 

Mar sin féin, tá an singil frithchogaidh ‘This Must Be Hell’ ar an bport is mó a bhfuil tóir againn air sa teach seo ó thuirling Midnight Rocker i mo bhosca litreach leictreonach cúpla mí ó shin. Amhrán iontach croíúil é, a bhfuil breis céille leis ón lá a thrasnaigh tancanna na Rúise teorainn na hÚcráine. 

Bob Vylan – The Price Of Life (Ghost Theatre)

Bob Vylan Presents The Price Of Life by Bob Vylan

Cur síos nimhneach ar shaol an fhir bhoicht ghoirm i Sasana na ré iar-Bhreataimeachta atá in The Price Of Life, an dara halbam eisithe go dtí seo ag an MC punc-grime léaspach Bob Vylan. 

Tá The Price of Life punc go smior d’ainneoin go bhfuil Vylan chomh mór faoi chomaoin ag stíleanna nach bhfuil bunaithe ar an ngiotár iad –  func Pigbag (‘Wicked and Bad’), abair, hip hap Public Enemy, réabhcheol 808 State (tá liricí ‘Take That’ ráite thar ‘Cubik’ dá gcuid) agus reigé The Specials (‘Health Is Wealth’)  –  agus atá sé ag fuaim Sex Pistols nó Suicidal Tendencies.

An t-albam is feargaí a chuala le fada an lá.

Silvestre – Sossegado (Padre Himalaya)

PH008 ‘Sossegado’ by Silvestre

Léiritheoir as Lisboa atá lonnaithe in London é Joao Silvestre, agus úinéir an lipéid Papa Himalaya. 

Bíodh is go mbíonn éagsúlacht stíleanna leictreonach idir lámha ag Silvestre – grime, teicneo, house agus leictreo ina measc – bíonn blas trópaiceach éigin ar gach a eisíonn sé de dheasca, is dócha, a dhúchais Phortaingéalaigh.

Anuas ar sin, tá nós aige úsáid a bhaint as glór sampláilte an duine mar phríomh-shéis nó, ar a laghad, mar fhoth-shéis ar an bhformhór dá chuid rianta. Mar sin, cé go bhfuil na stíleanna thuasluaite ar fad le clos ar an albam début breá seo dá chuid, agus eile cinn nach iad,  gluaiseann Sossegado go haoibhinn grástúil ó thús go deireadh. 

Func teibí as taobh geall na sráide.  

Ceoltóirí Éagsúla – Saturno 2000 (Analog Africa)

Saturno 2000 – La Rebajada de Los Sonideros 1962-1983 by Los Santos

Is breá liom nuair a thugann cnuasach ceoil deis dom spléachadh a fháil ar thréimhse éigin i stair an cheoil nár chuala trácht ar riamh cheana. 

Curtha le chéile ag DJ Lengua, tugann ‘Saturno 2000’ siar go Meicsiceo na tréimhse 1962-1983 muid le blaiseadh beag a thabhairt dúinn den gceol a bhíodh á chasadh ag dioscmharcaigh (nó sonidos mar a dtugtaí orthu) na stíle La rebajada –  leithéidí Marco Antonio Cedillo agus Gabriel Dueñez. Cé gur ceirníní bríomhara cumbia aimsithe i bPeiriú, Veiniséala  agus an Cholóim a bhíodh le clos ag cóisirí sráide La rebajada bhí nós ag na dioscmharcaigh na poirt a chasadh ag luas idir 30% agus 50% níos moille ná an gnáth luas seinnte toisc nach raibh taithí ag muintir Mheicsiceo ar bheith ag rince le rithimí tapa. 

An toradh ná ceol cumbia atá rud beag níos doimhne agus síceadéalaí, rud beag cosúil le ceol reigé agus é léirithe i stíl dub gan a bheith chomh radacach. Ag an luas íseal cloiseann tú fuaimeanna nach mbeadh le clos ach ag sciatháin leathair ag an ngnáthluas. Tá na dord-línte fud beag níos lúbaí, tá diúltaíonn fuaimeanna na ndrumaí feidhmiú de rialacha na domhantarraingte agus ta blas aisteach ar ghlórtha na n-amhránaithe. 

Aisteach agus iontach.

Níos mó