Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
10 Reasons to Register to our Business Directory
Supports Available for Businesses
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Organisations
Irish Language Festivals
Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Awareness Events
5 Tips
Irish Language Books
Irish Language Podcasts
Learn
Learning Irish
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English Speaking Schools
Irish Classes for Adults
Irish Classes
Irish Services for Schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003 and the 20-Year Strategy for the Irish Language
The European Charter for Minority Languages
The 20 Year Strategy in the North
Services Available in Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Using Irish State Services
Irish Language Commissioner
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs (Europe)
Irish language jobs in Ireland
Irish Third-Level Courses
Vacancies
Information Sheet on Job Possibilities
a-mbuntaisti-fein-ag-baint-le-brunna-agus-le-bean-an-ti-o-thaobh-foghlaim-na-gaeilge-de

A mbuntáistí féin ag baint le brúnna agus le Bean an Tí ó thaobh foghlaim na Gaeilge de

D’fhéadfadh gur mó Gaeilge a d’fhoghlaimeodh scoláirí áirithe a d’fhreastalódh ar choláistí Gaeilge dá bhfanfaidís i mbrú seachas le mná agus fir tí. 

B’in cuid dá bhfuil le rá i dtuarascáil taighde nua a rinne an tOllamh Pádraig Ó Duibhir do Choláistí Chorca Dhuibhne.

Deirtear freisin sa taighde áfach go bhfuil buntáistí ar leith le baint ag scoláirí as fanacht le teaghlaigh Ghaeltachta.

Dúirt oifigeach de chuid Roinn na Gaeltachta a ghlac páirt sa taighde nach bhfuil an Roinn i bhfabhar brúnna mar réiteach ar ghanntanas ban tí agus gur cúis imní fiú go mbeifí ag smaoineamh orthu mar réiteach. 

Deirtear sa taighde nua faoi choláistí samhraidh go bhféadfadh brú a bheith “éifeachtach maidir le foghlaim na Gaeilge agus ní b’éifeachtaí ná lóistín le teaghlaigh má dhéantar bainistiú ceart air agus go leor cinnirí oilte a bheith fostaithe”.

Deirtear chomh maith, áfach, go mbaineann “luach ar leith” le córas traidisiúnta na mban tí mar go dtugann sé deis don scoláire “Gaeilge bheo nádúrtha a chloisteáil agus a shealbhú”.

Roinn iarscoláirí a dtuairimí don taighde faoi sholáthar lóistín do dhaltaí na gcoláistí samhraidh Gaeltachta amach anseo.

Ba é tuairim roinnt de na hiarscoláirí ná nach gá go mbeadh lóistín le bean a’ tí níos fearr ná lóistín i mbrú ó thaobh foghlaim na Gaeilge sa Ghaeltacht de.

Deirtear sa taighde nua faoi choláistí samhraidh go bhféadfadh brú a bheith “éifeachtach maidir le foghlaim na Gaeilge agus ní b’éifeachtaí ná lóistín le teaghlaigh má dhéantar bainistiú ceart air agus go leor cinnirí oilte a bheith fostaithe”.

Deirtear chomh maith áfach go mbaineann “luach ar leith” le córas traidisiúnta na mban tí mar go dtugann sé deis don scoláire “Gaeilge bheo nádúrtha a chloisteáil agus a shealbhú”.

Deirtear sa taighde go bhfuil feabhas na gcúrsaí, ó thaobh foghlaim na Gaeilge de, ag brath ar an bhfís atá ag stiúrthóirí agus lucht eagraithe na gcúrsaí ach go mbaineann láidreachtaí agus laigí freisin leis an dá chóras lóistín. 

Deirtear sa tuarascáil taighde go mb’fhéidir gur fearr a d’oirfeadh múnla an bhrú mar thús don scoláire óg nach mbeadh oiread sin Gaeilge foghlamtha aige.

“Tuairim shuimiúil a tháinig chun cinn ó na hiarscoláirí ná gur bhraith siad go raibh níos mó Gaeilge le foghlaim sa bhrú agus go mb’fhéidir nach raibh cuid acu réidh le leas iomlán a bhaint as na deiseanna sealbhaithe teanga le sealbhóir tí,” a deirtear sa tuarascáil Taighde ar Dhúshláin na gColáistí Samhraidh i gCorca Dhuibhne.

Cé gur minic a shamhlaítear ceangal idir tréimhse i gcoláiste Gaeilge sa Ghaeltacht agus lóistín le Bean an Tí, tá múnla an bhrú in úsáid ag roinnt coláistí ar fud na tíre. 

Mar gheall ar an easpa ban tí atá ann le tamall tá Coláistí Chorca Dhuibhne ag iarraidh brú a thógáil agus rinneadh an taighde mar chuid d’iarratas atá déanta ar Roinn na Gaeltachta ar thacaíocht chun é sin a dhéanamh.

De réir an taighde, tá suáilcí agus duáilcí ag baint leis an dá mhúnla ó thaobh foghlaim na teanga de.

Deirtear go bhféadfadh gur féidir smacht a choinneáil níos éasca ar iompar teanga na ndaltaí i mbrú mar go mbíonn ceannairí ó na coláistí ag fanacht ann leis na daltaí agus ag déanamh cinnte de go labhraítear an Ghaeilge.

Dúirt iarscoláire amháin, “bhí níos mó feitheoireachta sa bhrú agus ciallaíonn sé sin is dócha gur labhair mé níos mó Gaeilge”.

Measadh freisin go mbíonn scoláirí níos compordaí ag labhairt i nGaeilge leis na ceannairí, a bhíonn beagnach ar comhaois leo. 

Dúirt stiúrthóir coláiste Gaeilge amháin go mb’fhéidir go mbíonn scoláirí “sásta an teanga a labhairt níos mó le ceannaire atá 20 seachas le b’fhéidir sealbhóir tí atá 60 nó 70”.

In ainneoin na dtuairimí go labhraíonn daltaí níos mó Gaeilge nuair a bhíonn siad ag fanacht i mbrú, tugadh le fios go bhfuil buntáistí móra ag baint le foghlaim na teanga ó mhná agus fir tí. 

Luaigh iarscoláire amháin gur bhraith sí go bhféadfadh sí a bheith in áit ar bith sa tír ag fanacht i mbrú. 

“Níl a fhios agat go bhfuil tú i nGaeltacht X nó i nGaeltacht Y … níl aon chineál tobar ann is dócha.”

Chomh maith le tuiscint níos fearr a fháil ar chanúintí agus ar shaibhreas teanga, luaigh iarscoláirí gur thug na tréimhsí a chaith siad le teaghlaigh Ghaeltachta tuiscint níos fearr ar bheocht na teanga freisin agus gur tugadh an Ghaeilge ‘lasmuigh den seomra ranga’.

“Is cuimhin liom uair amháin bhí páistí óga ag bean an tí agus bhíomar i gcónaí ag caint leis na páistí óga agus bhí siad ag caint Gaeilge linn … cheap mé go raibh sé sin dochreidte go raibh páistí le Gaeilge … bhí sé sin an-aisteach domsa agus is dócha gur spreag sé sin an Ghaeilge ionam mar chonaic mé go raibh fíordhaoine ag baint úsáid as an teanga in Éirinn agus ní teanga scoile amháin í, is teanga beo í,” a dúirt iarscoláire eile.

Dúirt rannpháirtí eile gur chóir leas a bhaint as buntáistí an dá mhúnla agus an dá chóras lóistín a úsáid le chéile.

“B’fhéidir go mbeadh sé go maith daltaí níos óige a chur chuig an suanlios agus ansin nuair atá tuiscint níos fearr … an bhunchéim ar an nGaeilge acu, go mbeadh sé níos fearr dóibh ansin dul ar aghaidh chuig na tithe mar is taithí an-mhaith é sin agus ceapaim go mbainfeadh siad an-tairbhe as sin chomh maith,” a dúirt iarscoláire.

Deirtear sa tuarascáil gur léir ón taighde “go bhfuil ról ag an dá shaghas lóistín i bpleanáil do chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht sa todhchaí”.

Ceann de na moltaí atá sa tuarascáil ná gur chóir an ráta céanna in aghaidh an scoláire a íoc beag beann ar an gcineál lóistín ina bhfanann siad, le sealbhóir tí nó i mbrú. Faoi láthair, íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeaoirí Gaeilge €10 in aghaidh an scoláire in aghaidh na hoíche le mná agus fir tí agus íoctar €5 in aghaidh na hoíche do choláistí a chuireann lóistín ar fáil i mbrú.

Moltar freisin do Roinn na Gaeltachta tacaíocht a chur ar fáil do choincheap na mbrúnna mar rogha ag coláistí sna ceantair ina bhfuil deacrachtaí ar leith tithe lóistín a fháil. 

Níos mó